Gealladh faoi phodchraoladh Gaeilge le triúr ban misniúil

Thug ár léirmheastóir cluas le héisteacht don chéad phodchraoladh Gaeilge riamh ó cheárta RTÉ, agus níos fearr ná beo ar éigean atá sé

Gealladh faoi phodchraoladh Gaeilge le triúr ban misniúil

‘Tá 99 % Invisible ann, tá Serial ann, tá Second Captains ann agus anois, tá Beo ar Éigean… ann!’

Sin é an réamhrá a chuir Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, leis an gcéad phodchraoladh Gaeilge ó cheárta RTÉ agus í ag scríobh ar shuíomh idirlín an stáisiúin.

Sraith stíl mhaireachtála a bheidh in Beo ar Éigean agus ábhair éagsúla idir chamáin – ‘an grá, an ghráin, an gnéas agus an gáire’ ina measc. Dealraíonn sé chomh maith nach mbeifear róthógtha le ceist na teanga.

Is mithid sin.

Beidh gála chugainn go seachtainiúil agus gach ceann acu fiche nóiméad ar fhad.

Ach oiread le Second Captains agus cláracha dá leithéid, is iad na láithreoirí máithreacha an tionscnaimh.

Earcaíodh meitheal ban le tabhairt faoin gcúram seo agus taobh le Siún bhí beirt ó Raidió na Gaeltachta, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin.

An ghlúin óg ag teacht in inmhe más maith leat.

Is léir go bhfuil dlúthchairdeas idir an triúr seo agus go bhfuilid compordach i bhfochair a chéile. Cabhraíonn an méid sin leis an gcaint a choimeád sa tsiúl agus nádúrthacht a bheith sa chadráil. Is fearr liom féin i gcónaí go mbeadh na rannpháirtithe ar fad in aon láthair amháin do chlár den saghas seo ach tuigim canathaobh nach bhféadfaí sin a dhéanamh sa chás seo ar chúiseanna tíreolaíocha.

Dúradh linn sa chéad ghála go mbeadh aoichainteoirí á mealladh isteach agus is inmholta an rud é sin óir go soláthróidh sé struchtúr agus fócas. Sa chéad ghála chuir na láithreoirí iad féin in aithne agus labhair siad faoi bhunús agus forás a gcairdis.

Lena chois sin tagraíodh do thionchar an bháis, cailíní a bheith ag ól leo féin, drochnósanna na bhfón póca agus an Ghaeilge a bheadh ar ‘stood up’ (‘droim láimhe’ ba ea an leagan a rith chuig Áine, dála an scéil).

Taibhsíodh dom mar uairibh gur clár é seo a bheidh dírithe ar mhná idir 20 agus 40 seachas ar fhir mheánaosta (cosúil leis an léirmheastóir seo).

Déanfaidh an táirge seo iarracht guailleáil isteach i nósanna éisteachta an dreama sin. Ní haon iontas mar sin go bhfuiltear ag iarraidh na meáin shóisialta a bheith lárnach sa chadráil.

Mheasas go n-imigh an comhrá ar bóiléigear ábhairín anseo ansiúd ach ní féidir le haon tús a bheith foirfe.

Láithreoirí caithiseacha, deisbhéalacha an triúr seo agus ní fada go mbeidh siad os cionn a mbuille. Tá sé an-tábhachtach do RTÉ agus do chraoltóireacht na Gaeilge go mbeadh rath ar an bpodchraoladh seo.

Fág freagra ar 'Gealladh faoi phodchraoladh Gaeilge le triúr ban misniúil'