Freagra faighte ag eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh ar iarratais ar chruinniú le Arlene Foster

Sheol an DUP litir chuig eagraíochtaí Gaeilge lena chur in iúl dóibh go ndéanfaidh an páirtí iarracht ‘am a chur ar leataobh’ chun bualadh le grúpaí áirithe Gaeilge ‘a luaithe agus is féidir’

Freagra faighte ag eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh ar iarratais ar chruinniú le Arlene Foster

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh roimh fhógra Arlene Foster, ceannaire an DUP, go bhfuil sí ag iarraidh casadh le grúpaí teanga “a luaithe agus is féidir”.

Sheol an DUP litir chuig leithéidí Chonradh na Gaeilge agus POBAL, atá ag feachtasaíocht ar son Acht Gaeilge ó thuaidh le fada an lá, lena chur in iúl dóibh go ndéanfaidh an páirtí iarracht am a chur ar leataobh chun casadh le grúpaí Gaeilge “a luaithe agus is féidir”. Tugadh le fios go bhfuil lucht an pháirtí gnóthach faoi láthair leis na cainteanna atá ar bun maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont agus leis an bhfeachtas don olltoghchán a fógraíodh inné.

Thug an DUP le fios go raibh roinnt mhaith grúpaí agus daoine aonair a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge i dteagmháil leo ó d’fhógair lucht na Gaeilge chun tuiscint níos fearr a fháil ar chás na teanga agus ar chultúr na teanga. Dúirt an DUP go ndéanfaí teagmháil arís leis na grúpaí agus na daoine sin “sula i bhfad”.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh “dheimhniú an DUP” go gcuirfear tús le páirtithe ar suim leo cúrsaí Gaeilge ó thuaidh a phlé.

“[Tá an plé sin] déanta againn le roinnt míonna anois agus na ceisteanna sin i gcroílár an dioscúrsa pholaitiúil [faoi chaibidil]. Idir an dá linn, leanfaidh an obair stocaireachta agus feachtasaíochta ar son cearta Gaeilge ar aghaidh agus muid ag obair go dlúth le pobal na Gaeilge agus tá Lá Mór Dearg le bheith i mBéal Feirste an 20 Bealtaine na bliana seo,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta leis an gConradh.

Dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL, go bhfuil an eagraíocht “sásta” go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil “freagra dearfach” tugtha ag an DUP ar a n-iarratas cruinniú a eagrú le Foster.

“Tá sé tábhachtach go gcasfadh páirtithe polaitíochta le POBAL mar gheall ar an saineolas atá againn ar reachtaíocht don Ghaeilge. Tá moltaí réalaíocha, réasúnta d’Acht Gaeilge foilsithe againn, agus ba cheart glacadh leo mar bhunús don reachtaíocht.

“Níl aon mhúnla eile ann ar féidir leis cearta agus réimse leathan seirbhísí Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge,” a dúirt sí.

Dúirt Muller go gcaithfí Acht ‘láidir’ a thabhairt isteach agus nach ndéanfadh Acht ‘lag’ ach tuilleadh “frustrachais agus mearbhall” a chothú i measc phobal na Gaeilge ó thuaidh.

D’fhógair ceannaire an DUP níos luaithe an mhí seo go bhfuil sé i gceist aici casadh le lucht na Gaeilge in iarracht teacht ar “thuiscint níos fearr” ar an teanga agus an “cultúr” a bhaineann léi.

“Tá fonn orainn meas a léiriú ar an teanga agus go deimhin tuiscint níos fearr a fháil ar an teanga agus ar chultúr nach bhfuilimid-ne mar chuid de, agus chuige sin, as seo go ceann tamaill bhig, tá fúm a bheith ag plé agus ag éisteacht le daoine a thagann ó chúlra Gaeilge, daoine nach bhfuil lorg pholaitíocht aon pháirtí orthu ach a bhfuil grá dáiríre acu don teanga agus nach n-úsáideann í mar uirlis pholaitiúil chogaíochta,” a dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster.

Dúirt Foster go raibh sí ag “súil go mór” le bheith ag plé le lucht na Gaeilge as seo go ceann tamaill bhig.

Dúirt ceannaire an DUP go n-aithníonn an páirtí gur ann do dhaoine a bhfuil “grá” acu don Ghaeilge, atá ag iarraidh í a labhairt agus a bhfuil tacaíocht uathu leis an méid sin a dhéanamh. Chaithfí, áfach, meas a léiriú chomh maith ar an Ultais agus ar an “bhféiniúlacht Oráiste agus Bhriotanach”.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Gaeilge i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh.

Dúirt Foster chomh maith nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge. “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt ceannaire an DUP an mhí seo caite go raibh aithreachas anois uirthi faoina ráitis chonspóideacha toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

“I regret in so far as it allowed Sinn Féin to use it against me and to use it to demonise me.”

D’fhág an chonspóid faoi ráiteas Foster go raibh ceist na Gaeilge agus an Achta Teanga go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh. Tá ceist na teanga lárnach chomh maith faoi láthair sna cainteanna atá ar bun ó thuaidh maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.