Gaeilgeoir óg san iomaíocht i dtoghchán Fhear Manach agus na hÓmaí

Tá Emmet Mac Giolla Uidhir ag seasamh mar chuid den fheachtas in éadan plean le mianach óir a thógáil ar an Chaisleán Glas ar Shliabh Speirín

Gaeilgeoir óg san iomaíocht i dtoghchán Fhear Manach agus na hÓmaí

Tá Gaeilgeoir óg san iomaíocht mar iarrthóir neamhspleách do Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí. Tá Emmet Mac Giolla Uidhir ag seasamh mar chuid den fheachtas in éadan plean le mianach óir a thógáil ar an Chaisleán Glas ar Shliabh Speirín. Bhí an Caisleán Glas ar an Ghaeltacht dheireanach i dTír Eoghan.

Bhí thart ar 70 duine i láthair le déanaí nuair a seoladh feachtas s’aige do cheantar Lár Thír Eoghain sa naíolann ar an Chaisleán Glas.

Dúirt Mac Giolla Uidhir, as an gCreagán i dTír Eoghain, nach raibh aird ar bith ag na páirtithe móra ar cheist an mhianaigh. “Nuair a cuireadh tús leis an bhfeachtas toghchánaíochta, bhí cúpla focal acu faoi, ach b’in é. Faraor, ní dhearna na páirtithe móra beart de réir a mbriathair – go fóill, cibé ar bith. Níor tháinig na páirtithe móra chun seasamh leis an phobal. Nó ní fhacthas iad ag seasamh le pobal an Chaisleáin Ghlais nó leis an bhfeachtas ‘Save Our Sperrins’.”

Dar leis go gcuirfidh an mianach isteach ar shláinte an phobail sa réigiún ar fad. “Déanann mianadóireacht óir an-damáiste don timpeallacht,” arsa Mac Giolla Uidhir. “Scaoileann sé aigéad, miotail throma agus an dúrud substaintí thar a bheith contúirteach isteach sna haibhneacha agus san aer. Tá an baol ann go ndéanfadh fiontar mar seo aibhneacha a thruailliú.”

Cúis eile go bhfuil Mac Giolla Uidhir in éadan na mianadóireachta mar, dar leis, go scriosfadh sí fiontair inmharthana sa cheantar.

“Tá siad seo bunaithe ar fheirmeoireacht agus turasóireacht. Is fiontar gearrthéarmach atá sa mhianach. Is ar leas dream beag daoine amháin an mianach, ní fhágfar mar uacht ag bunadh na háite ach áit scriosta nimhiúil,” ar seisean

Tá feachtas láidir in éadan an phlean don mhianach, agus d’aonad próiseála taobh leis. Is comhlacht Ceanadach é Dalradian, atá ag cur isteach ar an chead pleanála. Tá 12,822 aighneacht in éadan an iarratais curtha isteach go dtí seo, an líon is mó riamh ó thuaidh.

Meastar go bhfuil seans réasúnta ag Mac Giolla Uidhir sa toghchán. Tá seisear comhairleoirí i gceantar Lár Thír Eoghain, ceathrar ag Sinn Féin, duine ag an UUP, agus ceann ag páirtí an Alliance. Creidtear go meallfaidh sé vótaí ó Shinn Féin, ach beidh le feiceáil an meallfaidh sé a dhóthain.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir óg san iomaíocht i dtoghchán Fhear Manach agus na hÓmaí'

  • eamann ó laoghaire

    Tá Gaeilgeoir óg eile ag seasamh sa toghchán comhairle sin fosta mar atá Chris McCaffrey @ChrisMc225
    Tá súil agam go rachaidh sibh i dteagmháil leis chun deis a thabhairt dósan fosta?

  • Fidelma Ní Catháin

    Go raibh maith agat as an píosa sin. Adh mór le hEmmet! Go n éirí leis! Sabhail ár Speiriní!

  • Des O Murchu

    Cuir Gaeilge ar na fograi toghachain etc!