Gaeilgeoir a chaith a óige ar an gCeathrú Rua ceaptha ina easpag ar Dheoise Chill Dalua

D’fhógair an Pápa Proinsias ar maidin gurb é an tAthair Fionntán Ó Monacháin a chaith 16 bliain ina chónaí ar an gCeathrú Rua, a bheadh ina Easpag ar Dheoise Chill Dalua

Gaeilgeoir a chaith a óige ar an gCeathrú Rua ceaptha ina easpag ar Dheoise Chill Dalua

Tá sagart a bhfuil baint mhór aige leis an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara ceaptha ina easpag ar Dheoise Chill Dalua. D’fhógair an Pápa Proinsias ar maidin gurb é an tAthair Fionntán Ó Monacháin, a rugadh sa Tulach Mhór in Uíbh Fháilí ach a chaith sé bliana déag ina chónaí ar an gCeathrú Rua, a bheadh ina Easpag ar an Deoise.

Bhí athair an Athar Uí Mhonacháin ina phríomhoide ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus bhí an teaghlach ag cur fúthu sa cheantar idir 1980 agus 1996.

Oirníodh an tAthair Ó Monacháin sa bhliain 1991. Bhíodh sé ina mhúinteoir Gaeilge, creidimh agus eolaíochta i gColáiste Iarlatha i dTuaim roimhe sin.

Is cainteoir líofa Gaeilge é agus bhí sé ina Rúnaí Deoise i nDeoise Thuama go dtí gur ceapadh ina Easpag inniu é.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir a chaith a óige ar an gCeathrú Rua ceaptha ina easpag ar Dheoise Chill Dalua'

  • Caitríona Weafer

    Lead nach bhfuil ar son Repeal the 8th ná Eaglais & Stát a scaradh déarfainn.
    Feicim go bhfuil a Tweetanna https://twitter.com/fintanmonahan1 as Béarla freisin. Mór an trua.
    Saoirse uainn ó iompúchán & cearta uainn; stair uafásach ag an Eaglais ansin.
    Go n-éirí leis ar a bhealach féin má fhanann sé amach ó chearta na tíre.

  • Art Mac an Ultaigh

    Ní ‘lead’ (sic) atá ann ach Easpag agus tá an meas cuí ag dul dó. Má dhéantar an tOchtú Leasú sa Bhunreacht a aisghairm ní bheidh cearta chun na beatha ag an leanbh sa bhroinn. Beidh a mhalairt ann is é sin dlí barbartha an stáit leis an bheatha dhaonna a mharú – níl an méid seo ar leas mhuintir na hÉireann ná ar leas na beatha sa tír seo. Beidh na doirse ar oscailt don ghinmhilleadh agus is ionann é sin agus dúnmharú páiste. Níl an ginmhilleadh ar leas an pháiste ná ar leas na máthar agus an athar ach oiread. Cuirimis an tacaíocht cheart ar fáil do mháithreacha agus d’aithreacha le dóchas na beatha úire a cheiliúradh. A mhuintir na hÉireann cosnaímis an ceart chun na beatha in Éirinn – bímis bródúil as an bheatha dhaonna agus bíodh dóchas na beatha úire againn seachas scamall brónach éadóchasach an ghinnmhillte. Ceiliúraimis an bheatha álainn – an leanbh sa bhroinn – dóchas an chine dhaonna in Éirinn.