Ábhar a insíonn scéal na gConallach a chuaigh ar imirce go hAlbain á lorg do thaispeántas

Bainfidh an taispeántas, atá le bheith ar siúl i Leitir Ceanainn an bhliain seo chugainn, leis na mná agus na fir a chuaigh ag obair in Albain idir na blianta 1940 agus 1990

Ábhar a insíonn scéal na gConallach a chuaigh ar imirce go hAlbain á lorg do thaispeántas

Tá grianghraif agus cáipéisí á lorg ag Comhairle Contae Dhún na nGall ó dhaoine as Gaeltacht an chontae a chaith seal in Albain do “mhórthaispeántas” faoi stair na himirce ó Dhún na nGall go hAlbain le linn an chéid seo caite.

Bainfidh an taispeántas leis na mná agus na fir a chuaigh ag obair in Albain idir na blianta 1940 agus 1990 agus cuirfear san áireamh ann na daoine a d’aistrigh sall go fadtéarmach agus na daoine a bhíodh ag spailpínteacht nó ag obair thall go séasúrach.

Táthar ag súil go dtabharfar spléachadh ar an “gcomhthéacs stairiúil, cúinsí oibre agus cineál fostaíochta” a bhí ag fir agus mná as Dún na nGall in Albain sa chéad seo caite. Táthar sa tóir ar “ghrianghraif…cáipéisí agus earraí beaga” a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den taispeántas a sheolfar i Músaem Chontae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn an bhliain seo chugainn.

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le hIonad Mellon don Léann Imirce atá ag cur an taispeántais ina chéile agus díreoidh sé ar réimse leathan earnálacha oibre – na feirmeacha, an t-iarnród, obair thógála, tograí innealtóireachta amhail tolláin, droichid, dambaí agus scéimeanna hidrileictreachais; saoirseacht bád; seirbhís tí; óstaíocht, coinneáil siopaí; monarchana brioscaí agus seacláide; an tseirbhís sláinte; an bheatha chrábhaidh; agus an mhúinteoireacht.

Reáchtáil an Chomhairle Contae agus Ionad Mellon trí sheisiún bailithe ábhar i nGlaschú agus i nDún Éideann ag tús na míosa seo. Tugadh eolas do phobal Conallach na hAlban faoin togra ag na seisiún sin, scanadh grianghraif agus cáipéisí eile a bhí acu, agus rinne taifead dá gcuimhní cinn ar an saol oibre in Albain.

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, Joseph Gallagher, go raibh “freagairt mhaith” ar achainí na Comhairle ar ábhar don taispeántas ach gur theastaigh uathu níos mó fós a chloisteáil ó na fir agus mná a chuaigh anonn.

“Reáchtáladh na seisiúin bualadh isteach i Músaem Sacair na hAlban i nGlaschú, i gCumann Comhlachais na Cathrach i nGlaschú, agus i gConsalacht na hÉireann i nDún Éideann. Tá muid an-bhuíoch de Chonsalacht na hÉireann, Cumann Comhlachais Chathair Ghlaschú, agus Grúpa Diaspóra na gConallach in Albain as an gcuairt a éascú. Bhí iar-chúl báire na hÉireann agus na gCeilteach Packie Bonner, atá ina Ambasadóir Diaspóra Dhún na nGall, i láthair ag gach ócáid.
“D’fhreastail os cionn 170 duine ar na hócáidí agus scanamar tuairim is 190 grianghraf agus cáipéis, agus rinneamar taifead ar chuimhní cinn 30 duine as Dún na nGall a d’oibríodh in Albain,” a dúirt Gallagher.

Is féidir le duine ar bith a bhfuil grianghraif, cáipéisí, nó earraí beaga a d’fhéadfaí a chur ar taispeáint teagmháil a dhéanamh le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall trí ghlao a chur ar an gComhairle Contae.

Fág freagra ar 'Ábhar a insíonn scéal na gConallach a chuaigh ar imirce go hAlbain á lorg do thaispeántas'