Gearrscannán – ‘Rúbaí’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'Rúbaí'

Físeán

 

Gníomhaíocht 1:

Rúbaí an teideal atá ar an ngearrscannán seo. Breathnaigh ar an gcéad 30 soicind nó mar sin. Ansin, agus tú ag obair le do pháirtí déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Céard atá Rúbaí a dhéanamh sa chéad radharc?
  2. Cén t-ábhar atá idir lámha sa chéad radharc ar scoil?
  3. Cad iad na rudaí a deir Rúbaí leis an múinteoir sa radharc seo?
  4. Cé atá sa teach nuair a thagann Rúbaí abhaile.
  5. Cén fáth a bhfuil sé ann?
  6. Cén fáth a ndéanann an mháthair tagairt do ‘diamontes’?
  7. Cén leabhar atá á léamh ag Rúbaí?
  8. Céard a thógann sí as an mála scoile?
  9. Cén fáth a luaitear Charles Darwin sa radharc leis an sagart?
  10. Inis i d’fhocail féin cad a tharlaíonn sa radharc deireanach nuair atá an múinteoir ag iarraidh matamaitic a mhúineadh.

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí, déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén sórt duine í Rúbaí, dar leat.
  2. Cén sórt duine é an múinteoir, dar leat?
  3. Meas tú céard air atá an múinteoir ag smaoineamh nuair a deir Rúbaí nach bhfuil aon Dia ann?
  4. Nuair a bhíonn Rúbaí gléasta ina gúna don chéad chomaoineach baineann sí di a bróga bána agus cuireann sí a bróga reatha dearga uirthi féin. Cad a insíonn sé seo dúinn?
  5. Cén fáth nach gcreideann Rúbaí i nDia a thuilleadh?
  6. An ndearna Rúbaí an chéad Chomaoineach, meas tú? Cuir cúiseanna le do fhreagra.
  7. Tar éis eachtraí an ghearrscannáin seo bíonn comhrá idir an múinteoir agus comhghleacaí leis faoi Rúbaí. Scríobh an comhrá sin.

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Is gearrscannán é seo atá bunaithe ar chailín óg a bhfuil pearsantacht ar leith aici. Tá an briseadh croí a bhaineann leis an mbás mar théama lárnach ann.
  • Tá athair Rúbaí tar éis bháis agus tá brón mór uirthi.
  • Is léir gur cailín cliste deisbhéalach í.
  • Nuair atá na páistí á n-ullmhú don chéad Chomaoineach ar scoil cuireann Rúbaí a lámh in airde go minic. Deir sí nach mbíonn a máthar i ndea-ghiúmar.
  • Lena chois sin fógraíonn sí go neamhbhalbh nach gcreideann sí i nDia agus nach bhfuil aon chruthúnas go bhfuil sé ann.
  • Cuireann sé seo frustrachas agus cantal ar an múinteoir agus téann sé chun cainte le máthair Rúbaí.
  • Tá frustrachas ar mháthair Rúbaí chomh maith.
  • I radharc eile is léir go raibh an mháthair ag iarraidh gúna a cheannach di ach nach raibh Rúbaí sásta. Tá an mháthair ag éirí crosta agus mífhoighneach léi.
  • Feictear Rúbaí ag léamh leabhar de chuid Charles Darwin. Tógann sí paidrín amach as a mála agus i radharc eile feicimid go bhfuil sé curtha i mbabhla iasc órga aici.
  • Tagann sagart chun na scoile agus arís eile ní chuireann Rúbaí fiacail ann.  Deir Rúbaí leis gur aindiachaí í. Tagraíonn an sagart don teagasc Críostaí agus tagraíonn Rúbaí do Charles Darwin. Baintear an chaint den sagart.
  • Deir an mháthair go bhfuil sí náirithe. Tagraíonn sí don athair á rá gurbh í Rúbaí a pheata. Tá sí chun iallach a chur ar Rúbaí an chéad Chomaoineach a dhéanamh.
  • Léiríonn Rúbaí arís agus arís eile gur duine inti féin í. Tá sé misniúil agus ceanndána. Tá seo le feiceáil sa radharc ina ndiúltaíonn sí páirt a ghlacadh sa chleachtadh. Géilleann sí sa deireadh nuair a luaitear a máthair.
  • Nuair atá Rúbaí gléasta ina gúna don chéad chomaoineach baineann sí di a bróga bána agus cuireann sí a bróga reatha dearga uirthi féin. Léiriú eile gur duine inti féin í agus go dteastaíonn uaithi a pearsantacht féin a léiriú.
  • I rith an ghearrscannáin feictear grá Rúbaí don nádúr. Bíonn sí ag obair sa ghairdín go minic agus feicimid í ag bailiú péisteanna. I radharc eile feicimid í ag breathnú ar an gcuil ar an doras agus tá iasc órga mar pheata aici. Sa radharc sa reilig feicimid go bhfuil bláthanna curtha aici ar an uaigh.
  • Nuair a chailltear an t-iasc órga déanann sí é a chur san uaigh chéanna lena hathair.
  • I radharc na reilige feicimid cé chomh croíbhriste is atá Rúbaí. Ní chreideann sí i nDia a thuilleadh mar bhásaigh a hathair in ainneoin go ndúirt sí féin a cuid paidreacha.
  • Tá radharc níos éadroime againn ag an deireadh mar a léiríonn Rúbaí a clisteacht agus a meon faoi leith. Fágann sí an múinteoir bocht gan focal.
  • Fágtar sinn le seat teann de chosa Rúbaí ag luascadh faoin mbord agus a bróga reatha dearga á gcaitheamh aici.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘Rúbaí’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'