Níl iarthar agus iarthuaisceart na hÉireann ar mhuin na muice ach tá fás dochreidte tarlaithe sa réigiún le ceathrú céid. Tá na fíricí sin soiléirithe i dtuarascáil ó Choimisiún an Iarthair atá díreach foilsithe. Déantar comparáidí sa tuarascáil ar réimse mór den saol, na cúinsí eacnamaíochta agus sóisialta i gCúige Chonnacht, i gcontae an Chláir agus i gcontae Dhún na nGall, an réigiún ina bhfuil an Coimisiún ag feidhmiú.
Sé an t-ardú ar an daonra an rud is feiceálaí agus tá a dhá oiread airgid, ar an meán, le caitheamh ag chuile dhuine fásta sa réigiún. Ní fada, de réir mar atá an saol ag dul ar aghaidh anois, nó go mbeidh céim ollscoile, nó cáilíocht tríú leibhéal, ag chuile dharna duine.
An laige is mó atá ann go bhfuil an táirgeacht eacnamaíochta in aghaidh an duine íseal taobh thiar den tSionainn i gcomórtas leis an táirgeacht náisiúnta. Sin easnamh feiceálach beag beann ar na dea-scéalta eile, a deir Coimisiún Forbartha an Iarthair.
Bhí 34.9% de mhéadú ar an daonra iomlán i gCúige Chonnacht agus i gcontaetha an Chláir agus Dhún na nGall idir 1996 agus 2022. I nGaillimh ba mhó an méadú sin, méadú 47.1%. Go deimhin bhí an fás ar dhaonra na Gaillimhe níos airde ná an fás náisiúnta, a bhí ag 42%.
Speánann na figiúirí daonra go bhfuil fás tagtha ar an daonra i chuile chontae de na seacht gcinn i réigiún an Choimisiúin Forbartha sa tréimhse idir daonáireamh 1996 agus daonáireamh 2022.
Fágann sin go raibh 657,000 duine ina gcónaí i gCúige Chonnacht, an Chláir agus Dhún na nGall faoi 2022. Sa lá atá ininu ann, 17.2% de dhaonra na tíre atá sna seacht gcontae sin.
Ach nuair a dhéantar cíoradh níos mine ar na figiúirí, is léir an claonadh i dtreo chathair na Gaillimhe agus bailte móra eile. Mhéadaigh an méid bailte móra agus sráidbhailte a bhfuil breis agus 1,500 duine anois ina gcónaí iontu ó 26 baile i 1996 go dtí 45 in 2022. San am céanna, tá 64% de dhaonra réigiún an Iarthair agus an iarThuaiscirt fós ina gcónaí faoin tuath, cé nach bhfuil ach 35% de mhuintir na sé chontae is fiche ina gcónaí faoin tuath.
Cé go bhfuil ardú ar an daonra go ginearálta ar fud an réigiúin, is i gcontae na Gaillimhe (39%) is feiceálaí atá san t-ardú sin. Cónaíonn 31% de dhaonra an Iarthair agus an iarThuaiscirt i nGaillimh anois i gcomórtas le 28.7% díobh cúig bliana fichead ó shin. Tugann an méadú ar bhailte éagsúla sa gcontae léargas air sin:
Maigh Cuilinn + 279%
Baile Átha an Rí + 185%
Uachtar Ard + 146%
Tá níos mó airgid le caitheamh fanta ina bpóca, tar éis cáin agus táillí leasa shóisialaigh, ag na daoine sa réigiún ná a bhí 25 bliain ó shin agus an t-airgead sin beagnach dúbailte ó thús an chéid – ardaithe ó €13,146 go €24,276. Tá difríocht fós ann mar tá €3,000 an duine níos lú ag muintir an iarthair, ar an meán, ná atá ag daoine in oirthear na tíre.
Tá an leibhéal oideachais feabhsaithe as cuimse freisin. Bhí cáilíochtaí ollscoile agus tríú leibhéal ag 17.5% de mhuintir an Iarthair agus an iarThuaiscirt i 1996 ach bhí an céatadán sin ardaithe go dtí 43.26% faoin mbliain 2022. Tá Gaillimh chun cinn sa réimse seo den saol freisin agus céim ollscoile nó a comhionann ag 53.3% de mhuintir chathair na Gaillimhe agus ag 46% den phobal sa gcontae ar fad.
Léirítear brí na bhfigiúirí oideachais seo san athrú atá tagtha ar chineálacha éagsúla fostaíochta. Bhíodh 41.1% d’oibrithe an réigiúin gafa le tionscail na talmhaíochta, na hiascaireachta, na déantúsaíochta agus na tógála ag deireadh na 1990idí. Níl ach 24.4% ag plé leis na hearnálacha sin anois.
Ach má tá rannóg ar bith san tuairisc seo ó Choimisiún Forbartha an Iarthair a chuireann éadan diúltach ar an scéal, sin é an cuntas ar an GVA [Oll-Luach Breise] – an ráta brabúis atá ar ghníomhaíocht oibre, tionscail agus gnó sa réigiún. Nuair a a roinntear an brabús sin (ar pháipéar) ar an daonra san Iarthar agus san iarThuaisceart is ionann é agus €30,795 an duine. Is fiú €153,000 an duine é an GVA [Oll-Luach Breise] i gcontaetha an Deiscirt agus is fiú €224,872 an duine é san Oirthear agus san gceantar Lár Tíre. Dá réir sin, tá an taobh tíre taobh thiar den tSionainn lag ó thaobh an lear airgid a chuireann sé isteach sa gciste náisiúnta. Admhaíonn Coimisiún an Iarthair gur údar díomá atá sa laige sin ó thaobh téagar eacnamaíochta de. Ní hé amháin gur míbhuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta é ach is míbhuntaáste polaitiúil é freisin. Ní chuidíonn sé leo siúd atá ag saothrú ar son an iarthair agus ag cur a gcás i láthair ar bhonn náisiúnta.
Ach ag breathnú ar an bpictiúr mór, san iomlán is cor suntasach sa saol iad na staitisticí a bhaineann leis an iarthar. Ba dheacair tráth den saol a leithéid de scéal a shamhlú.
Fág freagra ar 'Gluaiseacht mhór chun cinn san iarthar ach cúpla dris chosáin fanta'