Glúin eile ó thuaidh i mbun coireanna fuatha in aghaidh ‘an taobh eile’

Ní mar a chéile an foréigean seicteach atá ar siúl ó thuaidh agus na Trioblóidí, ach tá sé scanrúil go mbeadh glúin óg nach raibh taithí acu ar an gcoimhlint i mbun coiriúlachta in aghaidh ‘an taobh eile’

Glúin eile ó thuaidh i mbun coireanna fuatha in aghaidh ‘an taobh eile’

Pictiúr: RollingNews.ie

Fógra mór ar thine chnámh ag spochadh as dílseoir aitheanta faoi bhás a athar.

Mharaigh an IRA Robert (Bertie) Frazer i gContae Ard Mhacha ar an 30 Lúnasa 1975. Comhalta den UDR ab ea é agus oibrí de chuid na comhairle. Mac leis is ea an feachtasóir dílseach, Willie Frazer.

Cén sórt réasúnaíochta a spreagann maslú barbartha déistineach den sórt seo? Ar thine san Iúr ag comóradh an imtheorannaithe atá sé. Ní féidir tada eile a rá faoi ach gur coir fuatha é. Deir an fógra a bhfuil bratach na Breataine lena ais ‘Willie Frazer have you found your daddy yet?’. Nuair a chuaigh Frazer go dtí an láthair le grianghraif a thógáil ionsaíodh a ghluaisteán le clocha agus buidéil. Fear conspóideach é Willie Frazer, ach níor thuill sé an íde sin. Ní thuilleann éinne a leithéid.

Tá an PSNI i mbun fiosraithe. Tá an t-ionsaí cáinte ag an DUP, an UUP, an SDLP agus Sinn Féin chomh maith le Simon Coveney, an Tánaiste, agus ceannairí eaglasta. Dúirt Willie Frazer gur thug an cáineadh ardú meanman dó, ach thapaigh sé an deis le sáiteán a thabhairt do Shinn Féin agus é ag iarraidh gníomhartha athmhuintearais uathu chomh maith lena mbriathra.

Is ar maidin an 9 Lúnasa 1971 a thug rialtas Stormont imtheorannú isteach agus gabhadh na sluaite náisiúnaithe dá bharr. Tubaiste ab ea é a chothaigh tacaíocht don IRA agus a chuir borradh faoi chúrsaí earcaíochta dóibh.

An deireadh seachtaine sin freisin a tharla sléacht Bhaile Uí Mhurchú nuair a mharaigh Paratrúpaí ó Arm na Breataine aon duine dhéag i sraith eachtraí sa chomharsanacht sin.

Bhíodh círéibeacha agus scliúchas forleathan i gceantair náisiúnacha ar feadh na mblianta ar ócáid chomórtha an imtheorannaithe. I mBéal Feirste bhunaigh Sinn Féin féile an phobail sna hochtóidí chun malairt gníomhaíochta a chur ar fáil agus chun na sráideanna a chiúnú. D’éirigh thar cionn leis an bhféile ach le blianta beaga anuas tá easaontóirí poblachtacha ag ‘comóradh’ an imtheorannaithe arís le tinte cnámh agus cothú teannais.

’Sí aidhm na n-easaontóirí an bonn a bhaint den tsíocháin agus de normalú na póilíneachta. Ba mhaith leo go ngabhfadh na póilíní thar fóir ina n-aghaidh chun tacaíocht don PSNI a lagú agus brú a chur ar Shinn Féin.

Aithris ar iompar seicteach dílseoirí ag tinte an 11 Iúil is ea na póstaeir shuaracha ghránna a chrochtar, amhail an ceann faoi Willie Frazer.

Bhí an seicteachas soiléir freisin i dtuaisceart Bhéal Feirste mar a ndearna dílseoirí agus poblachtánaithe imeaglú ar dhaoine le hionsaithe ar a dtithe. Bhagair an UFF/UDA ar bhean Chaitliceach a bhí ag tórramh a mic. D’ordaigh siad di imeacht as an teach nó go loiscfí é. Theith sí nuair a briseadh na fuinneoga.

An tseachtain seo d’ionsaigh ógánaigh trí theach i gceantar Protastúnach le buamaí péinte. Chuir an DUP an milleán ar phoblachtánaithe.

Tá an foréigean seicteach seo ag tarlú ag leibhéal íseal i gcomparáid leis na Trioblóidí, ach tá sé scanrúil go mbeadh glúin óg nach raibh taithí acu ar an gcoimhlint i mbun coiriúlachta in aghaidh ‘an taobh eile’.

In eachtra eile i dtuaisceart Bhéal Feirste ruaig coirpigh, a thugann paraimíleataigh dhílseacha orthu féin. teaghlaigh Phrotastúnacha as ceantar dílseach Bhaile na Sulán. B’éigean do cúig theaghlach, suas le deichniúr páistí san áireamh, a dtithe a fhágáil tar éis imeaglaithe agus ionsaithe. Theastaigh na tithe ó na coirpigh dá ndream féin, deirtear.

Baineann an mí-iompar seo ar fad le hansmacht. Tá na heasaontóirí poblachtacha ag iarraidh an tsíocháin agus an Comhaontú ar ghlac muintir na hÉireann thuaidh agus theas leo i reifrinn a chur dá mbonn. Go bunúsach tá siad ag brú a gcur chuige fuafar féin ar gach éinne eile. Ceannas ar phobal agus ar chomharsanachtaí atá á chur i bhfeidhm ag na dílseoirí a ghlacann chucu féin an chumhacht a shocrú cé aige a bhfuil cead cónaí i gceantar agus cé a ruaigfear.

Tá teipthe ar na húdaráis a bhfuil fágtha de na paraimíleataigh dhílseacha agus na heasaontóirí poblachtánacha a cheansú. Díríonn na póilíní agus na seirbhísí faisnéise ar an mbagairt sceimhlitheoireachta – ionsaithe le gunnaí agus buamaí. Éiríonn leis an imeaglú agus an fuath mar go mbíonn faitíos ar dhaoine faisnéis a thabhairt fúthu. Tá sé deacair déileáil leo mar choireanna, ach mura ndéanfar sin beidh thiar ar an tsochaí. Tá fuath cealgach agus mar is léir ó stair na háite seo is furasta é a scaipeadh ó ghlúin go glúin.

Fág freagra ar 'Glúin eile ó thuaidh i mbun coireanna fuatha in aghaidh ‘an taobh eile’'

  • Carraig

    An ‘dífhostaíocht’ faoi deara sin uile sa tsochaí ó thuaidh is dócha. Murab í a thugann orthu iad féin a mharú is í a ‘spreagann’ iad chun daoine eile a mharú. Díol trua iad.