Geilleagar na hÉireann ceithre huaire níos measa as ná tíortha eile an AE má bhuann Trump – tuarascáil

Dar le húdair tuarascáil nua ón mbanc idirnáisiúnta Nomura, thitfeadh GDP na hÉireann 2.4 pointe céatadáin sa chás go dtiocfadh laghdú 20% ar easpórtálacha go dtí SAM de thoradh chánacha trádála Trump

Geilleagar na hÉireann ceithre huaire níos measa as ná tíortha eile an AE má bhuann Trump – tuarascáil

De réir tuarascáil nua atá foilsithe ag an mbanc idirnáisiúnta Nomura, is í Éire an tír is mó san Aontas Eorpach a bheadh thíos le polasaithe eacnamaíochta Donald Trump dá n-éireodh leis sa toghchán Uachtaránachta.

Dar le húdair na tuarascála, Charles St-Arnaud agus Anna Titareva, thitfeadh olltáirgeacht intíre (GDP) na hÉireann 2.4 pointe céatadáin sa chás go dtiocfadh laghdú 20% ar easpórtálacha go dtí SAM de thoradh chánacha trádála Trump.

Deir na heacnamaithe gur titim 0.5 pointe céatadáin a bheadh i gceist ar an meán i gcás bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh, rud a d’fhágfadh go mbeadh Éire ceithre huaire níos measa as dá n-éireodh le Trump a pholasaithe a chur i bhfeidhm.

Is toisc gur geilleagar beag oscailte é geilleagar na hÉireann a bhfuil ceangal láidir aige le Stáit Aontaithe Mheiriceá a mheastar go bhféadfadh impleachtaí níos tromchúisí a bheith ag polasaithe Trump don tír seo ná do thíortha eile.

“Laistigh de limistéar an euro, is cás ar leith é cás na hÉireann agus d’fhéadfadh na preaba i gcúrsaí trádála agus i gcúrsaí FDI (infheistíocht dhíreach eachtrach) a tharlódh de thoradh pholasaithe an Uasail Trump dochar ar leith a dhéanamh d’Éirinn,” a deir  St-Arnaud agus Titareva sa tuarascáil nua de chuid Nomura. 

Fág freagra ar 'Geilleagar na hÉireann ceithre huaire níos measa as ná tíortha eile an AE má bhuann Trump – tuarascáil'