GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Clár nua faoin aisteoir mór le rá Cyril Cusack le craoladh Lá Nollag ar TG4

Is é Cyril Cusack duine de na haisteoirí ab fhearr a bhí riamh againn. Thosaigh a ghairm fhada le linn luathlaethanta scannáin thostacha na hÉireann agus d’éirigh leis an lucht féachana a mhealladh ina dhiaidh sin ar an stáitse, ar an scáileán agus ar an teilifís. Bhí tóir ag go leor glúnta éagsúla ar Cusack le linn a ghairm 75 bliana. Do roinnt glúnta acu ba réalta scannáin é a bhí le feiceáil i mórscánnáin Hollywood. Do ghlúnta eile ba é Uncle Peter é in GLENROE. B’aisteoir, file, drámadóir agus fear mór Gaeilge a bhí ann.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Clár nua faoin aisteoir mór le rá Cyril Cusack le craoladh Lá Nollag ar TG4
CYRIL CUSACK: LÁR AN STÁITSE
Lá Nollag ar TG4 ag 9.30pm

Bhí Cyril Cusack ar dhuine de na haisteoirí ab fhearr a bhí riamh againn. Thosaigh sé ar a ghairm le linn luathlaethanta scannáin thostacha na hÉireann agus d’éirigh leis an lucht féachana a mhealladh ina dhiaidh sin ar an stáitse, ar an scáileán agus ar an teilifís. Bhí tóir ag go leor glúnta éagsúla ar Cusack le linn a 75 bliain lena ghairm. Do roinnt acusan ba réalta scannáin é a bhí le feiceáil i mórscannáin Hollywood. Do ghlúnta eile ba é Uncle Peter é in GLENROE. B’aisteoir, file, drámadóir agus fear mór Gaeilge a bhí ann.

Chuir sé tús lena chuid aisteoireachta ar an scáileán agus gan é ach 8 mbliana d’aois i gceann de na chéad scannáin a taifeadadh riamh in Éirinn, an mórscannán tostach Knocknago agus tabharfar léargas sa chlár faisnéise seo ar na scannáin a rinne sé in éineacht le James Mason in Odd Man Out, Richard Burton in The Spy Who Came in From the Cold, Edward Fox in The Day of the Jackal, chomh maith leis na sárscannáin amhail 1984, Harold and Maude, Fahrenheit 451 agus My Left Foot.

Faiu agallamh ar an chlár seo beidh a chlann, Paul, Pádraig, Sinéad, Sorcha, Niamh agus Catherine Cusack, a mhac cleamhnais Jeremy Irons, chomh maith leis na haisteoirí Stephen Rea, Máire Ní Ghráinne agus Bríd Ní Neachtain, agus na stiúrthóirí Bob Quinn agus Jim Sheridan.

Is éard a dúirt Jeremy Irons faoi Cyril ná “go raibh sé de chumas ann aird an lucht féachana a mhealladh agus gan a fhios acu céard a bhí ar intinn aige nó céard a bhí sé ar tí a dhéanamh ach go raibh a fhios acu go raibh rud éigin ar tí tarlú. B’onóir dom aithne a bheith agam air.”

“D’athraigh sé an stíl aisteoireachta a bhí in Amharclann na Mainistreach” a deir Jim Sheridan a stiúir My Left Foot. “Aisteoireacht éasca, réidh, stiletto, ar nós a bheith ag aisteoireacht agus sáilín ghéar ina lámh aige a d’fhéadfadh tú a scríobadh pointe ar bith. Mar sin cé gur duine séimh a bhí ann, bhí an dainséar beag seo ag baint leis freisin.”

Tráchtfaidh a iníon Sinéad faoin drochmheas a bhí aige ar stiúrthóirí – “Ní dóigh liom gur chreid m’athair riamh go raibh gá le stiúrthóirí. Tá mé ag ceapadh gur chuir seisean a mhuinín sa téacs agus i gcumas na n-aisteoirí ciall a bhaint as.”

Beidh grianghraif den teaghlach, chomh maith le hagallaimh lena chlann iníonacha agus mhac agus na buaicphointí óna ghairm fhada sa chlár faisnéise seo ar léargas údarásach é ar dhuine de na haisteoirí ab fhearr a bhí riamh againn.

Ghlac se páirt i mbreis is 130 scannán agus clár teilifíse agus bhí an-tóir ag lucht scannánaíochta air sa Ríocht Aontaithe agus in Hollywood araon. Dúirt Richard Burton go raibh sé ar dhuine de na haisteoirí ab fhearr lena raibh sé ag aisteoireacht riamh.

Tabharfar spléachadh sa chlár faisnéise freisin ar an ngairm iontach ar stáitse a bhí aige i ndrámaí amhail The Playboy of the Western World, The Plough and the Stars agus an dráma cáiliúil Three Sisters, a raibh triúr dá chuid iníonacha ag aisteoireacht ann ina theannta.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Clár nua faoin aisteoir mór le rá Cyril Cusack le craoladh Lá Nollag ar TG4'