‘Glór na nGael’ – an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne

Rinne tráchtaireacht shainiúil Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh agus an tslí a bhí aige leis an dá theanga a úsáid go nádúrtha file cúirte neamhoifigiúil Chumann Lúthchleas Gael de

‘Glór na nGael’ – an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne

Mícheál Ó Muircheartaigh. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Beidh Éire go léir faoi scamall bróin agus an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh, guth chluichí na nGael ar feadh na dtrí scór bliain a chaith sé le gairm na tráchtaireachta, ar shlí na fírinne.

Bhí sé 93 bliain d’aois.

Rinne tráchtaireacht shainiúil Mhíchíl agus an tslí a bhí aige leis an dá theanga a úsáid go nádúrtha file cúirte neamhoifigiúil Chumann Lúthchleas Gael de agus bhíodh guth an Chiarraígh mar fhuaimrian an tsamhraidh ag Gaeil le breis is leathchéad bliain.

D’fhógair a mhuintir an drochscéal inniu.

“Is cúis mhór bhróin dá theaghlach a fhógairt gur imigh Mícheál Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne ar maidin, go suaimhneach agus a chlann timpeall air, in ospidéal an Mater.

“Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil lena mhuintir agus lena chairde go léir as an gcairdeas agus as an gcomhluadar thar na blianta agus le foireann an ospidéil as a gcuid tacaíochta.”

Ag Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí an svae mar an té is faide a rinne tráchtaireacht bheo ó chluichí, ó 1949 go 2010. Chuir sé an pobal éisteachta faoi gheasa leis an stíl fhíorphearsanta a bhí aige agus leis an bpaisean a léirigh sé do chluichí Chumann Lúthchleas Gael.

Ní raibh a shárú le fáil leis an mbua a bhí aige spleodar, fuinneamh agus drámatúlacht na gcluichí móra a chur in iúl dá lucht éisteachta a raibh a gcluas leis an raidió acu sa mbaile nó sa charr nó ar an bportach nó ar an dtrá.

Bhí Mícheál ina mháistir ar an scéilín scéil spéisiúil agus ba sméar mhullaigh ar a chuid tráchtaireachta an saineolas a bhí aige ar na cluichí agus ar na daoine a bhí á n-imirt. Nuair ba ghéire an comhrac ar an bpáirc bhí na ciútaí cainte cuí ar bharr a theanga aige don ócáid.

Dúirt an t-iriseoir Mártan Ó Ciardha tráth gurb é paisean Mhichíl don obair a bhí idir lámha aige a chruthaigh an nasc idir é agus a lucht éisteachta.

“Líofacht chainte agus máistreacht ar an teanga a thuilleann gnaoi. Is iad na tréithe sin a fhágann Micheál Ó Muircheartaigh chun cinn ar aon chraoltóir a thug faoin gceard riamh,” a dúirt Mártan Ó Ciardha, dlúthchara le Mícheál.

I nDún Síon taobh amuigh de Dhaingean Uí Chúis i gcontae Chiarraí a rugadh Mícheál Ó Muircheartaigh i 1930.

Ar fheirm a mhuintire a tógadh é agus fuair a chuid scolaíochta sa Daingean. Meán Fómhair 1945, thug Mícheál aghaidh ar Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí mar ar thug sé faoin oiliúint mar mhúinteoir bunscoile.

“An t-iontas is mór a chonaic mé ag teacht go dtí geataí Choláiste Íosagáin ná na soilse geala,” a dúirt sé féin.

“Bhí an áit ar fad lasta suas le solas geal. Ní raibh le déanamh ach do mhéar a chur ar an gcnaipe agus bhí solas agat le titim na hoíche, b’iontach nua an rud é sin domsa.” 

Bhí an-suim aige sna canúintí ar fad a bhí ag scoláirí as gach ceard den tír i gColáiste Íosagáin agus cluas aige dóibh.

“Bhíodh seanchaithe, filí agus ceoltóirí ag teacht isteach ar cuairt chugainn sa scoil an t-am ar fad,” a dúirt sé.

“Moladh dúinn dul amach i measc an phobail. Moladh dúinn a bheith fiosrach. Moladh dúinn freisin spéis a bheith againn i ngach a ndéanadh muid agus é a dhéanamh le fonn.”

Le linn a thréimhse i gColáiste Íosagáin a thosaigh sé ag úsáid an leagan Gaeilge dá ainm, Mícheál Ó Muircheartaigh. Meán Fómhair 1948 a chuir sé tús lena bhliain dheireanach den chúrsa oiliúna i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath. San earrach dár gcionn 1949, rinne Mícheál agus roinnt mac léinn eile triail tráchtaireachta ar chluiche iomána.

Ba é sin an chéad uair riamh ag an Muircheartach cluiche iomána a fheiceáil ach bhí aithne aige ar dhuine de na báireoirí ón mbaile, an cúl báire Tadhg Hurley agus bhí an bua cainte agus an tseiftiúlacht sa gCiarraíoch óg le cúlra Thaidhg a thapú mar bhealadh ar a chuid tráchtaireachta:

“Thóg sé nóiméad ar a laghad air a bhealach a dhéanamh anuas ó chúl na Canálach. Fad a bhí sé ag déanamh a shlí anuas labhair mé faoina dheartháir Bob, a bhí san aon rang le Dónal agus faoina dheirfiúr a thagadh amach chun na trá i gCnoc Síon sa samhradh. Ar deireadh thiar thóg Tadhg an cic pionóis… Sin mar a thosaigh sé.”

Mícheál a fuair an cúram agus an chéad ghig a bhí aige ná tráchtaireacht i nGaeilge a dhéanamh ar an gcluiche ceannais do Chorn an Bhóthair Iarainn 1949.

I 1953, rinne sé an tArdteastas san Oideachas agus bhí Gaeilge, cuntasaíocht agus eacnamaíocht á dteagasc aige i mbunscoileanna agus i meánscoileanna sa bpríomhchathair.

Agus tús á chur lena ghairm sa tráchtaireacht spóirt ag Mícheál is ar chluichí i ngrád na mionúr a bhíodh sé ag tráchtaireacht agus dhéanadh ionadaíocht ar an tráchtaire aitheanta Mícheál Ó hEithir sa gcás nach mbíodh seisean ar fáil. Nuair a d’éirigh O’Hehir as an gcraoltóireacht i lár na 1980idí, ghlac Mícheál Ó Muircheartaigh a áit mar phríomhthráchtaire spóirt ar an raidió.

Chaith sé tréimhse sna hochtóidí freisin ag obair do Raidió na Gaeltachta agus bhí sé seal ag tuairisciú as Dáil Éireann.

Nuair a chuaigh Micheál ar scor óna chuid dualgas tráchtaireachta, bhíodh sé le cloistint go rialta ar An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta agus súil á caitheamh siar aige ar chluichí an deireadh seachtaine roimhe sin.

MIchéal Ó Muircheartaigh agus a iníon, Doireann. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Thug sé tréimhse ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus thug sé an-tacaíocht i gcónaí do chur chun cinn na Gaeilge, do chlubanna Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre agus do na céadta dream eile. Tá scéalta ag daoine ó cheann ceann na tíre faoina chineáltas, a chroíúlacht agus a fhlaithiúlacht.

Bhí gean an tsaoil ar Mhícheál mar thráchtaire, ar na nathanna cainte a bhíodh aige agus ar chanúint Chiarraí nár chaill sé riamh. Is iomaí duine a rinne iarracht aithris a dhéanamh ar an stíl shainiúil sin ach bhí fuar acu mar ní raibh a shárú féin ann.

Bronnadh gradam Jacobs ar Mhícheál as a chuid tráchtaireachta don chlár Sunday Sport i 1992 agus bhronn Oireachtas na Gaeilge Gradam Saoil air in 2011.

Rinne Mícheál a thráchtaireacht dheireanach ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann, i bPáirc an Chrócaigh ar an 19 Meán Fómhair 2010 nuair a bhuaigh Corcaigh ar an Dún, 0.16 le 0.15.

Trí lá roimh an gcluiche sin a d’fhógair Mícheál go raibh sé ag éirí as an tráchtaireacht agus rinne sé an tráchtaireacht dheireanach ar an 30 Deireadh Fómhair 2010 ar chluiche faoi rialacha idirnáisiúnta idir Éirinn agus an Astráil.

Bhronn Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath Bonn Bunaithe na hOllscoile ar Mhícheál Ó Muircheartaigh in 2007, bonn a bhronntar ar iarmhic léinn an choláiste a d’fhág a lorg ar a ngairm.

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim dochtúireachta oinigh ar an tráchtaire i 1999 mar aitheantas ar an tseirbhís fhada fhiúntach a bhí tugtha aige don chraoltóireacht.

Tamall gearr sular cheiliúir sé 90 bliain ar an saol seo, bronnadh airsean an t-aon ghradam All Star [sárimreoirí na bliana] a bronnadh in 2020 nuair a bhí an tír cuibhrithe ag paindéim an Chovid-19

Ba mhór an misneach a thug Mícheál don phobal le linn na paindéime sin agus é ag moladh dúinn an dóchas a chothú nuair ba dhéine an cruachás.

“Athróidh gach aon ghné den saol. Caithfimid aghaidh a thabhairt air le dóchas. Aghaidh a thabhairt air agus glacadh leis.

“Fadó an lá d’inis mo sheanmháthair paidir i nGaeilge dom agus bhí líne amháin sa phaidir a thaitin go mór liom, ‘Dúiseacht le dúthracht le breacadh an lae’.

Sin le rá, ‘dúisigh gach uile mhaidin agus tabhair go fonnmhar faoin lá’.”

Bhí foireann caide Chiarraí gar dá chroí i gcónaí agus bhíodh sé ag traenáil na himreoirí de chuid an chontae a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath le linn a ré órga na Ríochta i ndeireadh na 1979idi agus sna 1980idí.

Ach chuaigh mórán foirne i bhfeidhm air go háirithe foirne a rinne gaisce den chéad uair.

“Is iontach go deo é rud a fheiceáil á dhéanamh nach ndearnadh riamh cheana,” a dúirt sé.

“Bhí sé d’ádh orm le mo linn, Dún na nGall, an Dún, Tír Eoghain, Ard Mhacha agus Doire a fheiceáil ag buachan a gcéad Chraobh Uladh. Ócáidí fíorspeisialta iad do mhuintir an chontae sin. Níl a shárú ann.”

B’aoibhinn leis “gliondar na ndaoine a fheiceáil” agus “an t-ardú croí is mórtas” a chothódh a laochra ar pháirc na himeartha iontu.

“Ní fhéadfadh aon duine a bheith ina dhiaidh orthu an spraoi a bhaineann siad as ceiliúradh dá leithéid. Sin é an bua atá ag Cumann Lúthchleas Gael. Aoibhneas ar aghaidh duine.”

Fág freagra ar '‘Glór na nGael’ – an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne'

  • Sinéad

    Ní bheidh a leithéid arís ann.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam Uasal.

  • Dáithí Mac Lochlainn

    Alt iontach, suimiúil, oiriúnach do fhathach i measc na nGael