Gary Lineker ag filleadh ar a chuid oibre agus socrú déanta leis an BBC

Tharraing tvuít an láithreora inar cháin sé polasaí tearmainn rialtas na Breataine conspóid faoi neamhchlaontacht an BBC

Gary Lineker ag filleadh ar a chuid oibre agus socrú déanta leis an BBC

Tá Gary Lineker ag teacht ar ais mar láithreoir Match of the Day ar stáisiún teilifíse an BBC. Cuireadh den aer é nuair a tharraing tvuít dá chuid conspóid maidir le neamhchlaontacht ar an BBC, tvuít inar cháin sé polasaí nua do lucht tearmainn rialtas na Bhreataine.

Dúirt an BBC inniu go gcuirfí tús le hiniúchadh neamhspleách ar threoirlínte an chraoltóra i leith na meán sóisialta, a dhíreodh ar an bhfeidhm a bheadh leis sin i gcás saorchraoltóirí nach mbaineann le cúrsaí nuachta.

Dúirt Lineker gur thacaigh sé féin leis an athbhreithniú sin agus go raibh ríméad air a bheith ag filleadh ar an aer. Dúirt sé go raibh an cúpla lá seo caite “osréalach” agus go raibh sé buíoch den phobal as an “tacaíocht iontach”.

Cuireadh as do chlúdach an BBC ar chluichí sacair an deireadh seachtaine nuair a dhiúltaigh craoltóirí is tráchtairí eile dul ar an aer toisc Lineker a bheith ar fionraí.

Dhiúltaigh urlabhraí Shráid Downing aon rud a rá faoi mhuinín an Phríomh-Aire Rishi Sunak in Ardstiúrthóir an BBC, Tim Davie.

“An BBC a cheapann an tArdstiúrthóir agus is fúthusan an cúram sin,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Lineker féin ar Twitter go raibh sé “thar a bheith bródúil” as a bheith ag obair leis an BBC.

Dúirt Tim Davie, Ardstiúrthóir an BBC nach raibh sé éasca riamh an neamhchlaontacht a chur i bhfeidhm agus nach amhlaidh go raibh sé ag géilleadh d’aon bhrú ó aon pháirtí polaitíochta.

Ghabh sé a leithscéal faoin “tréimhse chrua” a bhí curtha díobh ag an bhfoireann agus ag an lucht féachana.

Giolc de chuid Lineker an tseachtain seo caite a chuir an lasair sa bharrach, giolc inar mhaígh sé gurbh ionann an teanga a bhí in úsáid agus Bille um Inimirce Mhídhleathach nua rialtas na Breataine á chur i láthair an phobail agus an chaint “a bhí in úsáid ag an nGearmáin sna 1930idí”.

Dé hAoine, cuireadh in iúl do Lineker go gcaithfeadh sé a leithscéal a ghabháil faoin tvuít sin nó go mbainfí den aer é. Dhiúltaigh an t-iarpheileadóir a ghiolc a tharraingt siar.

Luaigh Lineker cúrsaí tearmainn arís inniu agus é ag caint faoi bheith ag filleadh ar a chuid oibre leis an BBC.

“Dá dheacra a bhí an cúpla lá seo caite, níl comparáid dá laghad idir iad agus gan a bheith de rogha agat ach do bhaile a fhágáil le teitheadh ó ghéarleanúint nó ó chogadh le dídean a lorg i dtír i bhfad ó bhaile.

“Ardú croí atá ann an chomhbhá a fheiceáil atá ag go leor díobh don chruachás ina bhfuil na daoine sin. Tír í seo ina bhfuil an chuid is mó de na daoine tuisceanach, fáilteach agus flaithiúil.”

Beidh Lineker ar ais mar láithreoir ar an gclúdach beo ar chluiche ceathrú ceannais Chumann Sacair Shasana an Satharn seo chugainn, Man City v Burnley.

Fág freagra ar 'Gary Lineker ag filleadh ar a chuid oibre agus socrú déanta leis an BBC'