Gá le gníomh ó thuaidh

Caithfidh an dá rialtas gníomhú sa ngearrthéarma chun nach dteipfidh ar Stormont, rud a thabharfadh uchtach agus deis d’easaontóirí

Tony-Blair
Tony Blair

Cothrom an ama seo bliain agus fiche ó shin, d’fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic chun dlús a chur le próiseas na síochána. Ní raibh an sos sin buan ach rinneadh athnuachan air nuair a tháinig Tony Blair agus an Lucht Oibre i gcumhacht sa Ríocht Aontaithe i 1997.

Údar mór díoma é tar éis achar chomh fada sin go bhfuil an pholaitíocht i dTuaisceart Éireann faoi bhrú arís mar gheall ar cheisteanna faoin IRA agus baill nó iarbhaill den eagraíocht sin a bheith bainteach le dúnmharuithe ar na sráideanna agus le coiriúlacht thairis sin.

Deir ionadaithe ó Shinn Féin arís agus arís eile go bhfuil an tIRA ar shiúl nó nach ann dó. Mar sin féin, níor bhréagnaigh aon duine acu an tIar-Thaoiseach, Bertie Ahern, agus an tIar-Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, a dúirt gurb é an socrú a rinneadh le hUachtarán Shinn Féin i gCill Rímhinn go mairfeadh an tIRA ach nach mbeadh sé gníomhach mar eagraíocht pharaimíleatach.

Ba é an socrú a dúirt McDowell ar raidio 1 RTE gur “an inert paper thing” a bheadh san IRA Sealadach feasta – a mhairfeadh chun a chinntiú nach bhféadfadh aon dream eile a mhaíomh gurb iadsan an tIRA. Gealladh freisin nach mbeadh aon bhaint acu le coiriúlacht agus go gcomhlíonfaí an dlí ar dhá thaobh na teorann.

Imeartas focal atá ar siúl ag Gerry Adams agus a chomhghleacaithe, is cosúil, nuair a deir siad go bhfuil an tIRA ar shiúl, iad ag tagairt don eite pharaimíleatach amháin. Ní cabhair ar bith é sin do chothú muiníne. Cén fáth nach ndeir siad an rud céanna le Ahern agus McDowell? Ní leor mar fhreagra an séanadh as éadan agus an clamhsán faoi dhaoine eile a bheith ag iarraidh buntáiste a bhreith orthu go polaitiúil. Gach seans go bhfuil daoine ag baint leas  polaitiúil as an scéal – sin é an gnó lena bhfuil siad gafa. Ní bhíonn leisce ar bith ar Shinn Féin polaitíocht a imirt nuair a fhaigheann siad deis; tuige an mbeadh?

Is deacair a mheas faoi láthair céard atá i ndán do na hinstitiúidí i Stormont. Gan dabht, tá polaitiocht idir-pháirtithe ar siúl ar an taobh Aontachtach. Murach chomh tromchúiseach is atá na deacrachtaí, chaithfí spraoi a bhaint as an UUP a bheith ag cur crot an DUP ó na nochaidí orthu féin agus míchompord an DUP leis an tuisle a bhain ceannaire an UUP, Mike Nesbitt astu.

Níl freagra sásúil ag Nesbitt orthu sin a chuireann fimínteacht i leith an UUP ó d’fhan siad sa bhFeidhmeannas beag beann ar mharú Paul Quinn a bhí luaite le Sealadaigh agus sheas sé leis an PUP, eite pholaitiuil an UVF anuraidh, faoi pharaidí cé gurb é an UVF a bhí freagrach as marú Bobby Moffett.

File photo: Trouble in DUP party

Bhí alt a scríobh Peter Robinson don Belfast Telegraph ar fhilleadh ón tsaoire dó dírithe ar dhaoine taghdacha ina pháirtí féin, chomh maith leis an bpobal nuair a dúirt sé gur ghá do pholaiteoirí guaim a choinneáil orthu féin. Bhí seisean ag súil le cabhair ón bPríomh-Aire Cameron.

Is deacair freisin a mheas céard a d’fheadfadh SF a dhéanamh chun aontachtaithe a shásamh, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go raibh doicheall ag scuaine sa DUP roimh roinnt na cumhachta le Sinn Féin.

Is cinnte nach leor SF a bheith ag rá go bhfuil chuile dhuine as alt ach iad féin. Nuair a dúirt Leas-Cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, an tseachtain seo go raibh sé in am ag páirtithe eile an reitric a mhaolú agus eirí as an méaldráma, ba é an freagra ó chuid den chosmhuintir aontachtach nach áibhéil ná scéal chailleach an uafáis é a bheith buartha faoi dhúnmharuithe.

Bhí an dá rialtas sách siléigeach faoin gcúram ach tá siad i mbun oibre an tseachtain seo. Scéal thairis é anois nach raibh siad riamh chomh gafa leis an bpróiséas abhus is a bhí an dá rialtas a rinne an margadh.

Tá gá le beart agus seiftiúlacht uathu anois. Tá caint ar shórt Coimisiún Monatóireachta nua (bhí an tuairisc dheiridh ón IMC i 2011 soiléir gurb ann don IRA ar bhonn neamhpharaimíleatach agus go raibh roinnt daoine a bhí sna paraimíleataigh ón dá thaobh tógtha le coiriúlacht). Ar shíl na rialtaisí agus na páirtithe i Stormont a mhalairt? 

Ní fios cén fhad a thógfaidh fiosrú an PSNI faoi dhúnmharú Kevin McGuigan agus Jock Davison nó an bhfaighidh siad dóthain fianaise chun go gcúiseofar daoine. Níl an t-am sin le spáráil ag Stormont; caithfear gníomhú sa ngearrthéarma chun nach dtarlóidh teip a thabharfadh uchtach agus deis d’easaontóirí. Gnó don dá rialtas é go príomha ach tá beart agus port nua riachtanach freisin ó na páirtithe logánta, Sinn Féin san áireamh.

Fág freagra ar 'Gá le gníomh ó thuaidh'