‘Géarghá le scoil teilifíse laethúil i nGaeilge amháin’ – Conradh na Gaeilge

Deir an Conradh nach leor na píosaí Gaeilge ar chlár nua RTÉ agus go bhfuil gá le clár i nGaeilge amháin chun freastal ar dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

‘Géarghá le scoil teilifíse laethúil i nGaeilge amháin’ – Conradh na Gaeilge

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge nach leor na píosaí Gaeilge ar chlár ‘scoil ar theilifís’ nua RTÉ agus gur cheart clár lán-Ghaeilge a dhéanamh do dhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre.

Deir an Conradh go bhfuil RTÉ le moladh as an nGaeilge a chur san áireamh sa chlár scoile laethúil School Home Hub, ar cuireadh tús leis an tseachtain seo, ach go bhfuil gá le clár i nGaeilge amháin chun freastal ar dhaltaí atá ag déanamh a gcuid scolaíochta trí Ghaeilge amháin.

“Tá géarghá le clár scoile laethúil i nGaeilge amháin do dhaltaí scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna anois ar an teilifís, go háirithe le freastail ar na daltaí sna ranganna sóisearacha atá le bheith tumtha sa Ghaeilge, faoi mar a mholtar sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta, agus nach mbeadh an Béarla múinte go dtí rang a 1 ar aghaidh,” a deir Conradh na Gaeilge i ráiteas a d’eisigh siad tráthnóna inné.

“Molann Conradh na Gaeilge RTÉ as an Ghaeilge a chur san áireamh sa chlár scoile laethúil atá tosaithe acu an tseachtain seo ach ní shásaíonn an clár seo riachtanas na ndaltaí Gaeltachta nó Gaelscoileanna.

“Ba chóir do RTÉ cur leis an tseirbhís scoile agus clár laethúil as Gaeilge amháin a chur ar fáil chomh maith. D’fhéadfaidís seo a dhéanamh go héasca ag baint úsáid as na hacmhainní céanna agus bheadh seo mar sholáthar breise do gach dalta scoile agus ní do na daltaí Gaeltachta agus Gaelscoileanna amháin.”

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá machnamh á dhéanamh ag TG4 ar sheirbhís Ghaeilge a chur ar fáil do na páistí atá sáinnithe ag baile. Tá múnlaí éagsúla á bplé ag TG4 agus súil acu an tseirbhís a chur ar fáil tar éis na Cásca.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimhe sin ach dúirt siad go raibh “an-phráinn” ag baint le clár Gaeilge a chur ar fáil.

“Bheadh muid ag súil leis chomh maith go mbeidh an clár atá á fhorbairt ag TG4 ag teacht leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta ó thaobh an luath-thumoideachais de le cinntiú nach mbeidh daltaí scoile sna naíonáin shóisearacha agus shinsearacha ag tosú drochnósanna le foghlaim an Bhéarla roimh rang a 1.

“Tá clár scoile RTÉ ann dar ndóigh d’aon tuismitheoir ag iarraidh go mbeidh Béarla mar chuid den chlár scoile a fhéachfaidh a pháiste air.”

Fág freagra ar '‘Géarghá le scoil teilifíse laethúil i nGaeilge amháin’ – Conradh na Gaeilge'

  • Seán Mac Bhriain

    Nár chiallmhaire ag CnaG togra do chlár a chur i láthair, an taighde a dhéanamh agus meastachán costais? Is iomaí duine nach gcuireann aon spéis a thuilleadh sna soundbites

  • Léitheoir

    Tá an ceart agat, a Sheáin! Agus tá cúrsa gramadaí ag teastáil ó lucht CnaG freisin is léir.