‘Get an extension, and let’s have an election’ – dúshlán Corbyn agus Johnson ag seasamh an fhóid

Bhí Parlaimint na Breataine ina suí arís inniu tar éis bhreith na Cúirte Uachtaraí go raibh cinneadh an Phríomh-Aire Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí ar feadh cúig seachtaine neamhdhleathach

‘Get an extension, and let’s have an election’ – dúshlán Corbyn agus Johnson ag seasamh an fhóid

Bhí díospóireacht theasaí i bparlaimint Westminster tráthnóna, mar ar thug Boris Johnson dúshlán an fhreasúra vóta mímhuiníne a chur síos ina rialtas agus toghchán a ghairm.

“Tá sé in am ag an bparlaimint seo seasamh ar leataobh agus ligean don Rialtas seo an Breatimeacht a thabhairt chun críche nó vóta muiníne a chur síos, aghaidh a thabhairt ar lá an chuntais agus deis vótála a thabhairt don phobal,” a dúirt Boris Johnson. 

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn go dtacódh sé le toghchán a luaithe agus a lorgódh Johnson síneadh ama leis an mBreatimeacht.

“Más toghchán atá uaidh, faigheadh sé síneadh ama agus bíodh toghchán againn,” arsa Corbyn.

Dúirt Corbyn nár chualathas ó Johnson ach “bladar”, gur shíl an Príomh-Aire “nár bhain an dlí leis féin” nuair gurbh í fírinne an scéil gur duine “mí-oiriúnach” é le bheith san oifig sin.

Bhí Parlaimint na Breataine ina suí arís inniu tar éis bhreith na Cúirte Uachtaraí go raibh cinneadh an Phríomh-Aire Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí ar feadh cúig seachtaine neamhdhleathach. 

Dúirt Príomh-Aire na Breataine athuair tráthnóna go raibh cinneadh na cúirte “mícheart” ach go nglacfadh sé leis agus go raibh meas aige ar na cúirteanna.

Tá sé seanráite ag Johnson nach bhfuil bealach ar bith go n-iarrfadh sé síneadh ama ar an mBreatimeacht agus dúirt sé go mb’fhearr leis ‘bás a fháil i ndíog’ ná a leithéid a iarraidh. 

Faoin reachtaíocht a thug Páirtí an Lucht Oibre isteach chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh, caithfidh Johnson margadh a chur tríd an bParlaimint roimh an 19 Deireadh Fómhair nó caithfidh sé iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama eile ar an AE, go dtí an 31 Eanáir 2020 seachas an 31 Deireadh Fómhair mar atá i gceist aige. 

Thug Johnson an ‘surrender act’ arís tráthnóna ar an reachtaíocht sin agus chuir sé i leith an fhreasúra agus Corbyn gurb amhlaidh go raibh siad ag iarraidh toradh an reifrinn a chur ar ceal agus go raibh eagla orthu roimh thoghchán.

Mhaígh Johnson go raibh “dul chun cinn” á dhéanamh sna cainteanna leis an AE le “roinnt seachtainí”. Dúirt Corbyn gurb amhlaidh gur “cur i gcéill” a bhí ann a rá go raibh idirbheartaíocht dháiríre ar siúl.

Dúirt Johnson go raibh athrú poirt ag teacht ar an AE faoi cheist theorainn na hÉireann agus an chúlstop.

Dúirt sé gurbh é a chruthúnas sin ná ráiteas Jean Claude Juncker, Uachtarán Choimisiún na hEorpa, nach raibh aon cheangal “earótach” leis an gcúlstop aige. Bhítí á rá nach bhféadfaí an cúlstop a shárú ach níltear chomh ceangailte leis níos mó, a dúirt sé.

Tá ráite ag ceannairí an AE go mion minic nach bhfuil sé i gceist acu aon idirbheartaíocht eile a dhéanamh faoin gcomhaontú aistarraingthe a bhfuil an cúlstop ina chuid de. 

Níos túisce tráthnóna, mhaígh Michael Gove, an t-aire atá freagrach as pleanáil a dhéanamh do Bhreatimeacht gan mhargadh, go mbíodh an tAE ag rá nach bhféadfaí an conradh aistarraingthe a athrú ach nach  bhfuil siad á chur ‘as an áireamh’ é a leasú anois.  

Meastar go leanfaidh feisirí an fhreasúra ag plé pleananna chun iallach a chur ar Johnson síneadh ama eile a iarraidh ar an mBreatimeacht roimh an 19 Deireadh Fómhair, an sprioclá a tugadh don Bhreatain chun moltaí a dhéanamh chun Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint. 

Fág freagra ar '‘Get an extension, and let’s have an election’ – dúshlán Corbyn agus Johnson ag seasamh an fhóid'

  • An Teanga Bheo

    Ríocht eas aontaithe ag cáineadh an treoir agus praiseach ceart acu. Tugtar “taking back control “ar an obair sin!