Gearrscannán – ‘An Teanga Rúnda’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'An Teanga Rúnda'

Gearrscannán – ‘An Teanga Rúnda’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Físeán

 

Gníomhaíocht 1:

An Teanga Rúnda an teideal atá ar an ngearrscannán seo.

Céard is brí leis an teideal sin, meas tú? Breathnaigh ar an gcéad 30 soicind nó mar sin. Ansin, agus tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Céard atá ag tarlú/le cloisteáil ag tús an ghearrscannáin?
  2. Cén grád a fuair an buachaill (James) ar a aiste?
  3. Céard é an rud aisteach a dhéanann James ar scoil i dtosach an ghearrscannáin?
  4. Céard a tharla dó? (smaoinigh ar an radharc ina dhiaidh sin).
  5. Cén fáth go bhfuil James den tuairim nach amadán é?
  6. Cén chaoi ar éirigh leis sa scrúdú Mata?
  7. Cén fáth ar tháinig James isteach sa teach tábhairne?
  8. Céard a tharlaíonn san ospidéal?
  9. Inis i d’fhocail féin cad é an casadh ag deireadh an scéil?

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Déan cúpla pointe a scríobh faoi phearsantacht James?
  2. Céard a chuireann na creidiúintí tosaigh in iúl, meas tú? Céard atá le feiceáil?
  3. Cén fáth a ndéanann Michael tagairt d’fhear na dtrí mhéar an chéad uair?
  4. Cén sórt caidrimh atá idir an t-athair (Michael) agus a bhean chéile? Cén t-athrú atá tagtha ar an gcaidreamh seo faoi dheireadh an scéil?
  5. Cén fáth, meas tú, a ndéanann James a chuid béas a athrú?
  6. Nuair a bhíonn James, Michael agus an mháthair sa seomra suí le chéile ag an deireadh cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil rudaí athraithe chun feabhais?
  7. Déan scéal an scannáin a insint trí shúile fhear na dtrí mhéar.

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

  • Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Gearrscannán é seo faoin ngaol idir buachaill óg, James, agus a athair, Michael.
  • Is léir go bhfuil grá mór acu dá chéile.
  • Ar an drochuair tá Michael gafa leis an ól.
  • Is buachaill soineanta, saonta é James agus slogann sé gan chogaint gach rud a deir a athair leis. 
  • Bíonn na scoláirí eile ar scoil ag déanamh tromaíochta air agus ag magadh faoi.
  • Lá amháin cuireann siad ina luí air go mbeadh sé in ann eitilt ach rith tapa go leor agus a lámha a ghreadadh. Cailleann sé cúpla fiacail de bharr na heachtra.
  • Labhraíonn James agus a athair Gaeilge lena chéile, rud a dhéanann an gaol eatarthu a neartú.
  • Níl aon Ghaeilge ag an máthair agus bíonn an bheirt in ann cumarsáid a dhéanamh faoi rún.
  • Cabhraíonn sé seo le cur i gcéill an athar. Bíonn sé de shíor ag insint scéalta áiféiseacha.
  • Tá Michael ina Dhia beag ag an mac.
  • Éan corr agus duine faoi leith is ea James. Cé nach bhfuil sé ag déanamh chomh maith sin go hacadúil is léir go bhfuil an-samhlaíocht aige.
  • Deir Michael le James gur gníomhaire rúnda é.
  • Lá de na laethanta téann James isteach sa teach tábhairne lena rá le Michael go bhfuil a mháthair á lorg. Cuirtear ina luí orainn go bhfuil dúil ag Michael sa deoch.
  • Insíonn sé scéal áiféiseach faoi Sheán na dtrí mhéar.
  • Tá teannas le brath idir Michael agus an mháthair mar go bhfuil sé ag imeacht le haer an tsaoil.
  • Nuair a bhí Michael ag obair mar bhailitheoir bruscair dúirt sé le James go raibh sé ag iarraidh an dallamullóg a chur ar na Hells Angels.
  • Nuair a bhí páirt á ghlacadh aige i dtástálacha leighis dúirt sé go raibh sé ag iarraidh teacht ar choirpigh dhrugaí.
  • Nuair a bhí sé ag obair mar ghlantóir dúirt sé gur ag troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta a bhí sé.
  • Nuair a bhí sé mar oibrí cistine mheas an mac go raibh sé ag iarraidh an Maifia a chur de dhroim seoil.
  • Coimeádann James súil ar fhear na dtrí mhéar mar measann sé go bhfuil a athair i mbaol.
  • Lá de na laethanta agus Michael ólta titeann sé ina chodladh ar thaobh na sráide. Measann James go bhfuil fear na dtrí mhéar tar éis é a ionsaí.
  • Mar dhíoltas déanann James ionsaí air siúd le maide gailf.
  • Nuair atá na Gardaí ag labhairt le James san ospidéal tuigeann Michael an fhaillí atá déanta aige ar a mhac agus a bhean chéile.
  • Déanann sé a bhéasa a athrú.
  • Ag deireadh an ghearrscannáin feicimid go bhfuil an teaghlach i bhfad níos sona. Breathnaíonn sé go bhfuil jab níos buaine/fearr ag an Michael agus tá Gaeilge á foghlaim ag an máthair.
  • An casadh atá sa scéal ná gur choirpeach ab ea Seán na dtrí mhéar an t-am ar fad.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘An Teanga Rúnda’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'