Is mithid smaoineamh ar shrian a chur le líon na dTeachtaí Dála a cheadaítear i mBunreacht na hÉireann, dar leis an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Barry Ward. Dúirt sé gur cheart reifreann a ghairm ar an gceist as seo “go ceann deich mbliana”.
Dúirt Ward go bhfeictear dó nach dtiocfaidh aon laghdú sna blianta amach romhainn ar an bhfás atá tar éis teacht ar dhaonra na hÉireann le tamall de bhlianta anuas agus nach mbeadh sé réalaíoch a bheith ag súil go gcuirfí le líon na dTeachtaí Dála gan stad mar a leagtar amach sa Bhunreacht.
Ní féidir níos lú ná Teachta Dála amháin a bheith ann le haghaidh gach tríocha míle duine sa stát ná níos mó ná Teachta Dála amháin a bheith ann le haghaidh gach fiche míle duine den daonra. Is gá don Oireachtas líon na dTeachtaí Dála a athbhreithniú gach dhá bhliain déag agus a chinntiú go bhfuil líon na suíochán sna Dáilcheantar “cothrom sa mhéid gur féidir é”.
Is mar seo a leagtar amach na rialacha in Airteagal 16 (2 1º, 2º agus 3º) den Bhunreacht:
“Socrófar líon comhaltaí Dháil Éireann le dlí ó am go ham ach ní cead a lánlíon a bheith faoi bhun comhalta in aghaidh gach tríocha míle den daonra, ná os cionn comhalta in aghaidh gach fiche míle den daonra.
“An chomhréir a bheas idir an líon comhaltaí a bheas le toghadh aon tráth le haghaidh gach dáilcheantair ar leith agus daonra gach dáilcheantair ar leith, de réir an daonáirimh is déanaí dá ndearnadh roimhe sin, ní foláir í a bheith ar cothrom, sa mhéid gur féidir é, ar fud na dúiche uile.
“Ní foláir don Oireachtas na dáilcheantair a athmheas uair ar a laghad sa dá bhliain déag ag féachaint go cuí d’aon athruithe ar shuíomh an daonra; ach athruithe ar bith dá ndéanfar ar na dáilcheantair ní thiocfaidh i bhfeidhm i rith ré na Dála a bheas ina suí le linn an athmheasta sin.”
Fágann sé sin go dtiocfadh fás gan srian ar líon na dTeachtaí Dála i nDáil Éireann de réir mar a thiocfaidh fás ar dhaonra na hÉireann.
Bhí Ward ag labhairt ag seimineár ar an Toghchánaíocht agus an Dlí a bhí á reáchtáil mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo in óstán White’s of Wexford i Loch Garman.
Dúirt sé go raibh sé in am smaoineamh chun cinn air seo “uimhir a phiocadh agus reifreann a ghairm”.
“Caithfear srian a chur le líon na dTeachtaí Dála laistigh de dheich mbliana nó mar sin. Ní thiocfaidh deireadh leis an bhfás atá ar dhaonra na hÉireann sna blianta amach romhainn agus fiú dá mbeadh dhá mhilliún déag duine ina gcónaí in Éirinn, caithfear srian áirithe a chur le líon na dTeachtaí Dála a dhéanfadh ionadaíocht ar an daonra sin,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Gá le reifreann le srian a chur le líon na dTeachtaí Dála, a deir Teachta Dála de chuid Fhine Gael'