Craobh an chontae le fanacht bliain eile in oirthear Chorcaí agus na Sáirséalaigh agus Uí Mac Coille ag teacht le chéile

Beidh cluichí ceannais suimiúla freisin i gcontae an Chláir agus ó thuaidh in Aontroim agus i nDoire

Craobh an chontae le fanacht bliain eile in oirthear Chorcaí agus na Sáirséalaigh agus Uí Mac Coille ag teacht le chéile

Ciaran Joyce le Cathal McCarthy. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Comhghairdeas le Luachma Caisleán Laighnigh a thug leo Corn Dan Breen an Domhnach seo caite. Rachaidh siad chun páirce amárach chun an corn peile a chur leis. Is iontach an club iad agus de réir tuairiscí tá gach seans acu arís leis an liathróid mhór.

Amárach freisin tá craobh an chontae á imirt sa dá chontae a thug siamsaíocht thar na bearta dúinn i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana.

I gcontae an Chláir, is beag duine a cheap gurb iad an Fhiacail agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh a bheadh sa chluiche ceannais an bhliain stairiúil seo. Ach is iad a bheidh ag rith amach ar Pháirc Uí Chíosóig amárach.

Tá trí dhosaen blianta caite ó d’imir an Fhiacail a gcraobh dheireanach agus gan an cluiche ceannais féin bainte amach acu idir an dá linn. D’imir agus bhuaigh fir an Droichid a gcraobh dheireanach in 2020.

Tá taithí, stair agus traidisiún ag an Droichead agus rachaidh siad iamach ansin amárach mar rogha láidir go leor de na húdair. Ach más féidir leis an bhFiacail déileáil leis an ócáid ‘nua’ seo, caithfidh go bhfuil gach seans acu.

I gCorcaigh tá an ‘Little All Ireland’ á imirt agus an dá fhoireann ón taobh céanna den chontae sa gcluiche ceannais againn. Tá an iománaíocht thar a bheith láidir in oirthear an chontae agus an chraobh buaite ag foirne ó Uí Mac Coille dhá uair déag ó 2005, an uair dheireanach gur bhuaigh Corcaigh Craobh na hÉireann.

Níl aon fhoireann peile sa cheantar atá ag imirt sa phríomhroinn agus níl ach dhá fhoireann ann sa ghrád idirmheánach, i gcomparáid le hocht bhfoireann déag idir shinsir agus idirmheánach san iomáint. Taispeánann sé sin tábhacht agus láidreacht na hiomána sa dúiche.

I mbliana is í an fhoireann réigiúnach féin, Uí Mac Coille, agus seaimpíní 2023, na Sáirséalaigh, a bheidh ag dul chun páirce sa chluiche ceannais amárach. Fágann sin gurb iad na Sáirséalaigh a bheidh ag dul ar aghaidh chun imirt i gCraobh na Mumhan pé toradh a bheidh ann toisc nach bhfuil cead ag foirne dúiche imirt sa gcomórtas cúige.

Tá mórán taithí ag an dá fhoireann, go háirithe ag buachaillí Uí Mhic Coille, a bhuaigh trí chraobh i ndiaidh a chéile idir 2017 agus 2019.  Beidh cuid des na himreoirí a bhí ar na foirne sin ag imirt amárach, leithéidí Bill Cooper, Brian Russell, Brian Lawton agus John Cronin. Tá imreoirí óga acu freisin, Diarmuid Healy, Jack Leahy agus Timmy Wilk, triúr a bhí ar an bhfoireann faoi 20 i mbliana mara on le fir shinsir Chorcaí, Ciarán Joyce, Dáire O’Leary agus Seamus Harnedy.

Más aon slat tomhas iad na cluichí leathcheannais, ceapaim go mbeidh an lámh in uachtar ag Uí Mac Coille. Ach mar sin féin, ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne. Bhuaigh na Sáirséalaigh an cluiche leathcheannais eatarthu anuraidh tar éis am breise. Seans go dtógfaidh sé an-iarracht go dtí an fheadóg dheireanach an ceann seo a bhuachan chomh maith.

Ó thuaidh, tá ceann scríbe sroichte in Aontroim agus i gcontae Dhoire. Níor luaigh mé Sleacht Néill Dhoire ar chúis éigin nuair a bhí mé ag scríobh faoin ghreim daingean atá ag foirne áirithe ar chraobh a gcontaetha le gairid agus tá an cumann iontach Gaelach sin sa tóir ar an dara craobh déag as a chéile nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bheannchar amárach. Tá foireann camógaíochta an chumainn ag iarraidh a deichiú craobh as a chéile a bhuachan inniu freisin agus gheallfainn gur i Sleacht Néill a bheidh an dá chorn ag fanacht bliain eile ar a laghad.

In Aontroim, is iad Ruairí Óg as Bun Abhann Dalla, seaimpíní 2023, agus Cú Chulainn, Dún Lathaí a bheidh ag dul chun páirce amárach. Bhíodar sa ghrúpa céanna sna réamhbhabhtaí agus bhí ocht gcúilín le spáráil ag fir Bhun Abhann Dalla sa choimhlint sin. Bhuaigh Dún Lathaí ceithre chraobh as a chéile idir 2019 agus 2022, áfach, agus is dócha nach mbeidh mórán idir na fathaigh seo.

Fág freagra ar 'Craobh an chontae le fanacht bliain eile in oirthear Chorcaí agus na Sáirséalaigh agus Uí Mac Coille ag teacht le chéile'