Comhdháil ‘Glórtha Úra Uladh’ ag tosú amárach

‘Léiriú ar Thaighde Reatha na Mac Léinn Gaeilge i gCúige Uladh’ is ea téama na comhdhála

Glortha9

Cuirfear tús le Comhdháil ‘Glórtha Úra Uladh’ amárach, Dé hAoine 1 Bealtaine, i Leabharlann Halla an Línéadaigh, Béal Feirste, mar a mbeifear ag dírú ar thaighde mac léinn Gaeilge i gCúige Uladh

‘Léiriú ar Thaighde Reatha na Mac Léinn Gaeilge i gCúige Uladh’ is ea téama na comhdhála, ar comhfhiontar é idir Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh.

“Go bhfios dom, seo an chéad uair don dá roinn Ghaeilge, in Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh, obair le chéile chun comhdháil a reáchtáil,” a dúirt Órla Nic Ruairí, duine de stiúrthóirí na comhdhála agus mac léinn dochtúireachta ó Ollscoil na Banríona.

“Tá mar sprioc againn go mbeidh deis ag mic léinn Gaeilge ón dá ollscoil teacht le chéile leis an taighde reatha atá ar bun acu a roinnt ar ardán gairmiúil, acadúil agus foirmiúil,” ar sí.

Ce gur reáchtálann Roinn na Gaeilge in Ollscoil Uladh dhá chomhdháil bhliantúil, ‘Éigse Loch Laoi’ agus ‘Éigse Cholm Cille’, ní bhíodh aon chomhdháil Ghaeilge a reáchtáil ag Ollscoil na Banríona.

“Mhothaigh mé go raibh bearna ansin agus gur fiú tuilleadh comhoibriú acadúil agus nasc sóisialta a chruthú idir an dá ollscoil. Cuirfear deiseanna den chineál seo ar fáil tríd an chomhdháil lae seo agus na himeachtaí sóisialta a rachas léi,” ar sí.

Is é mórchuspóir fadtéarmach na comhdhála seo gréasán gníomhach de mhic léinn taighde na Gaeilge idir an dá ollscoil a bhunú agus ceiliúradh a dhéanamh ar bhuanna a saothar.

Tabharfar deis do mhic léinn fochéime, iarchéime agus PhD ábhar tráchtais agus aon ábhar eile taighde a roinnt i bhfoirm páipéar comhdhála, os comhair mhic léinn na n-institiúidí is na gcampas éagsúil. Pléifear ceisteanna a bhaineann le litríocht na Gaeilge, cúrsaí teangeolaíochta agus aistriúcháin.

I measc na ndaoine a bheas le cloisteáil ann, beidh an t-aoichainteoir Fearghal Mac Ionnrachtaigh, a bheas ag labhairt ar “An Taighde Beo mar Gníomh Frithbheartaíochta: Modh Eolaíochta agus Cur i bhfeidhm”.

Beidh an chomhdháil ar siúl óna 9.45-16.00 i Halla na Línéadaigh agus tiocfar le chéile fá choinne oíche airneáin Tigh Madden sa chathair ina dhiaidh sin, ón 7in ar aghaidh. Tá fáilte roimh cách.

Fág freagra ar 'Comhdháil ‘Glórtha Úra Uladh’ ag tosú amárach'