GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Mí na mBan

Mí Márta 2024, chuir lucht Leabharlann Chaisil sraith imeachtaí saor in aisce ar siúl i gcaitheamh na míosa lena ndearnadh ceiliúradh ar mhná, imeachtaí a bhí oscailte don uile dhuine beag beann ar a bhforainm

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Mí na mBan

Mí Márta 2024, chuir lucht Leabharlann Chaisil sraith imeachtaí saor in aisce ar siúl i gcaitheamh na míosa lena ndearnadh ceiliúradh ar mhná, imeachtaí a bhí oscailte don uile dhuine beag beann ar a bhforainm. Is iad an chruthaitheacht agus an pobal atá mar phríomhchúram don fhealsúnacht rannpháirtíochta atá againn lenár bpátrúin. Féachaimid le tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí uile na leabharlainne chun barr a gcumais a bhaint amach trí mheán na cruthaitheachta agus trí sin a dhéanamh, folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is ar an 8ú Márta a thiteann Lá Idirnáisiúnta na mBan, agus ó tharla gur sa mhí sin atá Lá na Máithreacha chomh maith, is é an t-am is fearr le ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí na mban.

Leis an tionscadal seo, tugtar le chéile roinnt snáitheanna éagsúla lena n-áirítear déanamh seodra ó ábhair athchúrsáilte, ceardaíocht, luibheanna, scríbhneoireacht chruthaitheach, cuairteanna údar, ceol na ndaoine, damhsa, dealbhóireacht, sláinte na mban, stair agus  ginealas na mban le mná den uile chreideamh agus den uile náisiúntacht sa cheantar.  Rinne saineolaithe áitiúla i réimse na n-ealaíon, na hoidhreachta, na leabharlann, na fiontraíochta agus na rannpháirtíochta pobail na ceardlanna seo a éascú, lena gcothaítear comhoibriú agus lena spreagtar tionscnaimh nua.

Leis an réimse leathan gníomhaíochtaí cruthaitheachta a cuireadh ar siúl, tarraingíodh os cionn 200 rannpháirtí, agus fuarthas aiseolas den scoth ina leith.

“Ba smaoineamh iontach iad na ceardlanna Stone Mad, d’fhoghlaim mé an t-uafás faoi dhearaí a chruthú. Ní duine iontach ‘ealaíonta’ mé, ach bhain mé an oiread sin taitnimh as agus is cinnte go ndéanfainn arís é.”

Cuairt údair – Eimear Ryan

“Bhí áthas an domhain orm a bheith in ann Eimear Ryan, an t-údar a bhfuil gradaim buaite aici, a chloisteáil agus í ag léamh óna beathaisnéis, The Grass Ceiling, agus ag labhairt faoina cuid scríbhneoireachta. Tá sé iontach ar fad imeacht den sórt sin a bheith ar fáil saor in aisce i mo leabharlann áitiúil.”

Is mian linn buíochas a ghabháil le hÉire Ildánach as tacú leis na himeachtaí seo.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Mí na mBan'