Bhí ar Údarás na Gaeltachta síneadh ama a lorg maidir leis an sprioc-am do naoi gcinn de na pleananna teanga atá á n-ullmhú sa Ghaeltacht faoi láthair, de réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise.
De réir na gcáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie ceadaíodh síneadh ama do gach ceann de na heagraíochtaí a raibh a sprioc don phlean teanga leagtha síos don bhliain seo caite.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012 tugtar dhá bhliain don eagraíocht a roghnaítear chun plean teanga a réiteach dá gceantar, ach níor bhain aon eagraíocht an sprioc sin amach fós.
De réir na reachtaíochta, tá cead ag Aire na Gaeltachta síneadh ama a cheadú leis an obair a chur i gcrích.
I gcás amháin – Ceantar na nOileán i gConamara – tá síneadh bliana ceadaithe don ghrúpa atá ag ullmhú plean teanga don limistéar pleanála teanga sin, Comhairle Ceantair na nOileán Teo.
Ag deireadh na bliana seo caite, scríobh Údarás na Gaeltachta chuig Roinn na Gaeltachta ag lorg cead síneadh ama a thabhairt do Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, Comharchumann Mhic Dara, Comhairle Ceantar na nOileán agus Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.
Ar an 13 Nollaig 2016 chuir príomhoifigeach de chuid na Roinne Gaeltachta in iúl do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, go raibh síneadh ama trí mhí agus 15 lá á cheadú do Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola chun plean teanga a ullmhú do Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.
Ceadaíodh síneadh ama 7 mí agus 25 lá do Chomharchumann Mhic Dara chun plean teanga a ullmhú do limistéar pleanála teanga na Ceathrún Rua, agus ceadaíodh sé mhí agus trí lá breise do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun plean a ullmhú do Chiarraí Theas.
Sa litir a seoladh chuig Príomhfheidhmeannach an Údaráis ar an 13 Nollaig, tugadh le fios go raibh na sínte ama ceadaithe ag an Aire Stáit Seán Kyne “ar an dtuiscint shoiléir” nach mbeadh aon chostas breise ar an státchiste dá bharr agus go dtabharfaí “céimeanna” lena chinntiú “go maolaítear an cleachtas a bhaineann le breis ama a bheith á lorg oiread agus is féidir i gcás na LPT (Limistéir Pleanála Teanga] eile”.
Iniata leis an litir sin, bhí clár nua ina leagtar amach de réir dáta “cathain a mbeifear ag súil le pleananna teanga ó na LPT i bhfianaise na leasuithe seo ar fad”.
De réir na gcáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie, tá síneadh ama naoi mí tugtha chomh maith do chomharchumann Chorca Dhuibhne, tá síneadh ama nach mór sé mhí ceadaithe do Chomhlacht Forbartha na nDéise agus tá síneadh ama nach mór seacht mí ceadaithe do Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholmcille Teo chun plean a ullmhú do Dhún na nGall Theas.
Ní ach plean teanga amháin curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo – plean Ghaoth Dobhair – agus níl aon phlean faofa fós ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne. Ní raibh i gceist leis an síneadh ama a tugadh do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ach dhá mhí.
Dhá mhí bhreise chomh maith a tugadh d’Fhóram Chois Fharraige lena bplean siúd a ullmhú agus cé nach bhfuil an plean sin aontaithe fós, tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí go raibh súil ag an bhfóram an plean a chur díobh an tseachtain seo.
Tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i 23 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus i mBaile Seirbhíse Gaeltachta amháin (Daingean Uí Chúis) sa Ghaeltacht.
Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh “suas le 13 plean teanga” curtha faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana seo. Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh “ar a laghad” dhá phlean teanga eile réitithe le cur faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na míosa seo.
Tá fógra le déanamh fós faoi thrí limistéar pleanála teanga i gCathair na Gaillimhe.
Is in Acht na Gaeltachta (2012) a leagadh an cúram ar Údarás na Gaeltachta an córas pleanála teanga a stiúradh.
Faoin gcur chuige a cuireadh i bhfeidhm, roghnaíonn Údarás na Gaeltachta eagraíocht chun plean teanga a ullmhú do gach limistéar pleanála teanga. Nuair atá na pleananna sin aontaithe leis an Údarás, cuirtear faoi bhráid na Roinne Gaeltachta iad chun go ndéanfadh an tAire iad a fhaomhadh.
Bhain conspóid ó thús leis an gcur chuige nua seo agus saineolaithe éagsúla den tuairim go raibh ualach rómhór curtha ar ghrúpaí pobail agus ar an bpobal féin seachas ar fhorais stáit.
I dtuairisc a d’ullmhaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do Roinn na Gaeltachta, deirtear go gcaithfear a chur ar a súile do phobal na Gaeltachta “nach i bhfolús’ atá pleananna teanga á n-ullmhú agus á gcur i bhfeidhm, agus moltar go ndéanfaí “soiléiriú” ar “líon agus cineál na n-acmhainní a bheidh ar fáil” chun “feidhm éifeachtach a thabhairt do phleananna teanga na limistéar pleanála teanga”.
Moltar sa tuairisc leis go gcuirfí straitéis feasachta i bhfeidhm a chuirfeadh an pobal ar an eolas maidir le “feidhm agus réasúnaíocht” na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus “ról an phobail sa phróiseas sin”.
Ba ghá freisin, a deirtear, soiléiriú a thabhairt do na ceanneagraíochtaí pobail a bhfuil cúram na pleanála teanga orthu maidir “leis an leibhéal agus cineál tacaíochta a bheidh ar fáil dóibh ón státchóras agus feidhm á tabhairt do na pleananna”.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios an tseachtain seo gur €1.25 milliún a theastóidh chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn agus dúirt an tAire go mbeidh níos mó ná sin ag teastáil sna blianta ina dhiaidh sin.
€250,000 atá ceadaithe mar mhaoiniú don phleanáil teanga sa Ghaeltacht i mbliana.
donncha
“Tá fógra le déanamh fós faoi thrí limistéar pleanála teanga i gCathair na Gaillimhe.”
Amaidíocht agus cur amú airgid poiblí a bheith ag réiteach pleananna teanga Gaeltachta do na eastáit tithíochta ar imeall Chathair na Gaillimhe, a tharlaíonn aitheantas oifigiúil Ghaeltachta a bheith acu de bharr siléigeacht rialtais.
Mánus
Nach aisteach go bhfuil an Stát ag cur brú ar dhaoine deonacha an teanga a athbheochaint sna hiarGhaeltachtaí agus gan seirbhísí i nGaeilge ar fáil in ospidéil, clinicí dochtúra, oifigí dóil Intreo srl.
Cordelia Nic Fhearraigh
Oifigí Poist sa Ghaeltacht ag fostú daoine gan Gaeilg agus na hoifigí céanna sin ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla. Cuirim geall leat go bhfuil na logainmneacha Gaeltachta uilig liostaithe i mBéarla sna hOifigí Poist sin fosta.
Comhlachtaí/Cuideachtaí atá bunaithe ar eastáit tionsclaíochta / páirceanna gnó de chuid Údarás na Gaeltachta – ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla???
Ionad tástála gluaisteán ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla…
Agus, ar ndóighe, tá na húdárais áitiúla – na comhairlí contae – ag ceadú forbairt agus tógáil d’achan chineál sa Ghaeltacht agus gan aon choinníoll Gaeilge a chuir i bhfeidhm am ar bith. Ansin tá earnáil na turasóireachta…