Gleo nó suaimhneas, tá do rogha acu ar fáil ag mórfhéile na nGael

Ná bíodh aon duine díomhaoin ag Oireachtas na Samhna. Seo roinnt moltaí don oireachtasóir

Gleo nó suaimhneas, tá do rogha acu ar fáil ag mórfhéile na nGael

Mura bhfuil sé déanta agat go dtí seo, ná loit an comhshaol ach faigh bealach go Cill Airne ó dhuine grá-diaúil éigin agus cúinne beag ar urlár don deireadh seachtaine. Faigh duine a ghabhfas a chodladh luath agus a éireos leis an ngrian agus beidh suaimhneas agatsa le codladh go headra!

Déardaoin

Má chuireann gasúir gliondar ar do chroí inniu do lá le bheith i gcampas mór an Oireachtais. Beidh bratainn acu ag sodar anonn is anall ag comórtais agus a muintir céasta á bhfosaíocht agus á saighdeadh.

Mura santaíonn tú gleo is réabadh na hiomaíochta cuir ort do chulaith bháistí agus tabhair d’aghaidh ar an bpáirc náisiúnta agus ‘Ar bhruach Loch Léin’ cum lúibín nó amhrán don oíche anocht sula dtabharfaidh tú aghaidh ar shean-nós na bhfear agus an oíche amhránaíochta sa gclub. Agus an folcadh foraoise sin de mhaith ort, caith díot agus tabhair faoin gcéilí.

Dé hAoine

Beidh lascadh agus scréachaíl go leor sa dá óstán ó mhoch maidine inniu agus comórtais damhsa agus amhránaíochta ar siúl i chuile chúinne d’óg agus fásta. Tá a gcomórtais fhéin ag fonnadóirí Chonamara agus Mhúscraí ach más leadaí thú caillfidh tú iad.

Siúlóid dheas isteach go Cill Airne agus labhair Gaeilge leo go bhfeicfidh tú ar chuala siad tada faoi fhéile na nGael! Cá bhfios nach bhfaighfeá rigout do Chlub na Féile i siopaí carthanachta flúirseacha an bhaile. Seas i ndoras óstán cúig réalt Mhucrois, leag boiscín ar an talamh agus déan ceápar damhsa nó cas stéibh agus b’fhéidir go bhfaighfeá luach saothair?

Má shantaíonn tú leabhar, inniu do sheans mar déanaimse amach go mbeidh ocht seoladh leabhar ar siúl inniu – ó leabhair a scríobhfaidh gasúir iad fhéin ag a 12.00, leabhair an Ghúim ag a 1.00 agus as sin leis an bhféasta go seoladh mór Leabhar Breac ag a 6.00pm.

Ar ndóigh beidh a seó fhéin ag foclóirithe agus ag pleanálaithe teanga inniu agus cá bhfágfainn Toose Mac Gearailt agus a chriú léannta. Beidh podchraoltaí á seoladh agus Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo cuid mhaith den chraic. Beidh go leor ceamaraí thart agus bí ar d’airdeall nach ndéanfá seó bóthair díot fhéin os comhair an tsaoil mhóir! Is iomaí sin rogha a bheas agat leis an oíche a chaitheamh ó shean-nós na mban go club amhránaíochta agus club na féile.

Dé Sathairn

D’fhéadfá a bheith sórt batráilte is spadánta faoin tráth seo ach ná bí buartha, tá do leigheas agamsa! Bí ag Teach Chill Airne ag 9.30 am agus tabhair faoi rith an Oireachtais. Mise á rá leat go mbeidh fíbín fút an chuid eile den lá. Plean maith eile rothar a fháil ar cíos ón ngnó ar an taobh eile den óstán agus d’aghaidh a thabhairt ó dheas go bhfeicfidh tú leoraithe Healy-Rae agus an píosa bóthair is sclagaí in Éirinn! Má theastaíonn blaiseadh de ghnáthshaol an oireachtasóra uait téigh ag seimineár an Oireachtais ag a 11.00, sin nó buail isteach chuig ár gcairde Gael ag an POP-UP GÀIDHEALTACHD!

Beidh tuilleadh leabhar á seoladh inniu, chomh maith le grianghraif Dúchas.ie agus cartlann Cheol Dúchais na hÉireann.

Cá mbeifeá ag 2.30pm ach sa Gleneagle ag díospóireacht Tuairisc.ie faoin Aontas Eorpach tráth seo na dtubaistí.

Más mac nó iníon léinn thú tabhair faoin tóraíocht taisce roimh do bhéile.

Ag a 7.00 a thosós oilimpicí an tsean-nóis ach céard faoi ‘Dúchas agus Dóchas – amhráin an Chláir’ nó ‘An Queercal Comhrá’ sa mbeár? 

Dé Domhnaigh

Caith fút sa foyer ag breathnú ar na Gaeil ag fágáil slán lena chéile nó ag mealladh a gcuid paisinéirí as an mbeár agus stéibh eile á casadh acu.

Seans go mbeidh tú sportha faoin tráth seo ach fan oíche eile, beidh na Gaeil Ghairmiúla bailithe leo agus beidh neart seomraí folamh. Déan margadh maith leis an mbainisteoir nó bí i do spailpín pinn agus scríobh colún do Tuairisc faoi do dheireadh seachtaine – agus cuir do sheomra in áirithe don aonú Oireachtas déag i gCill Airne.

Fág freagra ar 'Gleo nó suaimhneas, tá do rogha acu ar fáil ag mórfhéile na nGael'