‘Gach focal Gaeilge’ ó 1959 le bheith ar fáil in aon áit amháin ar shuíomh idirlín nua

Den chéad uair riamh, beidh na focail Ghaeilge ar fad atá ar fáil sna  mórfhoinsí foclóireachta ar líne á dtabhairt le chéile ar aon suíomh amháin – focal.ie

‘Gach focal Gaeilge’ ó 1959 le bheith ar fáil in aon áit amháin ar shuíomh idirlín nua

Den chéad uair riamh, beidh na focail Ghaeilge ar fad atá ar fáil i mórfhoinsí foclóireachta ar líne á dtabhairt le chéile ar aon suíomh amháin agus suíomh nua focal.ie le seoladh ag Oireachtas na Gaeilge.

Bunachar focal atá sa leagan nua de ‘focal.ie’ a thugann seacht gcinn d’fhoinsí foclóireachta ar líne le chéile in aon áit amháin; an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge [focloir.ie], téarma.ie, Foclóir Gaeilge-Béarla [FBG], English Irish Dictionary [De Bhaldraithe], Gaois, An Foclóir Beag [Gaeilge-Gaeilge] agus Minicíocht.

Beidh foinse na bhfocal ag gabháil le gach ceann de na focail atá liostaithe ar an suíomh nua. Agus focal á chuardach agat, ní gá ach cliceáil ar an tic glas a léiríonn cá bhfuil an focal ar fáil ar líne agus tabharfar ar aghaidh thú chuig an fhoinse sin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge atá i mbun an togra de chuid Fhoras na Gaeilge, gurb é seo “an chéad uair a bhfuil liosta ar fáil de na focail Ghaeilge ar fad ag gabháil siar chuig foclóir De Bhaldraithe”, an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh i 1959.

“Go dtí seo, tá focail áirithe in FGB agus tá na mílte focal eile ar téarma.ie nach bhfuil ar fáil san fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge [focloir.ie] agus a mhalairt. Tá an suíomh seo ag tabhairt na bhfocal uilig le chéile agus léargas á thabhairt den chéad uair ar na foinsí ina bhfuil siad ar fáil iontu,” a dúirt Ó Mianáin.

Tá an suíomh ‘focal.ie’ á athsheoladh mar chuid de thionscnamh foclóireachta Fhoras na Gaeilge.

Tá sé beartaithe i dtionscnamh foclóireachta an Fhorais go mbeadh leagan clóite den fhoclóir Béarla Gaeilge á chur i gcló sa bhliain 2020 agus go gcuirfí tús le hobair ar fhoclóirí úra ‘Béarla-Gaeilge’ agus ‘Gaeilge-Gaeilge’ ina dhiaidh sin.

“Tá an suíomh nua seo mar chuid den réamhullmhúchán atá le déanamh ar na foclóirí nua atá le tosú i gceann cúpla bliain.

“An chéad rud a chaithfidh tú a dhéanamh sula gcuirfear tús ar aon fhoclóir nua ná na focail uilig a thiomsú le chéile agus ansin beidh cinneadh le déanamh faoi cad iad na focail a bheas san fhoclóir agus cad é nach mbeidh, ag brath ar cé chomh minic is atá na focail sin á n-úsáid,” ar sé.

Dúirt Ó Mianáin go bhfuil “an-spéis ag pobal na Gaeilge i gcúrsaí focal” agus go dtabharfaidh an suíomh úr léargas ar na focail nua “atá tagtha chun cinn sa Ghaeilge”.

Sa bhliain 2004 a tháinig an chéad leagan den suíomh focal.ie ar an fhód. Ba é an t-aon suíomh foclóireachta ar líne é an t-am sin.

Nuair a tháinig an foclóir úr Béarla-Gaeilge, focloir.ie, ar líne in 2008, beartaíodh deireadh a chur leis an ainm focal.ie agus téarma.ie a chur ina áit.

Dúirt Ó Mianáin go ndearnadh an cinneadh focal.ie a athrú go téarma.ie chun idirdhealú a dhéanamh idir an suíomh foclóireachta foclóir.ie, a bhí dírithe ar ghnáthchaint nádúrtha, agus an suíomh téarmaíochta.

Beidh fáil ar focal.ie Dé hAoine 2 Samhain, tráth a ndéanfar an suíomh a athsheoladh go hoifigiúil ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.

Fág freagra ar '‘Gach focal Gaeilge’ ó 1959 le bheith ar fáil in aon áit amháin ar shuíomh idirlín nua'

  • Sibéal

    Deascéal dúinn go léir!
    Anois tá folús ollmhór i gcultúr na tíre le líonadh – bunús agus cúlra na bhfocal?
    Cén focail a thâinig ón Laidin, ón Lochlannais, ón bhFraincis srl
    Tháinig an cuud is mó ón SeanGhaeilge ach cén bunús IndEorpach a bhí leo sin?
    Sé phingin a bhí sa réal fadó. Ar tháinig sin ó “real” na Spáinne?
    Obair cúpla glún b’fhéidir ach ba chóir an teolas sanasaíoch is tábhachtaí atá sna leabhair acadúil a chruinniú le chéile agus liosta focal a chur ar shuíomh idirlín. Níor chóir fanùint cúpla glún go dtí go mbeidh an rud ar fad críochaithe.

  • Éadóchasach

    Cuma spéisiúil ar an suíomh nua san, gan dabht. Is mór an trua go mbeidh focal de chuid Téarma.ie curtha leis na bunachair eile, áfach. Droch-Ghaolainn na bhFoghlaimeoirí atá i gcuid mhór desna focail atá cumtha ag Téarma.ie, na cinn is déanaí go háirithe (‘brómans’ ar ‘bhromance’, mar shampla).

  • (Mr.) R. Seathrún Mac Éin

    Aontaím le Sibéal! Ba chóir bunús agus cúlra na bhfocal – an tsanasaíocht atá leo – a chur sna foclóirí. Lena chois sin, áfach, measaim gur maith – agus gur mithid – foclóirí Gaeilge-Fraincise agus Fraincis-Gaeilge a bheith le fáil ar líne, maraon lena leithéidí do theangacha eile seachas Béarla agus an Fhrainicis – an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Iodáilis, an Ghearmáinis, an Rúisis, an tSínis srl. agus cinn eile ina ndiaidh sin b’fhéidir ar nós na Laidine, na Sean-Ghréigise, na hEabhraise agus na hArabaise agus na Seapáinise, fiú amháin.

  • Sibéal

    Is fiú a lua go bhfuil sanasaíocht Gaeilge na hAlbain ar fáil san “Etymological Dictionary of the Gaelic Language” (1896) a scríobh Mac Bain. Rinne na foillsitheoirí Gairm athcló ar an bhfoclóir sin agus tá pdf de ar fáil ag http://www.archiv.org

    Seans maith gur duine amaitéarch mífhoighneach a chuirfidh “Foclóir Sanasaíoch na Gaeilge” ar fáil dúinn ar líne. Beidh na saineolaithe acadúla ar buile!
    Cheana féin tá roinnt liostaí curtha suas ar an idirlíon ag daoine amaitéaracha go bhfuil suim acu i sanasaíocht na Gaeilge ach níl siad rófhada fós….

  • Victor

    Tá go leor eolais ar shanasaíocht focal éagsúil ar fáil i wiktionary.