Gan aon suim léirithe fós ag 28 scoil sa Ghaeltacht i stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’

Níl ach seachtain fágtha ag 28 scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoileanna Gaeltachta, ach tabharfar deis eile dóibh an bhliain seo chugainn

Gan aon suim léirithe fós ag 28 scoil sa Ghaeltacht i stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’

Níl aon athrú intinne tagtha go fóill ar aon cheann den 28 scoil sa Ghaeltacht nár léirigh spéis go dtí seo i stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Ní fágtha ach seachtain ag na scoileanna sin le cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta, ach tá sé ráite ag an Aire Oideachais go dtabharfar deis eile do na scoileanna sin déanamh amhlaidh an bhliain seo chugainn.

Ba é an 31 Eanáir an chéad sprioc le cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta faoin bpolasaí nua. Chuir 106 den 133 bunscoil agus 27 den 28 iarbhunscoil atá sa Ghaeltacht isteach ar aitheantas Gaeltachta roimh an dáta sin.

Tugadh síneadh ama, go dtí an 1 Meitheamh, don 28 scoil eile sa Ghaeltacht iarratas a dhéanamh, ach dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton sa Dáil an tseachtain seo nach bhfuil aon scéala faighte fós ó aon cheann de na scoileanna sin.

“Níl iarratas maidir le páirt a ghlacadh sa scéim aitheantais Gaeltachta déanta leis an Roinn go fóill ag 27 bunscoil agus aon iarbhunscoil amháin sa Ghaeltacht.

Tugadh deis in dhá chiorclán do na scoileanna nár léirigh suim sa scéim léiriú spéise a chur faoi bhráid Aonad Gaeltachta na Roinne roimh an 1 Meitheamh, dáta atá ag teannadh linn go tapa,” a dúirt an tAire Oideachais, Richard Bruton.

Dúirt an tAire go raibh súil aige go gcuirfeadh na scoileanna isteach ar an scéim roimh an 1 Meitheamh.

“Níl a fhios agam an amhlaidh go bhfuil siad ag diúltú glan [páirt a ghlacadh sa scéim] ach is léir nach bhfuil iarratas déanta go fóill acu. Níor mhaith liom a rá go gciallaíonn sé sin nach gcuirfidh siad isteach air. Tá súil agam go gcuirfidh. Chun a bheith cothrom faoi, caithfidh siad coimitmint a thabhairt.

“Tá níos mó i gceist ná iarratas a sheoladh isteach. Geallúint atá i gceist páirt a ghlacadh i bpróiseas tumoideachais agus beidh mo Roinnse ag éileamh go mbainfidh na scoileanna atá páirteach an caighdeán atá ag teastáil amach, cé go bhfuil buntáistí i gceist. Tá deontas ann, uaireanta breise [teagaisc] agus forbairt ghairmiúil leanúnach. Tá múnla do mhol ríomhfhoghlama i gceist.”

Dúirt an tAire go raibh “infheistíocht shuntasach” á déanamh ag a Roinn “chun caighdeáin i bhfad níos airde a bhaint amach i gceantair Ghaeltachta” agus toisc go raibh “imní mhór” ann go raibh caighdeán na teanga ag titim.

“Creidimid gurb é seo an bealach ceart, ach tá rogha ag scoileanna cinneadh a dhéanamh a bheith páirteach nó gan a bheith páirteach ann,” a dúirt sé.

Thug an tAire le fios go mbeadh deiseanna eile ag scoileanna Gaeltachta cur isteach ar aitheantas mar scoileanna Gaeltachta, fiú mura mbacann siad leis sin a dhéanamh roimh an 1 Meitheamh.

Dúirt sé go dtabharfar deis eile dóibh in earrach na bliana seo chugainn iarratas a dhéanamh ar a bheith páirteach sa scéim don scoilbhliain 2019-2020.

“Fiú mura mbíonn iarratas istigh roimh an spriocdháta, an 1 Meitheamh, is faoi bhord bainistíochta na scoile an scéal a phlé le pobal na scoile sula ndéanann siad cinneadh páirt a ghlacadh sa scéim ar mhaithe leis an oideachas trí Ghaeilge a neartú. Tá sé de cheart ag na scoileanna fós gan páirt a ghlacadh sa scéim más é sin a mian,” a dúirt an tAire Oideachais.

Fág freagra ar 'Gan aon suim léirithe fós ag 28 scoil sa Ghaeltacht i stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ba dheas léarscáil ag gabháil leis an scéal seo

  • Cluain Sceach

    Cé hiad?

  • Caitlin Chonolaigb

    Ta se in am ag scoileanna a n-intinn a deanamh suas. Be choir don Roinn Oideachas a gcuid ama a chaitheamh ag thabhairt tacaiochta do na
    scoileanna a leirigh suim, agus liosta de na scoileanna a leirigh suim agus na scoileanna nar leirigh suim a fhoilsiu.

  • Colin Ryan

    Ní dóichí rud ná gur scoileanna lán-Bhéarla iad, beag beann ar iad a bheith sa ‘Ghaeltacht’. Cén fáth a mbeadh suim acu i stádas Gaeltachta? Tá sé thar am na teorainneacha oifigiúla a athrú agus deireadh a chur leis an gcur i gcéill.