Gan na plandaí a choinnigh an láib bheadh cuma Mhars ar an domhan inniu

Tá láib ag bailiú ar an domhan ó tháinig na chéad phlandaí ar an fhód

Gan na plandaí a choinnigh an láib bheadh cuma Mhars ar an domhan inniu

Tá an láib mar dhlúthchuid de thalamh na n-ilchríoch sa lá atá inniu ann, ach ní raibh sé mar sin i gcónaí.  De réir tuairisce a foilsíodh Déardaoin seo thart san iris Science, ba í éabhlóid na chéad phlandaí a bhailigh láib ar na hilchríocha den chéad uair.

Tá meascán láibe agus gainimh mar chuid den talamh sa chuid is mó den domhan.  Tá na sraitheanna láibe níos lú na 0.07 mm agus bíonn na sraitheanna greamaithe dá chéile le huisce.  Tá na sraitheanna gainimh níos mó ná 0.07 mm ach ní bhíonn na sraitheanna seo nasctha le huisce.

Tá talamh ársa buanaithe mar chloch in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.  Má tá an-chuid sraitheanna láibe sa chloch, láibchloch is ea í.  Má tá níos mó gainimh sa chloch, gaineamhchloch is ea í.

Ba ghaineamhchloch don chuid is mó a leagadh síos ar na hilchríocha roimh 500 milliún bliain ó shin.  Dá bharr sin tuigtear go raibh gaineamh go forleathan ar dhromchla na n-ilchríoch faoin am sin. Measadh go raibh dromchla an domhain sa tréimhse sin díreach cosúil le dromchla Mhars sa lá atá inniu ann.

Ach tháinig athrú ar an scéal breis is 500 milliún bliain ó shin.

Rinne taighdeoirí ó Ollscoil Cambridge méid na láibchloiche a leagadh síos ar na hilchríocha idir 540 milliún agus 300 milliún bliain ó shin a thomhas. In ainneoin a rabhthas ag súil leis, de réir na fianaise a cuireadh inár láthair, ní raibh mórán láibchloiche ann idir 500 agus 450 milliún bliain ó shin.

Ach, tháinig méadú tobann ar an méid láibchloiche thart ar 450 milliún bliain ó shin. Lean an méadú sin ar aghaidh go mall go dtí 430 milliún bliain ó shin nuair a leagadh síos an t-uafás láibchloiche. Lean an méadú go ceann céad milliún bliain eile ina dhiaidh sin. 

Is léir ón bhfianaise, mar sin, go bhfuil an láib ag bailiú ar na hilchríocha le 450 bliain anuas.

Cad é ba chúis leis an charnadh láibe seo? 

Meastar gurbh iad na plandaí ba chúis leis.

Tá fianaise ann go raibh na chéad phlandaí ag fás in áiteanna taise ar fud na n-ilchríoch thart ar 465 milliún bliain ó shin. 

Ansin, thart ar 430 billiún bliain ó shin, bhí plandaí níos mó tagtha ar an fhód agus cealla adhmaid iontu.  Leis na cealla seo bhí na plandaí in ann seasamh in airde agus uisce a iompar ón talamh aníos go barr.  Tháinig John Feehan, a bhí ina thaighdeoir i gColáiste na Tríonóide sna hochtóidí, ar na hiontais is ársa a raibh cealla adhmadacha iontu ar an Bhearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.

De réir a chéile, tháinig plandaí níos coimpléascaí agus níos airde ar an fhód.  Bhí foraoisí ann breis is 350 milliún bliain ó shin ina raibh crainn cosúil le crainn chónaiféir agus raithneach. Bhí crainn chomh hard le 50 méadar ann 320 milliún bliain ó shin.

De réir na fianaise nua, is léir go raibh tuilleadh láibe ag bailiú ar na hilchríocha ag an am céanna go raibh plandaí ag forbairt agus ag éirí níos coimpléascaí agus a bhfréamhacha á gcur níos doimhne acu.

Meastar gurb iad na fréamhacha sin a choinnigh an láib ar na hilchríocha. Roimh éabhlóid na bplandaí, bhíodh na sraitheanna láibe ag sruthú as an talamh, isteach sna haibhneacha agus astu sin isteach san fharraige.

An láib ba chúis le forbairt ithir na talún den chéad uair i stair an domhain.

Tá láib na n-ilchríoch tábhachtach d’achan chréatúr agus d’achan phlanda atá beo. Gan na plandaí a choinnigh an láib agus a chruthaigh an chéad éiceachóras ar thalamh, bheadh cuma Mhars ar ilchríocha an domhain inniu.

– Is Ollamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford é Liam Ó Dúbhláin

Fág freagra ar 'Gan na plandaí a choinnigh an láib bheadh cuma Mhars ar an domhan inniu'

  • Owen J. Conlan

    Is foghlaimeoir mé!
    Ní húmas atá igceist agat, ach “silt” ? An ea?
    Eoghan