FUAIM: Caitríona O’Leary ag ceol amhrán Joni Mitchell i nGaeilge

Labhair Robert McMillen le Caitríona O’Leary faoin dtogra is déanaí aici Íde na Tine: Tionscadal Joni Mitchell a bheidh ar siúl ag féile litríochta IMRAM an tseachtain seo chugainn

Caitriona-OLeary-2-by-Lael

Is cinnte go bhfuil lorg a cos fágtha ag an fhéile litríochta IMRAM ar chultúr na hÉireann, cultúr a bhíonn de shíor ag athrú.

Dóibh siúd a thuigeann solúbthacht na teanga, a chomhaimseartha is atá sí, a bhfuil de chruthaitheacht inti, ní bheidh iontas orthu.

Reáchtáil mé féin oíche litríochta i mBéal Feirste – Alan Titley, Celia de Fréine, Gabriel Rosenstock agus Caoimhín Mac Giolla Catháin – agus níor chuir sé iontas orm gur thaitin sé le daoine; ba é an rud a chuir iontas orm gur chuir sé daoine nach raibh taithí ar bith acu ar an Ghaeilge faoi dhraíocht.   

Bhí sé mar a gcéanna nuair a chonaic mé Caitríona O’Leary ag ceol amhrán de chuid Kate Bush i bPort an tSaoil (The Jig of Life) sa Bhosca Dubh i mBéal Feirste. Daoine go hiomlán faoi gheasa ag an meascán mistéireach sin idir meon an chumadóra, an t-amhrán, an ceol agus an t-amhránaí a ghlacann seilbh orthu.

Tá an ealaín sin á cleachtadh ag Caitríona O’Leary arís agus í ag dul d’amhráin Joni Mitchell don tionscadal is déanaí de chuid IMRAM.

Tá sé rud beag aisteach go mbeadh Caitríona ag dul d’amhráin Bush agus Mitchell cionn is gur leis an cheol traidisiúnta a bhaineann a cúlra.

“Bhuel, is iomaí cineál ceoil a bhfuil cleachtadh agam air, an ceol traidisiúnta, an ceol clasaiceach agus ceol na meánaoiseanna,” ar sí liom an tseachtain seo caite.

“Thosaigh mé leis an an cheol traidisiúnta agus an ceol clasaiceach taobh le taobh. Ach de réir a cheile, dhírigh mé ar an cheol clasaiceach luath agus ar na cineálacha eile a théann níos faide siar fós – na meánaoiseanna, an rennaissance, an ceol barócach. Ag an am céanna, áfach, bhínn ag leanúint den amhránaíocht ar an sean-nós.

Rud eile ar fad is ea tionscadal IMRAM ar ndóigh, ach anuraidh d’iarr stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, ar Chaitríona amhráin Kate Bush a cheol as Gaeilge agus bhí an-suim ag Caitríona ann.

Bhain sí féin – agus gach duine eile – sult mór as agus choinnigh sí i dteagmháil le Liam agus le Gabriel Rosenstock, a chuireann dán chuici gach lá.

D’aistrigh an sárfhile Liam Ó Muirthile amhráin Mitchell don seó seo fosta ach cad é mar a chuaigh Caitríona i ngleic leis an dúshlán?

“Is dócha go dtugaim aghaidh air mar a bheadh bileog cheoil ann, nó field recording dá mba amhrán traidisiúnta a bhí ann. Caithfidh mé deighilt a chruthú idir an t-amhrán agus an fhoinse agus mo chrot féin a chur air,” arsa Caitríona.

“Cinnte, d’éist mé le Kate ag ceol na n-amhrán i mBéarla ach ina dhiaidh sin, an rud a bhfuil suim agam ann ná mo phearsantacht féin a chur isteach sna hamhráin, á gcur in iúl ar an dóigh ar mhaith liomsa iad,” ar sí.

Díreach mar a dhéanann Gabriel Rosenstock, a deirim léi; ní aistríonn sé amhráin, déanann sé tarschruthú orthu.

“Sin an aidhm ata agam féin,” arsa Caitríona. “Murach sin, ní bheadh ionann ach banna ómóis.”

Admhaíonn Caitríona, ata pósta ar an stiúrthóir ceoldráma agus amharclannaíochta Eric Fraad, nach raibh eolas ar bith aici ar amhráin Joni Mitchell ach, dar fia, tá an-aithne anois aici orthu.

“Ó, tá siad fíorálainn; focail áille agus iad á gcur in iúl go fileata, ealaíonta frí ghlór Joni agus tá na híomhánna a chruthaíonn sí frí fhocail a hamhrán, tá siad dochreidte ar fad.”

Cé nach cainteoir líofa Gaeilge í Caitríona, deir sí gur “amhránaí líofa” í agus go dteann sí i dtuilleamaí na saineolaithe nuair is gá.

Is cinnte go bhfuil tuiscint ar mhothúcháin aici agus í ag ceol fosta. Éist, mar shampla, lena suantraithe i nGaeilge agus i dteangacha eile, nó lena cuid amhránaíochta leis an ghrúpa eX ar an albam, Shipwrecked nó ar The Wexford Carols ar a raibh leithéidí Roseanne Cash agus, em, Tom Jones!

I measc na dtograí eile atá ar bun aici, tá sí ag obair ar leagan eile de na carúil agus tá sí ag comhoibriú le Rosenstock ar amhráin lieder, amhráin cheol tíre de chuid na Gearmáine a ndearnadh amhráin ardealaíne díobh ach ar mhaith le Caitríona a seanchruth a chur orthu arís.

Ach san idirlinn, bainigí sult as Íde na Tine.

– Beidh Íde na Tine: Tionscadal Joni Mitchell ar siúl Dé hAoine 16 Deireadh Fómhair | 8.00pm sa Smock Alley Theatre. Tá an t-eolas uilig faoi IMRAM le fáil ar imram.ie

Fág freagra ar 'FUAIM: Caitríona O’Leary ag ceol amhrán Joni Mitchell i nGaeilge'

  • Eoghan ONeill

    Ta sin go hálainn, guth iontach ag Caitríonna b’fhéidir suaimhnigh an giotar píosa beag ar an leagan gaeilge de ‘both sides now’