Freagra tugtha ag Áth Cliath ar thaispeántas Chiarraí agus stánáil tugtha do Mhaigh Eo

Bhí Doire róláidir do Chorcaigh sa chluiche ceathrú ceannais eile i bPáirc an Chrócaigh inniu is aghaidh á tabhairt acu ar Chiarraí sa chéad bhabhta eile

Freagra tugtha ag Áth Cliath ar thaispeántas Chiarraí agus stánáil tugtha do Mhaigh Eo

Doire a bheidh le Ciarraí agus Áth Cliath a imreoidh i gcoinne Mhuineacháin i gcluichí leathcheannais na hÉireann agus an tarraingt déanta i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Tar éis d’fhir na Ríochta an taispeántas is fearr acu i mbliana a thabhairt inné, rinne Áth Cliath an rud céanna inniu agus scrios déanta acu ar Mhaigh Eo. Bua 12 pointe a bhí ag Áth Cliath, 2-17 in aghaidh 0-11, an bhearna chéanna a bhí idir Ciarraí agus Tír Eoghain, agus is iad an dá fhoireann sin anois roghanna láidir na coitiantachta chun an cluiche ceannais a bhaint amach.

Bhí an chuma ar an scéal d’fhormhór an chéad leath den chluiche idir Áth Cliath agus Maigh Eo go mbeadh coimhlint mhaith againn i bPáirc an Chrócaigh agus sé phointe an taobh faighte acu sa chéad 13 nóiméad. D’fhág pointe ó Tommy Conroy théis ceathrú uaire go raibh Maigh Eo 0-4 in aghaidh 0-3 chun cinn ach léim Áth Cliath chun tosaigh leis an chéad chúl den chluiche. Cuireadh pas fada isteach chuig Colm Basquel, a bhí éalaithe taobh thiar de Phádraig O’Hora, agus sheas Basquel an fód i gcoinne Jack Coyne chun iarracht a bhá i gcúl na heangaí.

Bhí freagra ag Maigh Eo ar an scór sin láithreach le cúilín eile ó Conroy agus bhí an tréimhse is fearr sa chluiche acu sna cúig nóiméad a lean le scór ó Aidan O’Shea agus péire ó Ryan O’Donoghue.

Bhuaigh Maigh Eo cic amach Stephen Cluxton théis an dara ceann de phointí O’Donoghue ach d’fhág droch-iarracht Jordan Flynn ar scór gur thosaigh an taoide ag casadh sa treo eile. D’aimsigh Cormac Costello dhá scór chun an bhearna a laghdú agus bheadh cúl eile ag Áth Cliath díreach roimh leath ama mura mbeadh praiseach déanta acu den fhrithionsaí, Sa deireadh bhí ar James McCarthy pointe a thógáil.

D’fhág sin Áth Cliath pointe chun cinn ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-8, ach, cé go raibh súil le cath fíochmhar sa dara leath, níor imir ach an aon fhoireann amháin i ndiaidh an bhriste.

Ní raibh an liathróid caite isteach ach 15 soicind nuair a d’aimsigh Paul Mannion an chéad scór den dara leath agus chuir Brian Fenton agus Colm Basquel pointí leis sular aimsigh Basquel, a fuair 2-2, an scór a chuir deireadh ceart le Maigh Eo. Bhuail James McCarthy an liathróid isteach chuig Cormac Costello ach, nuair a sciorr Costello, rinne Sam Callinan iarracht an liathróid a scaoileadh amach thar an líne. Tháinig Paul Mannion aniar aduaidh ar an ógánach chun an liathróid a choinneáil san imirt, fuair Costello í agus thug sé pas trasna do Basquel chun a dhara cúl a aimsiú.

Bhí Ryan O’Donoghue iontach sa chéad leath, ach léiriú a bhí sa chic saor a chuir sé amú sa 43ú nóiméad ar an tubaiste a bhain do Mhaigh Eo sa dara leath. Nuair a d’aimsigh Paddy Durcan an chéad scór dóibh sa dara leath ba é an chéad scór acu le 24 nóiméad. Bhí an cath caillte faoin am sin agus Áth Cliath 2-10 in aghaidh 0-9 chun cinn.

B’fhéidir go mbeadh spreagadh faighte ag Maigh Eo dá mbeadh cúl faighte ag Eoghan McLaughlin théis 45 nóiméad ach cé go raibh an cúl fágtha  aon duine á chosaint nuair a bhris an liathróid chuige, níor éirigh leis ach í a bhualadh in aghaidh an phosta. Tógadh McLaughlin amach dhá nóiméad ina dhiaidh sin.

Jack McCaffrey ar ruathar le Tommy Conroy, Maigh Eo sa tóir air. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tháinig Jack McCaffrey, Ciarán Kilkenny agus Dean Rock isteach d’Áth Cliath chun iad a neartú ach bhí James McCarthy, fear atá ar an mbóthar níos faide ná duine ar bith acu, ar an imreoir ba mhó a raibh tionchar aige ar an imirt seachas Basquel. Chiceáil McCarthy pointe breá théis 65 nóiméad chun lucht an Hill a chur ag liú arís ar lá breá eile dóibh in aghaidh Mhaigh Eo.

Fuair Doire an ceann is fearr ar Chorcaigh níos luaithe sa lá agus farasbarr ceithre phointe ag seaimpíní Uladh ar a gcéilí comhraic, 1-12 in aghaidh 1-8.

D’aimsigh Corcaigh an chéad scór den chluiche ó Cholm O’Callaghan ach ní raibh foireann John Cleary chun tosaigh ag aon phointe eile sa choimhlint agus an bua tuillte go maith ag Doire, cé go gcaithfidh feabhas mór teacht orthu má tá siad chun stop a chur le Ciarraí agus áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann.

Bhí cuma níos láidre ar Dhoire sa chéad 25 nóiméad agus dhá phointe an duine ag Shane McGuigan (ó chiceanna saora), Ethan Doherty agus Paul Cassidy ach scaoileadar Corcaigh ar ais sa chluiche roimh an mbriseadh. Chuir na hUltaigh ceithre iarracht as a chéile ar strae agus chríochnaigh Corcaigh le trí scór – ceann an duine ag Ruairí Deane, Stephen Sherlock agus Kevin O’Donovan – chun aon phointe amháin a fhágáil idir na foirne ag an mbriseadh, 0-6 in aghaidh 0-5.

D’fhág dea-obair ó leithéidí Gareth McKinless agus Ciarán McFaul gur chuir Doire bearna idir na foirne arís ag tús an dara leath ach bhí gaoth i seolta Chorcaí arís nuair a d’aimsigh Rory Maguire cúl théis 47 nóiméad. Chuir Mattie Taylor pas isteach i dtreo Conor Corbett sa líne lántosaithe, choinnigh Corbett an liathróid san imirt agus thug sé pas siar do Maguire, a bhí ag teacht ar luas lasrach. Chuir seisean an liathróid isteach san eangach le bos a láimhe.

Shéid Maguire póg i dtreo an tslua in Ardán Davin agus Corcaigh anois pointe chun deiridh, 1-5 in aghaidh 0-9, ach bhí cúl dá gcuid féin ag Doire níos lú ná 60 soicind ina dhiaidh sin. Ghearr Conor McCluskey isteach ón gcliathán deas agus thug sé pas do Conor Doherty, a thug cor bréige do Ruairí Deane, agus a sheol iarracht íseal isteach sa chúl.

Bhí cúig phointe idir na foirne nóiméad eile ina dhiaidh sin agus cic saor eile faighte ag Shane McGuigan. Laghdaigh Corcaigh an bhearna go dtí trí phointe agus deich nóiméad fágtha ach tháinig Brendan Rogers chun tosaigh díreach ag an am ceart chun dhá scór as a chéile a aimsiú agus an bua a chinntiú. Shábháil Mícheál Aodh Martin cic éirice McGuigan in am cúitimh ach ba chuma agus an beart déanta ag Doire.

Fág freagra ar 'Freagra tugtha ag Áth Cliath ar thaispeántas Chiarraí agus stánáil tugtha do Mhaigh Eo'