Is é tástáil na putóige a hithe agus is amhlaidh an scéal i gcás na reachtaíochta atá geallta don Ghaeilge.
An mbeidh blas ar an bputóg a chuirfidh rialtas na Breataine ar bord inniu? Léirigh na sluaite i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite ar an Lá Dearg nach nglacfaidh siad le brachán. Bhí spleodar agus beocht san slógadh ollmhór agus é soiléir gur ag bailiú nirt atá an ghluaiseacht uaillmhianach.
Is maith atá a fhios nach Acht Gaeilge cuimsitheach ann féin a bheidh san reachtaíocht don Ghaeilge agus don Ultais a chuirfidh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, faoi bhráid na Parlaiminte in Westminster.
Tús is ea é, áfach.
Caithfear miondealú a dhéanamh ar na forálacha féachaint cé mar a chosnóidh siad cearta teanga. Glactar leis go forleathan go gcaithfear tógáil ar bhunsraith na reachtaíochta sna blianta amach romhainn. Tá aitheantas oifigiúil don Ghaeilge geallta sa bhille chomh maith le Coimisinéir don Ghaeilge agus Coimisinéir Ultaise nó Briotainise. Céim stairiúil a bheidh ann má chuirtear ar ceal an bac ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna. Faoi na péindlíthe a cuireadh an cosc sin i bhfeidhm i 1737.
Ní fhaca Conradh na Gaeilge ná An Dream Dearg an dréachtbhille atá ullmhaithe ag an rialtas, ach leagadh amach creatlach na reachtaíochta sa cháipéis Ré Nua, Cur Chuige Nua faoinar athbhunaíodh Stormont mí Eanáir 2020. Chun stop a chur le moilleadóireacht na mblianta gealladh an reacht taobh istigh de 100 lá. Chuir an phaindéim isteach ar ghnóthaí Stormont agus thairis sin dhiúltaigh an DUP an obair a cheadú ar chlár an Fheidhmeannais.
Is de bharr an toirmisc ag aontachtaithe ar an reachtaíocht in Stormont a ghlac an Státrúnaí freagracht as an obair a dhéanamh in Westminster. Ní raibh giodar ar bith air chun a gheallúint a chomhlíonadh ach ó fógraíodh an bille in óráid na Banríona (clár oibre na Parlaiminte) tugadh le fios gur ghearr uainn é.
Tá aontachtaithe míshásta faoi chumhacht Stormont a bheith forghafa ag an bParlaimint i Londain maidir le Gaeilge agus maidir le seirbhísí ginmhillte. Theastaigh uathu an dá ábhar sin a choinneáil faoina smacht chun stop a chur lena bhforbairt.
Beidh deis acu amach anseo tionchar a imirt ar fheidhmiú na reachtaíochta Gaeilge má fhilleann siad ar Stormont. Siad an chéad agus leaschéad-aire in éineacht a cheapfaidh an Coimisinéir agus a fhaomhfaidh nó a dhiúltóidh dá phleananna. I bhfianaise gach a bhfuil déanta agus ráite acu bheadh sé soineanta a cheapadh go scaoilfidh an DUP an bealach go fonnmhar leis an gCoimisinéir.
Ní hiontas mar sin go bhfuil feachtasóirí ag éileamh go gcoinneoidh Státrúnaí na Breataine an chumhacht chun an obair a bhrú chun cinn má chuirtear laincis uirthi in Stormont. Beidh freagracht dhlíthiúil ar an rialtas cearta teanga atá áirithe san dlí a chinntiú agus freagracht pholaitiúil chun cearta mar atá sa Bhreatain Bheag agus in Albain a dhearbhú i dTuaisceart Éireann.
Pé ar bith cén leagan amach a bheidh ag rialtas na Breataine faoina dhualgais beidh a fhios ag Oifig Thuaisceart Éireann (oifig na Breataine abhus) gur ag dul ó neart go neart atá feachtas na gcearta teanga. Gan dabht, chonaic siad na mílte ar shráideanna Bhéal Feirste – gach aoisghrúpa, gach aicme i láthair ag teacht le chéile ilchultúrtha.
Bhí buíon as oirthear Bhéal Feirste páirteach sa slógadh mar a bhí cumainn a éilíonn cearta eile agus a thacaíonn le cearta teanga. Bhí gach páirtí polaitíochta neamh-aontachtach páirteach ann, Sinn Féin, an SDLP, Alliance agus Pobal seachas Brabús.
Ach gluaiseacht phobail is ea í seo, fásta ón mbonn aníos.
Ní ghlacfaidh siad le sop in áit na scuaibe.
Fág freagra ar 'Gluaiseacht phobail ón mbonn aníos ‘An Dream Dearg’ – ní ghlacfaidh siad le sop in áit na scuaibe'