Gearrscannán – ‘Síle’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'Síle'

Gearrscannán – ‘Síle’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Físeán

Gníomhaíocht 1:

Síle an teideal atá ar an ngearrscannán seo.

  • Féach ar an gcéad 30 soicind nó mar sin den ghearrscannán.
  • Is tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Ansin breathnaíonn sí ar chárta cuimhneacháin dá máthair.

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Luaigh fuaim amháin atá le cloisteáil sa chéad 30 soicind.
  2. Cad iad na nithe atá sa bhosca ag Síle?
  3. Cad is ainm do mháthair Shíle?
  4. Nuair atá Áine ag suí isteach sa charr ag tús an ghearrscannáin cad a iarrann Dónal uirthi gan a dhéanamh?
  5. Cad atá Dónal agus Áine chun a dhéanamh an oíche sin?
  6. Cén post atá ag Dónal?
  7. Cén chuma atá ar Áine nuair a thagann sí go láthair oibre Dhónail?
  8. Cén mhíthuiscint ghreannmhar a tharlaíonn ansin?
  9. Cén fáth a luann Áine an focal ‘gadaí’ agus í sa charr le Dónal?
  10. Céard a rinne Síle ar scoil?
  11. Céard a tharlaíonn nuair a fheiceann Dónal an smideadh ar Shíle? 
  12. Cén fáth nár thug Dónal cead do Shíle dul ag an tsochraid?
  13. Tabhair achoimre ar an radharc deireanach i d’fhocail féin.

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Féach ar agus éist go cúramach leis an gcéad 30 soicind den ghearrscannán arís. Céard atá an mhír seo a thabhairt le fios?
  2. Cén chanúint atá ag Áine? An bhfuil tú in ann aon fhocail/nathanna cainte ón gcanúint sin a aimsiú?
  3. Nuair atá Áine ag fágáil an tí iarrann Dónal uirthi gan an carr a thosú go dtí go mbíonn sí ag bun an bhóthair? Cén fáth a n-iarrann sé seo uirthi, meas tú?
  4. Nuair atá Síle ag ithe a bricfeasta tá mála lán le cupáin a bhfuil ainm Áine air le feiceáil ar thaobh an bhoird. Cad atáthar ag iarraidh a thabhairt le fios leis seo?
  5. Nuair atá Dónal agus Áine sa charr, deir Áine leis nach bhfuil sí ag dul in óige. Cad atá i gceist aici leis sin?
  6. Tar éis d’Áine agus do Dhónal an dinnéar a chur ar ceal cuireann Áine glaoch gutháin ar a cara. Scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.
  7. Tar éis na hargóna a bhí ag Síle lena hathair ina seomra leapa tosaíonn sí féin agus a cara ag téacsáil a chéile. Scríobh na téacsanna sin.
  8. I dtreo dheireadh an ghearrscannáin cuireann Síle grianghraif i mbosca, dúnann sí é agus cuireann sí ar an tseilf é. Céard atá an mhír seo ag iarraidh a chur in iúl, meas tú?

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Is gearrscannán é seo a thugann faoi théama an bháis. Déanann sé cíoradh freisin ar an ngaol achrannach idir athair agus iníon is iad ag iarraidh dul i ngleic leis an tragóid.
  • Cuireann na fuaimeanna sa chéad radharc in iúl dúinn go bhfuair duine éigin a raibh dlúthcheangal ag Síle leis/léi bás i dtimpiste chairr.
  • Níos déanaí cuirtear in iúl go bhfuil a máthair, Aisling, básaithe.
  • Tá Síle trína chéile agus téann sí chuig seomra a hathar. Tagann cuma an-mhíshásta uirthi nuair a fheiceann sí a hathair ag spallaíocht lena bhean nua, Áine.
  • Sa chéad radharc eile tá Síle ag breathnú ar ghrianghraif óna hóige. Tá cuma ghealgháireach ar Shíle agus a tuismitheoirí sna grianghraif. 
  • Ansin breathnaíonn sí ar chárta cuimhneacháin dá máthair.
  • An chéad mhaidin eile fágann Áine agus Dónal slán lena chéile go grámhar. Iarrann Dónal uirthi gan an carr a thosú go mbeidh sí ag bun an bhóthair. Níor mhaith leis go mbeadh a fhios ag Síle (agus na comharsana, b’fhéidir) gur fhan sí thar oíche.
  • Tagraíonn Áine de seo nuair atá sí sa charr le Dónal níos déanaí. Ní thaitníonn sí léi go bhfuil orthu an gaol a choimeád faoi rún.
  • Deir Áine nach bhfuil sí ag dul in óige. Tagairt é seo b’fhéidir don ghaol níos buaine atá uaithi agus leanaí dá cuid féin a bheith aici, b’fhéidir.
  • Caitheann siad an coinne a chur ar ceal nuair a fhaigheann Dónal glaoch ón scoil le rá le gur ionsaigh Síle cailín eile.
  • Bíonn argóint theasaí idir Dónal agus Síle. Measann Síle go léiríonn caidreamh Dhónail le hÁine drochmheas ar a máthair. Is léir go ngoineann seo an t-athair.
  • I radharc ina dhiaidh sin tá giúmar maith ar Shíle is í ag caint lena hathair ag bord na cistine. Tagann smuilc uirthi, áfach, nuair a thagann Áine isteach. Is léir go bhfuil sí an-mhíshuaimhneach faoi gcaidreamh.
  • Tagann athrú beag chun feabhais ar an ngaol nuair a thugann Áine cabhair do Shíle lena cuid smididh.
  • Tagann fearg ar Dhónal nuair a fheiceann sé an smideadh. Is léir go bhfuil sí an-chosantach fúithi.
  • Seo buille maraithe na muice do Shíle agus déanann sí scrios timpeall an tí; do rudaí Áine ach go háirithe.
  • Tá Áine trína chéile agus teastaíonn uaithi deireadh a chur leis an gcaidreamh.
  • Agus í ag imeacht tugann Dónal Aisling uirthi trí thimpiste.
  • Déanann Síle iarracht a chur in luí ar a hathair gur gadaithe a rinne an scrios. Ní chreideann sé í.
  • Tá Dónal go mór trína chéile agus tar éis scaithimh mothaíonn Síle ciontach.
  • Ar deireadh bíonn comhrá ionraic, mothúchánach acu. Tá Síle brónach agus feargach mar nár tugadh cead di dul ag sochraid a máthar.
  • Theastaigh uaithi slán a fhágáil lena máthair agus ceapann sí go bhfuil a hathair ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar Aisling.
  • Deir Fonsie le Síle nach bhfuil Dónal ag teacht ag an obair agus go bhfuil an garáiste i mbaol a dhúnta.
  • Cuireann Síle in iúl go bhfuil sí trína chéile mar go bhfuil rudaí ag athrú chomh tapa sin. Meabhraíonn Fonsie di nach mbeidh éinne fágtha ag Dónal nuair a rachaidh sí ag an gcoláiste.
  • Athraíonn meon Shíle agus déanann sí iarracht rudaí a chur ina gceart  trí chócaireacht a dhéanamh dá breithlá féin agus cuireadh a thabhairt d’Áine.
  • Críochnaíonn an gearrscannán leis an radharc dearfach seo.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘Síle’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'

  • Ciarán

    Scéal an-iontach Bhí sceitimíní orm an t-am AR fad

  • levi curran

    Scéal iontach agus ní rabh mé buartha riamh sa gearrscannán álainn seo. Go raibh maith agat TG4