‘GOTV’ an rosc catha a bheidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá go ceann míosa

Tá imní ar an dá pháirtí i Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfanfaidh an pobal, go háirithe daoine óga, sa mbaile nó nach gcaithfidh siad vóta mar nach suim leo ceachtar iarrthóir

‘GOTV’ an rosc catha a bheidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá go ceann míosa

Faoi cheann míosa a thabharfaidh pobal na Stát Aontaithe aghaidh ar na bothanna vótála agus idir an dá linn tá mana nua a bheidh chun cinn i measc lucht feachtais agus straitéise. Tá ‘MAGA’ agus ‘We’re not going back’ lárnach sna feachtais ón samhradh ach anois ‘GOTV’ an mana a theastaíonn ó na comhairleoirí polaitiúla a chur chun cinn.

Ciallaíonn sé ‘Get Out the Vote’ agus is aitheantas é ar a laghad agus atá idir na hiarrthóirí sa toghchán seo. Cé go bhfuil iliomad deiseanna i Meiriceá vótáil tríd an bpost agus modhanna eile le do vóta a chaitheamh luath, timpeall 66% a chaitheann vóta. Go deimhin, bhí an tinreamh sa toghchán uachtaránachta in 2020 níos airde ná le céad bliain roimhe sin.

Tá imní ar an dá pháirtí an babhta seo go bhfanfaidh an pobal, go háirithe daoine óga, sa mbaile nó nach gcaithfidh siad vóta mar nach suim leo ceachtar iarrthóir. Tá coistí saineolaithe bunaithe ag an dá pháirtí le staidéar a dhéanamh ar na codanna sin den phobal nach gcaitheann a vóta. Tá an staidéar bunaithe ar phobalbhreitheanna faoi na codanna sin den phobal nach suim leo na hiarrthóirí – daoine de bhunadh Spáinneach, daoine dubha agus mná i gcás Donald Trump nó fir agus daoine geala atá in aghaidh an ghinmhillte i gcás Harris. Athraítear na fíricí agus bunús an taighde go rialta de réir mar a athraíonn an feachtas. Ciallaíonn sin, ar ndóigh, gurbh éigean an taighde a leasú ó bhun i mí Iúil nuair a d’éirigh Joe Biden as mar iarrthóir.

Is maith is cuimhin le go leor againn an nós a bhíodh sa tír seo ag páirtithe polaitiúla lá olltoghcháin a chinntiú go raibh síob ag daoine le dul agus a vóta a chaitheamh. Dhéantaí stocaireacht bunaithe freisin ar an eolas faoi nósanna vótála an tí agus faoi cén páirtí a mbíodh teaghlach dílis dóibh.

Tá an rud céanna amhlaidh i Meiriceá ar scála i bhfad níos mó. Ó tharla vótáil a bheith faoi lán seoil cheana féin i roinnt mhaith Stát is féidir a rá nach bhfuil ach an sciar beag sin den phobal nach bhfuil a n-intinn déanta suas go fóill acu gur féidir dul i gcion orthu faoi láthair agus gur chuige sin anois an taighde ar fad atá ar siúl ag na feachtais GOTV.

Beidh ceisteanna ar leith i stáit ar leith sna seachtainí seo romhainn – cúrsaí tionsclaíochta in Pennsylvania, an ginmhilleadh in Arizona, tuairimí an phobail Ioslamaigh in Michigan agus cúrsaí eacnamaíochta i gceantair bhochta. Beidh Daonlathaigh ag iarraidh tabhairt le fios gurb iad féin cosantóirí an daonlathais agus na gceart pearsanta. Beidh na Poblachtaigh ag iarraidh a dhearbhú in intinn daoine go mbeidh níos mór airgid ina bpócaí agus níos lú imirceach ag teacht thar teorainn má bhíonn siadsan sa Teach Bán. Thar aon ní eile, beidh siad ag iarraidh a chinntiú go dtiocfaidh aon duine a chreideann a gcuid teachtaireachtaí amach le vóta a chaitheamh mar nach bhfuil ach oiread na fríde idir na hiarrthóirí agus gur beag an líon vótaí a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach i dtoghadh an chéad Uachtaráin eile.

Fág freagra ar '‘GOTV’ an rosc catha a bheidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá go ceann míosa'