Tá rogha iontach fairsing de ghníomhaíochtaí agus de nithe is díol spéise ar fáil i bhFine Gall, amhail na tránna gainimh atá ann, na gnéithe oidhreachta, agus na sráidbhailte agus bailte bríomhara.
- Téigh chuig an Trá
Le 88km san iomlán de chósta sa cheantar, tá trí inbhear cosanta, gnáthóga réisc goirt agus 13 trá mhóra i bhFine Gall – mar sin, ní bheidh deacracht ar bith agat suíomh a aimsiú a thaitneoidh leis an uile dhuine sa teaghlach. Chomh maith le háiteanna snámha a bhfuil cáil orthu i bPort Mearnóg agus i gceantar Mhullach Íde, tá tránna gainimh áille i bPort Reachrann, Domhnach Bat, na Sceirí, Loch Sionnaigh agus Baile Brigín freisin!
- Bain lán do dhá shúil as na radhairc ar Shiúlóid Aille
Déan do chuid céimeanna, fad a bhaineann tú sult as radhairc ar Bhá Bhaile Átha Cliath nach ndéanfaidh tú dearmad go brách orthu. Bíonn conair aille Bhinn Éadair ag mealladh cnocadóirí ag a bhfuil cumas agus taithí éagsúil i gcónaí, le ceithre bhealach lúibe a bhfuil achair éagsúla i gceist leo. Más bealach beagáinín níos ciúine atá uait, smaoinigh ar an tsiúlóid cois cósta ón Ros go dtí na Sceirí a dhéanamh.
- Téigh ag Taiscéalaíocht ar Rothar
Ó leibhéal na farraige go dtí barr na gcnoc, tá réimse iontach roghanna rothaíochta ar fáil ar fud Fhine Gall – lena n-áirítear bealaí a osclaíodh le déanaí mar chuid de chlár uaillmhianach forbartha glasbhealaí Chomhairle Contae Fhine Gall. I gcás na rothaithe a bhfuil níos mó taithí acu, is iontach an dúshlán é Ceann Bhinn Éadair, agus tá radhairc a bhainfidh an anáil díot ann leis. Tá bealaí den scoth isteach ón gcósta freisin, amhail conair na Canálach Ríoga trí Bhaile Átha Cliath 15.
- Téigh siar san am atá caite i gCaisleán
Tá an t-uafás roghanna agat ó thaobh caisleán agus tithe stairiúla i bhFine Gall. Chun lá spéisiúil lán le spraoi a bheith agat leis an teaghlach, téigh go Caisleán Mhullach Íde, Teach an Droichid Nua nó Caisleán Ard Giolláin, mar ar féidir turais a dhéanamh agus ina bhfuil fearann álainn páirce agus páirceanna spraoi den chéad scoth. Gar go leor d’aerfort Bhaile Átha Cliath, tá Caisleán Shoird, inar féidir leat iniúchadh a dhéanamh ar bhreis is 800 bliain den stair. Bí cinnte breathnú ar an taobh amuigh de Chaisleán Bhrí Mór agus de Chaisleán Bhinn Éadair araon freisin.
- Déan Cineál Ort Féin agus Tú ag Siopadóireacht
Tá réimse leathan roghanna siopadóireachta ann i bhFine Gall, lena n-áirítear ionaid mhóra spleodracha siopadóireachta ar nós Pailliúin Shoird nó Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Tá rogha iontach siopaí bia agus deochanna, siopaí éadaí, agus a thuilleadh nach iad ar fáil i sráidbhailte agus bailte Fhine Gall freisin – a bhfuil na teaghlaigh chéanna i bhfeighil cuid acu leis na glúnta anuas. Tá clú ar leith mar áit mhór siopadóireacht ar Shráidbhaile Mhullach Íde, ina bhfuil búitící a bhfuil gean orthu. Tá flúirse áiteanna i bhFine Gall chun togha agus rogha an bhia a fháil, áiteanna a thugann tús áite do chomhábhair a fuarthas go háitiúil is a shásóidh an uile dhuine. Cibé dúil a bheith agat i scoth an bhia, nó fonn bia sráide, nó táirgí úra feirme ó shiopaí áille feirme a bheith uait, cinntítear le biaiste chósta agus torthúlacht thalamh feirme Fhine Gall go mbíonn raon leathan roghanna ar fáil. Idir bhialanna bia mara ardchaighdeáin agus siopaí iasc agus sceallóga cois cósta, tá an dea-bhia i ndán don uile dhuine i bhFine Gall.
- Téigh sa Seans le Spóirt Uisce
Is beag bealach chun sult a bhaint as an gcósta a sháródh spóirt uisce, agus tá raon gníomhaíochtaí corraitheacha ar fáil do dhíograiseoirí spóirt de gach aois i bhFine Gall – lena n-áirítear clubanna seoltóireachta i mBinn Éadair, i Mullach Íde agus sna Sceirí; cadhcáil farraige le radhairc ar Theach Solais Dhún Criofainn agus Oileán na Sceirí; gaothshurfáil ar Inbhear an Mhóinéir Leathain; agus turais seaschéaslóireachta le dul faoi na gréine.
- Bain sult as an Stair agus an Oidhreacht
Bíonn lucht spéise na staire ag cruinniú i gceantar Fhine Gall, agus ní haon ionadh é sin! Mar aon leis an rogha iontach caisleán, is féidir leat iniúchadh a dhéanamh ar stair ársa na hÉireann ag Uaigh Éadaoine, tuama ursanach lonnaithe i nDiméin Chaisleán Bhinn Éadair. Tá Muileann na Sceirí ann freisin, atá aitheanta go forleathan, agus a bhfuil dhá mhuileann gaoithe, muileann uisce amháin agus turas stairiúil bácúis i gceist leis, nó d’fhéadfá conairí siúlóide oidhreachta digiteacha i mBaile Brigín, Caisleán Cnucha nó Mullach Íde a íoslódáil saor in aisce ar aip Dublin Discovery Trails, chun beocht a chur sa stair agus sa bhéaloideas a bhaineann leis na bailte seo. Is féidir léargas breá a fháil ar oidhreacht chultúir an cheantair sna hionaid ealaíon mór le rá atá ann, lena n-áirítear Ionad Ealaíon Séamus Ennis san Aill, An Fhuiseog i mBaile Brigín agus Draíocht i mBaile Bhlainséir.
- Athcheangail leis an Dúlra ar an bhFeirm
In ainneoin go bhfuil sé an-chóngarach do lár na cathrach, tá cuid den talamh talmhaíochta is fearr sa tír i bhFine Gall, agus fástar go leor glasraí agus gránbharr sa cheantar. Cé fáth nach dtabharfá cuairt ar fheirm oibre? Téigh go Teach agus Feirm an Droichid Nua i nDomhnach Bat – áit a bhfuil ba, gabhair, muca, lachain, caoirigh agus capaill.
- Tabhair Cuairt ar Chéad Iarsmalann Iarnróid Mionsamhla na hÉireann
Daoine ar aoibhinn leo iarnród mionsamhla bainfidh siad an-phléisiúr as lá ag Iarsmalann Iarnróid Mionsamhla an Chasaíne i Mullach Íde. Féach ar an mbailiúchán aitheanta a rinne Cyril Fry go sciliúil, atá coinnithe i dteachín an Chasaíne – ceann de na teachíní ceann tuí atá sa tír seo.
- Téigh ag Spaisteoireacht feadh Uiscebhealaí Cheantar Bhaile Bhlainséir/Chaisleán Cnucha
Tá trí uiscebhealach i gceantar Bhaile Bhlainséir/Chaisleán Cnucha: an Tulcha, an Chanáil Ríoga, agus an Life – atá suite go deas idir cnoic faoi chrainn. Ba cheart duit breathnú ar na foirgnimh in aice láimhe freisin a bhfuil tábhacht leo ó thaobh na staire de, amhail Caisleán Bhaile Lotrail agus Muilte Shackleton.
Chun léargas eile a fháil ar an gceantar, téigh chuig fingal.ie/visitor
An Sléibhteoir
Cuma an-spéisiúil ar na láithreáin staire. Rachaidh mé amach chun féachaint ar na caisleáin sin cinnte
JP
Bhí a leithéid seo ag teastáil uaim le fada. Rothaí mé agus m’aghaidh á tabhairt agam ar BÁC don deireadh seachtaine mór spóirt seo.
Is iontach go deo í mar chathair, ní chloistear ach drochscéalta mar gheall uirthi go ró-mhinic.
Ard-chathair.