Gearradh pianbhreithe ar iar-iriseoir de chuid RTÉ RnaG a ciontaíodh as ionsaí gnéis curtha siar

Dúirt an Breitheamh Karen O’Connor go raibh cinneadh le déanamh aici faoina thábhachtaí is a bhí sé go raibh sé curtha in iúl ag Micheál Ó Leidhin go raibh aithreachas air

Gearradh pianbhreithe ar iar-iriseoir de chuid RTÉ RnaG a ciontaíodh as ionsaí gnéis curtha siar

Mí Iúil a ghearrfar pianbhreith ar iar-iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a ciontaíodh an mhí seo caite as ionsaí gnéis a dhéanamh ar bhean a bhí ina codladh.

Ciontaíodh an mhí seo caite sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Mícheál Ó Leidhin, 38, a bhí ina chomhfhreagraí polaitíochta le Raidió na Gaeltachta i dTeach Laighean.

Dúirt an bhean gur ionsaí ar a corp agus ar a hintinn a bhí i gceist, gur chaill sí a háit sa saol agus go mbeadh uirthi déileáil leis an scéal an chuid eile dá saol.

Agus fógra na pianbhreithe á chur siar aici, dúirt an Breitheamh Karen O’Connor maidin inniu gur cuireadh leagan áirithe den scéal faoi bhráid an ghiúiré le linn na trialach.

Dúirt sí go raibh sé curtha in iúl ag Micheál Ó Leidhin gur ghlac sé le cinneadh an ghiúiré agus go raibh aithreachas agus brón air faoin méid a tharla. Chaithfeadh sí anois, a dúirt an Breitheamh, cinneadh a dhéanamh faoina thábhachtaí is a bhí sé go raibh sé curtha in iúl ag Micheál Ó Leidhin go raibh aithreachas air.

Ba mhaith léi an ghné sin den chás a scagadh a thuilleadh, a dúirt sí, agus lorg sí tuarascáil ó na seirbhísí promhaidh.

Chuir sí fógra na pianbhreithe siar go dtí an 27 Iúil.

Dúradh sa chúirt gur bhuail an bhean agus Micheál Ó Leidhin, arb as Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó dhúchas dó ach a bhfuil seoladh aige in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath, le chéile ar oíche amuigh ar an 12 Bealtaine 2018 nuair a chuir cairde ina aithne dá chéile iad. Phógadar a chéile i dteach tábhairne i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chuaigh siad ar ais go dtí teach Uí Leidhin níos déanaí.

Tharla gníomhaíocht ghnéasach eatarthu ar thoiligh an bheirt páirt a ghlacadh ann, ach dúirt an bhean nach raibh caidreamh collaí uaithi mar nach raibh aon fhrithghiniúint acu.

Dúradh sa chúirt gur thit an bheirt acu ina gcodladh agus nuair a dhúisigh an bhean go raibh Ó Leidhin ag luí anairde agus é ag crúbáil a cuid cíoch.

Dúirt sí leis éirí di, ghabh sé a leithscéal léi agus dúirt sé rud éigin ar nós “tá brón orm, tá macnas orm”.

Dúirt an bhean leis an gcúirt nach raibh aon cheist ann gur thoiligh sí don iompar seo, gur chuir sé as go mór di go raibh sí trína chéile mar gheall air agus go ndúirt sí le Ó Leidhin gur iompar ait a bhí ann agus í ina codladh.

Chuadar ar ais a chodladh agus níos déanaí an mhaidin sin thug Ó Leidhin síob abhaile don bhean.

Labhair siad beirt lena chéile an lá sin ar an bhfón agus ar theachtaireachtaí téacs agus chuir an bhean a míshásamh faoin eachtra in iúl dó.

Chuaigh Micheál Ó Leidhin go dtí teach na mná an oíche sin chun an scéal a phlé agus thug siad uair an chloig ag caint. Dúirt an t-abhcóide ar son an chúisimh gur easaontaigh siad lena chéile faoin méid a tharla agus gurbh in deireadh leis an dteagmháil eatarthu.

Thug an bhean tuairisc faoin eachtra do na Gardaí i mí Aibreáin 2019.

Sa ráiteas a thug sé do na Gardaí faoin eachtra, dúirt Ó Leidhin nuair a dhúisigh sé an oíche sin go raibh sé ag iarraidh leanúint leis an ngníomhaíocht ghnéasach a bhí ar siúl aige féin agus ag an mbean níos túisce.  Dúirt sé go raibh sé “ag méiseáil timpeall” agus é ag iarraidh an bhean a dhúiseacht chun go leanfaí den ghníomhaíocht.  Stad sé nuair a d’iarr an bhean air stad, a dúirt sé.

Dúirt an bhean ina ráiteas tionchair íospartaigh go raibh sí ag iarraidh an rian a d’fhág an foréigean gnéis uirthi a chur ar an taifead.  Dúirt sí gur ionsaíodh í nuair a bhí sí ina codladh agus gur ionsaí ar a corp, a hintinn, a tuiscint uirthi féin agus an tuiscint go raibh sí sábháilte sa saol seo.

Chuir an eachtra isteach ar gach gné dá saol, a dúirt sí.

Dúirt sí gurbh í oíche na heachtra an oíche dheireanach a rachadh sí a chodladh agus an bhraistint aici go raibh sí sábháilte agus nach bhféadfadh sí a thuiscint conas a dhéanfadh duine ionsaí gnéis uirthi agus í ina codladh.

Bíonn sí ag cuimhneamh arís agus arís eile ar an ionsaí, a dúirt sí, agus ní bhíonn aon chríoch leis an strus agus an imní a lean an eachtra.

Bhraith sí brón agus briseadh croí agus míshuaimhneas ar deacair cur síos orthu agus bhraith sí go raibh sí scartha amach ón saol mar atá.

D’éirigh a caidreamh lena muintir achrannach, chaill sí go leor cairde agus níor éirigh léi aon dul chun cinn a dhéanamh ina slí bheatha. Bhí sí faoi ghruaim agus i riocht lámh a chur ina bás féin, rud a ndearna sí iarracht amháin é a dhéanamh.

Dúirt sí nach mbeadh uirthi cur suas leis an méid a d’fhulaing sí dá mbeadh tacaíocht níos fearr ar fáil do mhná a ndéantar ionsaithe gnéis orthu.

Cé gurb é Ó Leidhin amháin ba chúis leis an dochar a deineadh dá caidrimh le daoine eile cuireadh an milleán uirthi mar gheall ar an méid a tharla agus náiríodh í, a dúirt sí.

Bhí uirthi íoc as coinní dochtúra agus seirbhísí comhairleoireachta agus bhí trí bliana ann idir an uair a ndeachaigh sí go dtí na Gardaí agus tús na trialach.

Dúirt sí nach bhféadfaí glacadh leis go dtógann a leithéid de chás chomh fada sin mar go bhfágann sé go mbíonn íospartaigh teanntaithe sa “tráma” a bhaineann dóibh. Bhain strus mór chomh maith le bheith á ceistiú sa chúirt faoin eachtra agus bhraith sí go raibh sí ar tí taom croí a bheith aici.

Ní dhéanfadh sí dearmad go deo ar an eachtra, ach ní ligfeadh sí di a leagadh amach cé hí féin.

Dúirt sí go bhfágfadh sí le hiompar ag an té a d’ionsaigh í na rudaí a dúradh sa chúirt fúithi nach raibh fíor, a pian agus a náire.

Dúirt an bhean nach raibh sí ag iarraidh go n-ainmneofaí í ach go raibh sí ag iarraidh go n-ainmneofaí Micheál Ó Leidhin.

Ghabh an Breitheamh Karen O’Connor buíochas leis an mbean as an dínit a léirigh sí agus as labhairt chomh maith sin faoin ionsaí.

Dúirt an t-abhcóide ar son na cosanta, Bernard Condon, gur eachtra aon uaire a bhí ann, gur ghlac Micheál Ó Leidhin le cinneadh an ghiúiré agus gur chuir sé in iúl go raibh aithreachas agus brón air faoin méid a tharla. Ní raibh aon chúis ag na Gardaí aon aird a thabhairt ar Ó Leidhin roimh an eachtra nó ó shin, a dúirt Condon.

Bheadh a chliant ar chlár na gciontóirí gnéis, bhí a phost caillte aige agus bheadh sé deacair air ceann eile a fháil. Mhaígh an t-abhcóide ar son na cosanta nach raibh an cion chomh tromchúiseach le cionta eile dá leithéid agus d’achainigh sé ar an mBreitheamh gan príosún a chur ar a chliant.

Fág freagra ar 'Gearradh pianbhreithe ar iar-iriseoir de chuid RTÉ RnaG a ciontaíodh as ionsaí gnéis curtha siar'