Gradam Diarmuid Mac an Adhastair le bronnadh ag an Oireachtas inniu

Is in ómós do Dhiarmuid Mac an Adhastair, an scríbhneoir agus an t-aisteoir a bhain cáil amach dá ról, i measc cuid mhaith gaiscí eile, sa sobalchlár Ros na Rún le scór blianta anuas, a bhronnfar an duais

Gradam Diarmuid Mac an Adhastair le bronnadh ag an Oireachtas inniu

Bronnfar inniu Gradam Diarmuid Mac an Adhastair ar bhuaiteoir an chomórtais ‘Agallamh Beirte Faoi 12’ ag Oireachtas na Samhna na bliana seo, atá á reáchtáil in Óstán an Gleneagle i gCill Airne.

Is in ómós do Dhiarmaid Mhic an Adhastair, an scríbhneoir agus an t-aisteoir a bhain cáil amach dá ról, i measc a chuid gaiscí eile, sa sobalchlár Ros na Rún le scór blianta anuas, a bhronnfar an duais.

Tá dealbh de húicéir na Gaillimhe deartha go speisialta ag an ealaíontóir Mike Weerakoon don ócáid.

Is é Ros na Rún féin a dhéanfaidh urraíocht ar an ngradam, a bheidh ina ócáid bhliantúil feasta. Bronnfaidh Niall Mac Eamharcaigh, nó John Joe Daly mar is fearr aithne air i Ros na Rún, an duais ar bhuaiteoir an chomórtais i mbliana.

“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar mholtóir ar an gcomórtas. Ba dhuine uasal agus aisteoir den scoth é Diarmuid, agus bhí ardmheas againn uilig air agus cronaíonn muid uainn go mór é. Tugann an comórtas seo deis iontach dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar shaol Dhiarmuda agus ómós a léiriú don oidhreacht shaibhir a d’fhág sé againn,” a dúirt Mac Eamharcaigh.

Cuirfear ceardlann drámaíochta le réalta Ros na Rún ar siúl don bhuaiteoir agus na daltaí eile uile as a rang mar chuid den duais agus bronnfar táibléad an duine ar aon bheirt a bhunóidh a n-agallamh beirte ar charachtar as Ros na Rún.

Bhásaigh Diarmuid Mac an Adhastair i mí Iúil na bliana seo caite. Bhí sé 71 bliain d’aois. Bhí sé ar Ros na Rún ó thosaigh an sobaldráma mar chlár píolótach ar RTÉ sa bhliain 1992.

Dúirt Deirdre Ní Fhlathara, Léiritheoir Sraithe an tsobalchláir, gur “onóir mhór” do chliar agus do chriú Ros na Rún an Gradam a bhronnadh.

“Bhí an aisteoireacht agus an Ghaeilge sa dúchas go smior ag Diarmuid. Ba nós leis spreagadh a thabhairt don dream óg i gcónaí, mar sin tugann an gradam seo deis iontach dúinn a spiorad agus a oidhreacht a chaomhnú,” a dúirt sí.

Seo í an dara bliain as a chéile a bheidh an duais á bronnadh ag Ros na Rún agus deir lucht an tsobalchláir go bhfuil “fás mór” tagtha ar an gcomórtas le bliain anuas.

Ba iad Éamonn Ó Ceallacháin agus Iarfhlaith Canny ó Scoil Sailearna in Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe a bhuaigh an chéad áit anuraidh.

Fág freagra ar 'Gradam Diarmuid Mac an Adhastair le bronnadh ag an Oireachtas inniu'