Gearrscannán – ‘Cúilín Dualach’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'Cúilín Dualach'

Físeán

Gníomhaíocht 1:

Cúilín Dualach an teideal atá ar an ngearrscannán seo. Céard is brí leis na focail sin? Breathnaigh ar an gcéad 30 soicind nó mar sin den scannán. Ansin, agus tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Cá bhfuilimid sa chéad radharc? Cad atá ag tarlú?
  2. Céard atá neamhghnách faoin mbuachaill óg seo?
  3. Céard a tharla leis na cuairteoirí?
  4. Céard a tharla sa chluiche peile?
  5. Cén fáth a bhfuil an snámh oiriúnach dó?
  6. Cad is ainm don pháipéar atá á léamh ag an athair?
  7. Céard a tharla ag an gComórtas Náisiúnta Snámha?
  8. Cén fáth ar tháinig na moltóirí ag an teach?

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí, déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Nuair a rugadh an buachaill óg bhí a fhios againn, sula bhfaca muid é, go raibh rud éigin neamhghnách faoi. Cén chaoi a bhfuil sé seo ar eolas againn?
  2. Cén chaoi ar ghlac an t-athair lena mhac neamhghnách?
  3. Cén tslí ar ghlac an mháthair lena mac neamhghnách?
  4. Céard atá aisteach/greannmhar faoin mbronntanas a tugadh?
  5. Nuair a bhíonn an mháthair ag iarraidh dul amach le Cúilín sa bhugaí déanann an t-athair iarracht í a stopadh. Cén fáth, meas tú?
  6. Céard a cheapann tú den úsáid a baineadh as ceol sa ghearrscannán seo?
  7. Tar éis eachtraí an ghearrscannáin, scríobhann an mháthair litir chuig na moltóirí. Déan an litir sin a chumadh.

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Is gearrscannán é seo atá bunaithe ar bhuachaill óg faoi leith.
  • Nuair a rugadh é bhí a chloigeann iompaithe siar air.
  • Tá scéal an ghearrscannáin truamhéalach ach tá sé greannmhar freisin.
  • Ceann de na téamaí is láidre ná an gaol idir mac agus a bheirt tuismitheoirí.
  • Ní raibh an t-athair sásta, ná in ann, glacadh leis seo. Tá sé ag iarraidh go gcuirfí caoi ar chloigeann Chúilín.
  • Murab ionann agus an t-athair bhí an mháthair bródúil as a mac ón gcéad luí súl. Tá a grá dá mac le feiceáil ó thús deireadh an ghearrscannáin.
  • Is cuma léi go bhfuil sé difriúil. Tagann na comharsana le bronntanais agus tá alltacht orthu nuair a fheiceann siad Cúilín.
  • Tá sé greannmhar gur húdaí a thug siad leo mar bhronntanas. Is cuma leis an máthair.
  • Tá iontas ar an sagart ag an gcéad chomaoineach agus ar an bhfear taobh leis sa leithreas poiblí.
  • Nuair a bhíonn an mháthair ag iarraidh dul amach ag siúl le Cúilín déanann an t-athair iarracht í a stopadh. Is léir go bhfuil náire air agus ní theastaíonn uaidh go bhfeicfeadh éinne a mhac.
  • Nuair a thosaíonn Cúilín ag siúl tá sé an-bhródúil as féin. Tá an mháthair bródúil freisin ach tugann an t-athair neamhaird air.
  • Mar gheall ar an mbealach a bhfuil a chloigeann faigheann sé cúilín don fhoireann eile sa chluiche peile. Tá an t-athair náirithe ach arís eile is cuma leis an máthair; tá sí an-bhródúil as a mac i gcónaí.
  • Mar gheall ar an mbealach a bhfuil a chloigeann tá an snámh an-oiriúnach dó. Tá sé in ann a anáil a tharraingt gan dua.
  • Baineann sé an chéad áit amach ag na Comórtais Náisiúnta Snámha. Den chéad uair feicimid grá agus bród a athar.
  • Ní bhronntar an bonn air, áfach, mar measann na moltóirí gur sháraigh sé na rialacha.
  • Is cuma le Cúilín mar gurb é seo an chéad uair a léiríonn a athair a ghrá agus a bhród. Beireann siad barróg mhór ar a chéile.
  • Faigheann Cúilín bás go gairid ina dhiaidh sin.
  • Tá an mháthair bhocht croíbhriste agus í ag streachailt léi ag an tsochraid.
  • Tagann na moltóirí ag an doras le rá gur cheart an bonn a bheith bronnta ar Chúilín.
  • Sa radharc deireanach feicimid na tuismitheoirí ag uaigh Chúilín. Cuireann siad an bonn ar an uaigh agus feicimid Cúilín ag snámh sna scamaill.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘Cúilín Dualach’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'