Gaeilgeoirí muid. A leithéid d’fhocal! De lipéad! De bhoiscín beag táir!

Ná leagaimis uainn ball troscáin seo na féiniúlachta ach mairimis sa taithí bhraite atá againn, idir olc is mhaith, mar Ghaeilgeoirí...

Box

Gaeilgeoirí muid. A leithéid d’fhocal, de lipéad, de bhoiscín beag táir, de choincheap ciotach atá bisiúil agus truaillithe san am céanna.

Spreagann an téarma col, coimhthíos, ómós agus meas in aon bhunséimeantaice amháin. Duine gan cuntanós a tharraingeodh an maide mullaigh anuas ar an gcéad iarraidh d’aon turas. Sin nó an é go léiríonn réimse úsáide agus céille an fhocail seo cén bhail atá orainn mar phobal teanga?

Sula dtiocfaidh mé orlach níos faide, déanaim faoistin. Ní adhlacóir, tubaisteoir ná olagónaí gairmiúil mé. I bhfad uaim geonaíl, grágaíl agus cailicéireacht faoin mbás. Nílimse dall ar an suíomh a bhfuil muid ann, ní dhiúltaím don stair, do staidrimh ná don scoláireacht ach éilím go mbeadh cead againn ár meabhair féin a bheith againn ar chinniúint na teanga, más guagach féin í.

Is críonna an té a dhealódh traidisiún, dúchas, eitniúlacht, féiniúlacht agus teanga óna chéile. Cuimsítear éagsúlacht mhór cainteoirí Gaeilge i gcatagóirí corracha na socheolaíochta.

Is maith ann don léann úd cinnte; oirnéis iontach atá ann le scagadh a dhéanamh ar chainteoirí dúchais, athdhúchais, foghlaimeoirí, athfhoghlaimeoirí, cainteoirí nua agus nuachainteoirí chomh maith le cainteoirí dóchais. Mura bhfuil tú áirithe sa liodán seo, foighid ort – tiocfadh an chéad bhus béarlagair eile gan mhoill.

Ach le filleadh ar mhíchuibheas an mhaide mhullaigh, Gaeilgeoirí muid. Éiríonn linn ár mbealach a dhéanamh ainneoin an dá stát ar an oileán seo. Agus sula gcuirfear m’ainm ar an leabhar dubh ar Shráid Mhuirfean nó i Stormont, ní nós liom a bheith ag caitheamh agus ag cáineadh ar obair an dá rialtas ach oiread, más patuar, uireasach, lagbhríoch a gcuid iarrachtaí ar uairibh. Ina dhiaidh sin féin, is iomaí sin sampla atá ag gach duine againn den mhearbhall oifigiúil a chleachtaítear chomh fada is a bhaineann sé le teanga, cultúr agus féiniúlacht.

Níl mórán urchóide sa scéilín seo i ndáiríre ach léargas atá ann ar an seanreacht a bheith ag imeacht as. Fógraíodh i gCáinaisnéis 2012 go mbeadh deireadh á chur le scoláireachtaí comórtha Sheachtain na Cásca 1916, chomh maith le dhá scéim Scoláireachtaí Gaeilge Tríú Leibhéal (teoranta agus neamhtheoranta) i measc scéimeanna seanbhunaithe eile a chuidíodh le mic léinn cumasacha scoláireachtaí ollscoile fochéime agus iarchéime a bhaint amach.

Socraíodh go ndéanfaí comhtháthú ar na scéimeanna seo agus go mbunófaí scéim úr aonair a thabharfadh tús áite do mhic léinn ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste agus dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna DEIS.

Beart ar son an chomhionannais in aimsir na déine breith na coitiantachta ag an am ach ba dheas mar a cuireadh bealú faoin seantroscán teanga a bhí le díchoimisiúnú agus le cur de láimh, amhail is go raibh contúirt chultúrtha ag baint leis.

Sa mbliain 1966 a cuireadh tús leis an scéim chomórtha agus seacht gcinn de scoláireachtaí a bhronntaí in ómós don seachtar a cuireadh chun báis. Nár lige Dia go samhlófaí go mbeadh dlúthnasc idir gnóthachtáil acadúil sa teanga, an fhéiniúlacht náisiúnta agus bearta an mhíréasúin.

Foilsíodh paimfléad An Aisling le Máirtín Ó Cadhain aimsir an chomórtha i 1966, bunaithe ar léachtaí a thug sé i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Aiste aighneasóireachta atá sa téacs, ealaín na reitrice go tréan inti, colg agus gangaid ina n-orlaí trí phrós biorach, bearránach. Arbh fhíor don Chadhnach nuair a dhírigh sé aird ar an bparadacsa náisiúnta ‘nach bhfuil sa nGaeilge ach fige-dhuilleog in aice láimhe mar fhalach ar náire náisiúnta an fhíor-chorruair a mhothaíos muid gur riachtanach sin?’

Ceist spéisiúil í cén chaoi ar caitheadh le cuid den seantroscán cultúrtha eile ó shin – an ceol dúchais, na cluichí Gaelacha, an amhránaíocht ar an sean-nós mar shampla. Ní cosúil go bhfuil scinneadh ná scáth orainn fúthu siúd ach is dóigh nár mhór cuimhneamh gur toradh atá sa bhféiniúlacht ar shíormhargáil.

Próiseas bisiúil atá san idirbheartaíocht chultúrtha ina dtugtar dúshlán, ina gceistítear, ina mbréagnaítear agus ina n-athchruthaítear toisí agus teorainneacha. Ní chuirtear teir ar an ní a bhfuil luach leis. Ní hiad na teireanna céanna a bhain le tréithe poiblí na féiniúlachta i 1916, i 1966 agus is cinnte nach iad na luachanna céanna a bheidh i réim le linn chomóradh 2016.

Céad bliain i ndiaidh 1916, b’fhearr liomsa breathnú ar cheist na teanga in Éirinn i dtéarmaí taithí bhraite de réir mhodh saoil an duine. Erlebnis a thug an fealsamh Gearmánach Wilhelm Dilthey ar a leithéid má thuigim i gceart é.

Samplaí poiblí den taithí bhraite atá sa litearthacht teanga, sa litríocht agus sna meáin, don fhéiniúlacht i mbarr a réime, próiseas comhcheangail agus díscaoilte atá ar fáil ar bhealach ar leith don phobal teanga trí Raidió na Gaeltachta, TG4, Comhar, Feasta, Tuairisc.ie agus ar an gcuid is fearr den litríocht chomhaimseartha.

Muide Gaeilgeoirí a dhéanann cinneadh comhfhiosach teanga a chleachtadh, ní bhíonn de rogha againn ach a bheith beo ar an mbisiúlacht agus muinín a chur sa litearthacht agus sa litríocht. Ná leagaimis uainn ball troscáin seo na féiniúlachta ach mairimis sa taithí bhraite atá againn, idir olc is mhaith, mar Ghaeilgeoirí. A mhaide mhullaigh, fan thuas scaitheamh eile.

– Tá an t-alt seo mar chuid de shraith alt atá coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge ar an dtéama ‘Ár dTeanga, Ár nOidhreacht – Léargas ar theanga bheo’ thumbnail-default

Fág freagra ar 'Gaeilgeoirí muid. A leithéid d’fhocal! De lipéad! De bhoiscín beag táir!'