Geansaithe Nollag d’fhir, mná, páistí…agus madraí!

Níl sé rómhall agat fós spiorad na Nollag a scaoileadh isteach i do chroí agus geansaithe spleodracha ildaite a fháil, a deir ár gcomhfhreagraí

Geansaithe Nollag d’fhir, mná, páistí…agus madraí!

Is cosúil nach bhfuil stair an-fhada ar chor ar bith ag geansaithe spleodracha ildaite na Nollag ach gur traidisiún nua iad a tháinig chun cinn go mór, go háirithe le deich mbliana anuas.

Deirtear gur i Vancouver i gCeanada sa bhliain 2002 a tionóladh an chéad chóisir phoiblí a raibh geansaithe Nollag mar théama aici. Mar ábhar grinn agus magaidh a thosaigh siad ach tá oiread éilimh anois ar na geansaithe céanna gur tionscal é a bhfuil na céadta milliún euro luaite leis.

Tá oiread cainte ar gheansaithe Nollag anois go raibh comórtas roinnt seachtainí ó shin ag Maura Derrane agus Dáithí Ó Sé ar an Afternoon Show ar RTE1 le ceann ar leith a roghnú do Ryan Tubridy d’eagrán na mbréagán den Late Late Show agus Paul Galvin, an t-iarpheileadóir agus dearthóir faisin as Ciarraí, ina réiteoir.

Agus ní do mhná agus do fhir amháin a dheartar na geansaithe Nollag anois; tá siad le fáil do bhuachaillí agus do chailíní beaga freisin, agus, creid é nó ná creid, do mhadraí chom maith!

Níl sé rómhall agat fós spiorad na Nollag a scaoileadh isteach i do chroí agus geansaithe spleodracha a fháil. Dá mhéid dathanna, bobailíní, soilse agus seacainí orthu is ea is fearr iad. Seo chugaibh, mar sin, roinnt de na cinn is mó a thaitin liom féin.

 

Dóibh siúd gur breá leo an scannán ‘Home Alone’ seo geansaí ‘Eva’ ó Boohoo ar €20.00.

 

Tá piongainí agus seacainí go leor ar an gceann seo ar €50 ó Topshop.

 

Beidh bolg chomh mór le Daidí na Nollag ort sa cheann liath seo ó ‘Brave Soul’ ar fáil ó ASOS ar €29.73.

 

Béar bán ón réigiún Artach atá ar an gceann álainn glas seo ar €37 ó River Island.

 

Tá soilse agus piongain ar an gceann seo don bheainín óg ar €15 ó Dunnes Stores.

 

Daidí na Nollag ar gheansaí deas dúghorm don bhuachaill óg ar €15 ó Dunnes Stores.

 

Céard faoin gceann grinn seo don lánúin atá ceangailte dá chéile? Mr & Mrs Elf Twin ó Boohoo ar €29.73.

 

Rogha eile ó River Island – geansaí simplí a cheannach agus greamáin Nollag a iarnáil  air ar chostas €8.

 

Agus cá bhfágfá an madra bocht le linn shéasúr na Nollag! Nach é a bheidh postúil péacach ina gheansaí féin, an ‘Leigh Tucker Willow Dog Jumper’ ar €10.00 ó Dunnes Stores.

Fág freagra ar 'Geansaithe Nollag d’fhir, mná, páistí…agus madraí!'

  • tadhg

    Tá sé in am agat turas a thabhairt ar ‘Cniotáil Inis Meáin’ agus geansaithe le dealramh a fheiceáil! Earaí sármhaithe stíliúla a sheasóidh na blianta móra fada.

  • Hedi Gotthalseder

    Cuireann sé iontas orainn nár luaigh Tuairisc.ie go bhfuil cinn Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta agus páistí ó
    http://www.spailpin.com/ga/geansaithe-cochaill-seaiceid/geansaithe-spraoi/nollaig-shona-geansa%C3%AD-spraoi-faiseanta-don-nollaig-detail

  • tommytummy@gmail.com

    Geansaí a cheannach do ghadhar! Fág ina ghiordaí é (cois tine). Tá údar an ailt seo rabairneach caiteach. Tá súil agam gur amach as a póca féinig a thagann na stivers!