Tá fáilte roimh lucht léinn, lucht taighde agus roimh an ngnáthphobal súil a chaitheamh ar an ábhar fairsing atá i gCartlann Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe anois agus an taisce seodmhar seolta go hoifigiúil.
Sheol coimeádaí Chonradh na Gaeilge, Jamie Mac Fheargail, an chartlann in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna le déanaí. Bhí foireann agus baill an Chonartha cruinnithe san ionad in éineacht le muintir Charna do Thionól Gaeltachta na heagraíochta a reáchtáladh in Iorras Aithneach an deireadh seachtaine seo caite.
Dúirt Mac Fheargail go mbeidh fáilte roimh gach duine cuairt a thabhairt ar an gcartlann san ollscoil agus súil a chaitheamh ar a bhfuil cnuasaithe inti, ach scéala a chur chuige féin roimh ré.
Bhí an scríbhneoir agus an scoláire Aingeal Ní Chualáin, as Iorras Aithneach, agus an t-ealaíontóir ilmheán Risteard Ó hAodha, as Cathair na Mart, i láthair ag an seoladh freisin agus thug spléachadh ar ábhar na cartlainne agus ar a saothar féin.
Tá taispeántas nua idirghníomhach faoin gcartlann curtha le chéile ag Mac Fheargail agus tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge an taispeántas a thabhairt ar camchuairt sna míonna amach romhainn.
Fógraíodh i mí Feabhra na bliana 2017 go gcuirfí ord agus eagar ar Chartlann Chonradh na Gaeilge agus fuarthas maoiniú le tabhairt faoin obair sin sna blianta ó shin. Bhí sé i gceist ón tús go gcuirfí ábhar stairiúil an Chonartha, nach bhfacthas le blianta fada, os comhair an phobail arís.
Ba é iarchoimeádaí Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin, a chuir tús leis an obair mhór chun an chartlann a chur os comhair an phobail agus tá an obair sin anois á cur i gcrích ag Mac Fheargail, a tháinig i gcomharbacht ar Ó Seireadáin tamall ó shin.
Bhí ábhar na cartlainne scaipthe in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann, ach formhór di coinnithe sa Leabharlann Náisiúnta ar Shráid Chill Dara agus i gceannáras an Chonartha féin ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.
Socraíodh níos deireanaí in 2017 gur in Ollscoil na Gaillimhe a choinneofaí feasta an chartlann. Tugadh an chartlann ar láimh don ollscoil agus ceapadh an cartlannaí Niamh Ní Charra le haire a thabhairt don bhailiúchán luachmhar agus le tabhairt faoin obair mhór catalógaithe agus digitithe.
Faoi dheireadh na bliana seo caite bhí na scórtha míle mír digitithe ag foireann na cartlainne. Cuireadh tús leis an tionscadal digitithe in 2021 agus tá an obair sin fós ag dul ar aghaidh. Tá tuairim is 600,000 mír ar fad sa chartlann. Baineann an t-ábhar le gníomhaíochtaí, feachtasaíocht agus a bhfuil bainte amach ag an eagraíocht ó bunaíodh í in 1893, agus tá léargas ar fáil san ábhar ar mhóreachtraí i stair na heagraíochta agus i stair na tíre féin.
I measc na ndaoine a bhfuil ábhar a bhaineann leo i gCartlann Chonradh na Gaeilge tá leithéidí Dhubhghlais de hÍde, Pádraig Mac Piarais, agus Tomás Ághas. Tá cáipéisí ann chomh maith ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na hÉireann, gearrthóga nuachtán agus ábhar a bhain le feachtais éagsúla a eagraíodh in imeacht na mblianta.
Fág freagra ar 'Fáilte roimh chách cuairt a thabhairt ar chartlann Chonradh na Gaeilge'