Gaeltacht an Oirthir agus an Deiscirt fágtha ar an trá fholamh in ‘Ireland’s Ancient East’

Níl tagairt ar bith do Ghaeltacht Ghlas na Mí ná do Ghaeltacht na nDéise i bplean nua turasóireachta Fáilte Éireann le haghaidh oirthear na tíre

Sean-Oirthear na hÉireann
Ní raibh Fáilte Éireann i dteagmháil le Comhlucht Forbartha na nDéise agus an clár nua turasóireachta ‘Sean-Oirthear na hÉireann’ á chur le chéile acu. Dúirt Mícheál Ó Drisleáin ón gComhlucht Forbartha le Tuairisc.ie go bhfuil deis go leor ann an Ghaeltacht a a dhéanamh i bhfad níos sofheicthe agus i bhfad níos láidre sa togra.

“Tá sé iontach go bhfuil sé ann agus go bhfuil sé á fhógairt agus go bhfuil rud éigin á dhéanamh ach cé go dtéann siad trí cheithre cheannteideal dhifriúla sa chlár, níl mórán tráchta ar chultúr nó ar oidhreacht laistigh den méid sin. Is dóigh liom go bhfuil deis go leor ann an Ghaeltacht a bheith níos láidre ins an phlean. Níl aon tagairt ar an mapa don Rinn ná aon rud mar sin,” a dúirt Ó Drisleáin le Tuairisc.ie.

Freagraíonn Sean-Oirthear na hÉireann Slí an Atlantaigh Fhiáin a shíneann aduaidh ó Thír Chonaill go Corcaigh ar chósta an iarthair. Ní bealach díreach é Sean-Oirthear na hÉireann agus clúdaítear formhór an Oirthir agus an Deiscirt sa chlár. Roinntear an clár ina cheithre chuid: Éire Ársa, Éire na Luath-Chríostaíochta, Éire na Meánaoise agus Éire Anglach. Ar bhuaicphointí an chláir, tá Cathair Phort Láirge, Brú na Bóinne, Cloigtheach Thigh Mhochua agus Caisleán Bhaile Átha Troim.

“Ní raibh aon teagmháil ag Fáilte Éireann linne ná leis an bpobal i bPort Láirge i gcoitinne agus sin an fhadhb is mó atá ann. Bhí mé ag labhairt leis an oifigeach turasóireachta cúpla seachtain ó shin agus ní raibh tuairim aige cad a bheadh ann. Bhí siad ag labhairt le saineolaithe ach gan aon ionchur ar chor ar bith ón bpobal. Tá cultúr agus ceol fágtha amach cuid mhaith.

“Má fhéachann tú ar an léarscáil, is iad na háiteanna a bheadh ann ar aon chuma. Níl ceangal rómhór idir aon cheann acu. An rud nua, tá sé an-leathan ar fad agus tá sé an-oscailte ar fad. Tá Slí an Atlantaigh Fhiáin fada ach ar a laghad tá tú ag taisteal sa treo céanna. 

Leis an gceann seo, táthar ag rá le daoine ‘seo leath den tír; ar aghaidh libh agus is féidir libh dul aon áit agus aon rud a dhéanamh’. Níl dóigh liom go bhfuil dóthain machnaimh déanta air agus ní dóigh liom go bhfuil ionchur ó na daoine atá ag gabháil don turasóireacht istigh sa cheann seo,” a dúirt an Drisleánach le Tuairisc.ie.

Titeann Gaeltacht na Mí faoi réimse Shean-Oirthear na hÉireann freisin ach dúirt urlabhraí Chomharchumann Ráth Chairn le Tuairisc.ie nach raibh Fáilte Éireann i dteagmháil leo faoin gclár nua turasóireachta le linn a phleanála nó tar éis a sheolta inniu.
“Níor chuala muid faoi go fóill ach d’fháilteodh muid roimh aon rud a chuirfeadh le turasóireacht i gceantar Ráth Chairn, go háirithe ó tharla go bhfuil obair seandálaíochta tosaithe ar an suíomh ársa oidhreachta ag Tlachtga atá á chartadh faoi láthair,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

Ba bhandia Cheilteach í Tlachtga agus meastar gur áit éigin i gContae na Mí a cuireadh í. Táthar den tuairim gur gar do Ráth Chairn an lae inniu atá Cnoc Tlachtga.

Fág freagra ar 'Gaeltacht an Oirthir agus an Deiscirt fágtha ar an trá fholamh in ‘Ireland’s Ancient East’'