Osclófar cuid eile de Ghlasbhealach Chiarraí Theas don phobal Dé hAoine, a chuirfidh dhá chiliméadar eile leis an tsaoráid idir Gleann Beithe agus Stad an tSléibhe. Is é seo an tríú cuid den ghlasbhealach a osclaíodh le sé mhí anuas agus ciallaíonn sé go mbeidh nach mór 10km den tsaoráid siúil agus rothaíochta oscailte don phobal ón deireadh seachtaine seo amach.
Tabharfaidh an chuid bhreise nua 2.2km idir an clárchosán nua ag Stad an tSléibhe agus Teachín Uí Ghríofa i gCill Choimhtheach in aice le bóthar an N70 an fad iomlán atá ar fáil anois do choisithe agus do rothaithe ó cheann conaire Ghleann Beithe go 6.2km. Cuimsíonn an chuid seo clárchosán ardaithe 100 méadar óna dtugtar radhairc fhairsinge ar an tuath mórthimpeall.
Mhol Cathaoirleach Cheantar Bardasach Neidín, an Comhairleoir Norma Moriarty, an oscailt an deireadh seachtaine seo mar spreagadh iontach roimh shéasúr an tsamhraidh.
“Ag teacht díreach roimh Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc mhí an Mheithimh, is cloch mhíle iontach eile é seo do Ghlasbhealach Chiarraí Theas agus os cionn aon trian den bhealach ceadaithe oscailte don phobal anois. Tá dul chun cinn iontach déanta le sé mhí anuas maidir le hobair a chur i gcrích ar an nglasbhealach agus mholfainn do gach duine taitneamh a bhaint as an áis nua sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn,” a dúirt an Comhairleoir Moriarty.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt arís d’úinéirí talún áitiúla as a gcomhoibriú agus a dtacaíocht chomh maith lenár gcomhpháirtithe sa Roinn Iompair agus i mBonneagar Iompair Éireann.”
Tá páirceáil ar fáil ag carrchlós Thús Siúlóide Ghleann Beithe atá suite achar gairid ó Dhroichead na Beithe i nGleann Beithe. Meabhraítear d’úsáideoirí an ghlasbhealaigh go bhfuil dhá stráice ghearra de “bhóthar ciúin” mar chuid den bhealach idir Gleann Beithe agus Cill Choimhtheach, áit a roinneann feithiclí, coisithe agus rothaithe an spás céanna. Tá comharthaíocht chomhairleach curtha suas ina leith sin.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An tríú cuid de ghlasbhealach Chiarraí theas le hoscailt dé haoine'