GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Eagarthóirí á n-earcú le haghaidh foclóirí nua Gaeilge agus Gaeilge-Béarla 

Tá i gceist suas le trí cheapachán a dhéanamh do phoist lánaimseartha ar chonarthaí seasta cúig bliana

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Eagarthóirí á n-earcú le haghaidh foclóirí nua Gaeilge agus Gaeilge-Béarla 

Tá Foras na Gaeilge ag lorg eagarthóirí le haghaidh tionscadal nua foclóireachta ina bhfuil i gceist dhá mhórfhoclóir nua a fhoilsiú, foclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla. Tá i gceist suas le trí cheapachán a dhéanamh do phoist lánaimseartha ar chonarthaí seasta cúig bliana, agus beidh an fhoireann nua foclóireachta ag tabhairt faoina gcúram i mí Mheán Fómhair. Is in oifigí Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair agus i mBaile Átha Cliath a bheidh na poist lonnaithe ach beidh deiseanna obair chumaisc ar fáil do na daoine a cheapfar.

Is dea-scéala don teanga é go bhfuiltear ag tabhairt faoin dá fhoclóir seo, arsa Pádraig Ó Mianáin, Príomheagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge. “Tá a fhios ag cách go raibh agus go bhfuil an soláthar foclóireachta comhaimseartha sa Ghaeilge thar a bheith easnamhach, agus cé gur líonadh cuid den bhearna sin le foilsiú an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, aithnítear nach raibh ann sin ach ‘tús maith trian na hoibre’, mar a déarfá. Má tá an Ghaeilge le feidhmiú mar theanga acmhainneach nua-aimseartha, tá géarghá freisin le foclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge agus le foclóir comhaimseartha Gaeilge-Béarla.

Anuas air sin uilig, léiríodh éileamh mór le haghaidh foclóir aonteangach Gaeilge ag an Siompóisiam Foclóireachta a reáchtáil muid anuraidh. Bhí idir lucht oideachais, lucht na meán agus phobal na teanga i gcoitinne go láidir den tuairim go raibh géarghá le foclóir dá leithéid. Faoin am a mbeidh an tionscadal nua seo i gcrích, mar shampla, beidh Foclóir Uí Dhónaill féin caoga bliain as dáta. Tá Foras na Gaeilge ag súil, nuair a bheidh na foclóirí nua ar fáil in éineacht leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge, go mbeidh an Ghaeilge ar comhchéim le haon mhórtheanga eile ó thaobh acmhainní foclóireachta de.”

Cé gur ar líne agus mar aip atá i gceist na foclóirí nua a fhoilsiú, beidh siad araon ar aon mhéid ó thaobh cion ábhair de leis an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge a foilsíodh in 2020 – timpeall 30,000 iontráil agus 80,000 brí. Le breis is bliain anuas, tá go leor taighde agus réamhullmhúcháin ar siúl chun dúshraith fheidhmiúil a chur faoin tionscadal nua, arsa Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.

“Thapaíomar an deis chun tabhairt faoin réamhobair ar leagan amach agus tástáil an bhunachair foclóireachta, roghnú agus aicmiú an ábhair, corpas nua foclóireachta a chruthú, srl, chun a dheimhniú go mbeidh an fhoireann nua in ann luí isteach ar a gcúram ón bhfíorthús. Leis an taithí atá faighte againn ó thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, táimid in ann go leor réamhchéimeanna a chur i gcrích chun táirgeadh an ábhair agus obair na foirne a éascú a oiread is féidir.”

Taobh amuigh de na poist atá i gceist san fhógra seo, tá i gceist ag Foras na Gaeilge painéal d’eagarthóirí seachtracha a chur le chéile amach sa samhradh.

Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais faoi na poist le fáil ag forasnagaeilge.ie/foluntais. Is é Dé Luain 23 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Eagarthóirí á n-earcú le haghaidh foclóirí nua Gaeilge agus Gaeilge-Béarla '