Tá an chéad cheann riamh d’Fhéile Gníomhaithe ar son na hAeráide Laoise seolta ag Comhairle Chontae Laoise, a bheidh ar siúl sa chontae ón 6 go dtí an 23 Deireadh Fómhair.
Tá sé d’aidhm ag an bhféile, a mbeidh 50 imeacht éagsúil ar fud an chontae ar siúl mar chuid di, gníomhú ar son na haeráide a spreagadh, aird a tharraingt ar an inbhuanaitheacht agus obair iontach na gcomhpháirtithe áitiúla a léiriú. Léiríonn an clár, atá curtha le chéile ag lucht na Rannóige nuabhunaithe Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Chontae Laoise, réimse tionscnamh dearfach don aeráid a leagadh amach chun an pobal ar fad a mhealladh chun páirt a ghlacadh san iarracht todhchaí níos glaise a mhúnlú, agus an rud is fearr ar fad faoi ná go mbeidh gach imeacht saor in aisce le freastal air.
Seoladh an fhéile go hoifigiúil le grianghraf ina bhfuil róbait uaschúrsáilte, a chruthaigh Bernard Brady ón Portarlington Art Collective. Leis na róbait seo, atá déanta go hiomlán as ábhair athúsáidte, léirítear príomhtheachtaireacht na féile, is é sin dramhaíl a laghdú tríd an gcruthaitheacht. Is siombailí cumhachtachacha iad na róbait de na bealaí nuálacha ar féidir dramhaíl a athshamhlú agus a athúsáid.
Ag labhairt di faoin bhféile, dúirt Suzanne Dempsey, Comhordaitheoir Gníomhaithe ar son na hAeráide le Comhairle Chontae Laoise: “Ní hamháin gur ardán é Féile Gníomhaithe ar son na hAeráide Laoise chun feasacht a mhúscailt ach is ceiliúradh é ar an obair iontach atá á déanamh inár bpobal chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Chuir foireann Rannóg Gníomhaithe ar son na hAeráide nuabhunaithe an clár le chéile go cúramach chun aird a tharraingt ar iarrachtaí áitiúla agus chun an pobal a mhealladh ar bhealaí cruthaitheacha fiúntacha. Táimid bródúil agus 50 imeacht á léiriú againn ina mbeidh rud éigin ar fáil don uile dhuine, chun iarracht chomhchoiteann a spreagadh i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe.”
Áirítear ar sceideal fairsing na féile réimse ceardlann, seimineár, agus seisiún cruthaitheach, amhail plé ar bhithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht i scoileanna, tionscadail uaschúrsála agus siúlóidí dúlra. Beidh go leor de na himeachtaí á gcur i láthair ag eagraíochtaí áitiúla, lena n-áirítear PPN, The Cube, Leabharlanna Laoise, Comhpháirtíocht Laoise, agus Comhghuaillíocht Sheomra Laoise, chun deiseanna oideachais agus taithí phraiticiúil a chur ar fáil do rannpháirtithe. I measc na n-imeachtaí suntasacha a bheidh ar siúl, tá an Club Manglam Aeráide, céadléiriú ar Mrs. Robinson i gCo. Laoise, agus seó grinn Colm O’Regan ‘Climate Worrier’, ina measctar siamsaíocht le plé criticiúil i dtaobh gníomhú ar son na haeráide.
Dúirt Simon Walton, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Chontae Laoise: “Is tionscnamh lárnach í Féile Gníomhaithe ar son na hAeráide Laoise i ndáil le tiomantas na Comhairle aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide ag an leibhéal áitiúil. Léiríonn sé an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh maidir le tionscadail dhearfacha don aeráid a chothú agus an pobal níos leithne a mhealladh. Tá clár cuimsitheach curtha le chéile ag an Rannóg nuabhunaithe Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus ní hamháin go músclaítear feasacht leis ach cuirtear ár gcomhpháirtithe agus an pobal san áireamh go gníomhach i múnlú todhchaí inbhuanaithe. Táimid muiníneach go mbeidh tionchar fadtéarmach ag an bhféile seo, agus go spreagfar gníomh fiúntach ar fud an chontae dá barr.”
Le Féile Gníomhaithe ar son na hAeráide Laoise, cuirfear réimse éagsúil gníomhaíochtaí ar fáil a shásófaí gach cineál suime agus gach aoisghrúpa, ag cinntiú go mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh i ngníomhartha dearfacha don aeráid. Bíodh sé trí cheardlanna idirghníomhacha, plé léirsteanach, nó taispeántais chruthaitheacha, leis an bhféile seo cuirfear ardán ar fáil don fhoghlaim, don nuálaíocht, agus don rannpháirtíocht phobail.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fhéile Gníomhaithe ar son na hAeráide Laoise agus chun imeachtaí a chur in áirithe, téigh chuig https://laois.ie/laois-climate-action-festival/.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile spleodrach úrnua seolta i Laois'