Formhór an ama oibríonn an tsiopadóireacht ar líne go maith, ach seo mar a tharla domsa le déanaí…

Foighne a theastaíonn na huaireanta annamha sin a dteipeann ar an tsiopadóireacht ar líne mar a léiríonn an choimhlint thrasatlantach seo faoi gheansaí a chuaigh ar seachrán

Formhór an ama oibríonn an tsiopadóireacht ar líne go maith, ach seo mar a tharla domsa le déanaí…

Tá cleachtadh maith againn ar fad anois ar shiopadóireacht ar líne agus beartáin a fháil sa bpost nó ón veain seachadta. Tá oiread éilimh ar na córais seo go bhfuil cuid mhaith de na comhlachtaí seachadta ar a míle dícheall ag lorg breis foirne faoi láthair agus iad ag dul i ngleic le líon na n-orduithe nua le linn an dara téarma dianghlasála agus séasúr na Nollag.

Formhór mór den am oibríonn an tsiopadóireacht ar líne go maith. Níl le déanamh agat ach do rogha táirge a ordú, íoc as le cárta creidmheasa agus fanacht go dtiocfaidh an beartán chugat.

Ach cad a tharlaíonn na huaireanta annamha sin nuair a theipeann ar an gcóras?

Sin mar a tharla domsa le gairid.

Déanaim iarracht a oiread agus is féidir ceannach ó shiopaí in Éirinn ach géillim don chathú thar sáile corruair. D’ordaigh mé dhá gheansaí deas i mí Mheán Fómhair ó shiopa a thaitin go mór liom le linn dom a bheith ar cuairt ar California dhá bhliain ó shin. D’ordaigh mé an dá gheansaí le chéile agus d’íoc mé astu ag an am céanna ach ar chúis éigin bheartaigh an siopa iad a sheoladh chugam in dhá bheartán ar leith ar dhá dháta difriúil.

Thabharfadh an comhlacht iompair DHL na beartáin go Baile Átha Cliath agus chuirfidís ar aghaidh chuig An Post iad le seachadadh chugam.

D’oibrigh sin go breá do bheartán amháin, an dara ceann a seoladh chugam ach ní raibh radharc ar bith ar an gcéad cheann a cuireadh chun bealaigh chugam trasna an Atlantaigh.

Bhí eolas tugtha ag an siopa dom faoin gcóras rianaithe atá ag DHL agus uimhir thagartha ar leith don bheartán a bhí ar iarraidh.

Ba léir dom ón gcóras sin gur tháinig mo bheartán le DHL go Baile Átha Cliath ar an 27 Meán Fómhair agus gur thug DHL ar láimh é don mhol iompair ag 10.46 istoíche.

Dhá lá ina dhiaidh sin (29 Meán Fómhair) tugadh do An Post é ag 06:43 lena chur i láthair na n-údarás don ghnáth-imréiteach custam. Uair an chloig ina dhiaidh sin, ag 07.43, bhí sé ar ais i seilbh An Post gan aon dleacht ná cáin le n-íoc agamsa.

An tráthnóna sin rinneadh sórtáil ar an mbeartán ag mol iompair An Post agus fuair mé an teachtaireacht “Your delivery has been sorted in DUBLIN PARCEL HUB, DUBLIN 12” ag 16.40.

Agus leis sin, d’imigh mo gheansaí as radharc gan tásc nó tuairisc air ó shin.

D’fhan mé breis agus seachtain ach nuair nach raibh scéal ar bith faighte agam ar an 8 Deireadh Fómhair scríobh mé ríomhphost deas múinte chuig an siopa ag míniú an scéil.

Fuair mé freagra ó Alyssa ar an bpointe go raibh “brón” uirthi faoin moill agus gur léir di go raibh an beartán á shórtáil fós. Dúirt sí go mbíonn roinnt ama ag teastáil ó lucht custaim in amanna le próiseáil a dhéanamh ar bheartáin agus nach ar an siopa a bhí an locht faoi sin.

Mhol sí dom “to keep a close eye on your tracking information” agus gur ansin a bhí leigheas an scéil.

Scríobh mé ar ais ar an bpointe ag míniú athuair go raibh an beartán glanta le seachadadh ag lucht custaim naoi lá roimhe sin agus gur ina dhiaidh sin a chuaigh sé amú. An bhféadaidís siúd aon chabair a thabhairt dom?

“What a great question!” an freagra a fuair mé uaithi an uair seo agus is ar Covid-19 a bhí an locht anois. Bíonn moill ar phróiseáil beartán dá bharr, a dúirt sí. Ar ndóigh, bhí an beartán eile a seoladh chugam níos deireanaí faighte agam i bhfad roimhe sin ach tarlaíonn sin in aimsir seo na paindéime, dar léi. Bhí sí breá sásta “to flag this to our Logistics Team” féachaint an mbeadh aon mholadh acusan.

Junus ón siopa a tháinig i dteagmháil liom an lá dár gcionn faoin mbeartán. “I’m happy to say that this has arrived in Ireland, and DHL has passed this off to your local post office”. Ar ndóigh, seo an t-eolas céanna a bhí tugtha agam féin dóibh cheana féin agus ba ina dhiaidh sin a chuaigh an geansaí ar strae.  Ach bhí ráite liom ag Junus go mbeadh “fáilte mhór” romham teagmháil a dhéanamh arís leo dá mbeadh aon fhadhb eile agam!

Mhínigh mé an scéal ar fad go foighneach arís, go raibh an beartán ar iarradh ó thug lucht custaim do An Post é ar an 29 Meán Fómhair. Mhínigh mé nár cheadaigh córas rianaithe An Post domsa aon rud eile a dhéanamh faon gcás agus gur fúthusan a bhí sé an cás a phróiseáil. Mar mhalairt air sin d’fhéadfaidís mo chuid airgid a aisíoc liom. Níor cheart gur mise a bheadh as póca mura bhféadfaidís siúd earra a sheachadadh mar is ceart chugam.

Kimberley a tháinig i dteagmháil liom an uair seo. Ar Covid-19 agus an méadú mór ar bheartáin a bhí an locht arís. “The best course of action we advise is to contact your local post to determine the whereabouts of the package in their possession. They are also your best point of contact for any questions pertaining to delivery” a dúirt sise. Ba léir nár thuig sí gurb iadsan seachas mise a chaithfeadh dul i mbun tóraíochta. D’fhéadfainn éileamh ar aisíoc a dhéanamh le DHL tar éis 45 lá ach laistigh de 90 lá, a mhol sí.

Le DHL? Nár thug siadsan an beartán ar lámh do An Post ar an 29 Deireadh Fómhair?  Bhí ag teip ar mo chuid foighne anois!

Mhínigh mé arís nach raibh an beartán ag DHL agus gur faoin siopa féin a bhí sé a chinntiú gur seachadadh chugam mar is ceart aon rud a ceannaigh mé uathu. Bhí rogha shimplí go maith le déanamh acu – mo bheartán a aimsiú nó an t-airgead a aisíoc liom.

“Our internal department is currently investigating the package’s whereabouts, but unfortunately we have limited visibility on packages once they are in the possession of the local courier, and can’t issue a refund for items that are confirmed to be in transit,” a dúirt Kimberley an uair seo.

Bheadh sí i dteagmháil arís liom dá mbeadh tuilleadh eolais aici, a dúirt sí.

Thóg an fiosrú a bhí ar bun acu mí orthu sular chuala mé arís uathu – ó Shaunna an uair seo.

Dheimhnigh sise go raibh mo bheartán “marked as undeliverable and has been returned to sender”, sé sin seolta ar ais go California.

Bheadh suas le 14 seachtain i gceist sula bhféadfaidís mo chuid airgid a aisíoc liom. Sea, 14 seachtain – sin trí mhí.

Scríobh mé arís chucu ag rá go raibh sé míréasúnta a bheith ag fanacht ar feadh trí mhí nuair a bhí sé deimhnithe acu féin nár seachadadh an beartán chugam agus nach ndéanfaí sin anois ó tharla é a bheith ar a bhealach trasna an Atlantaigh arís.

Ar an Luan seo caite fuair mé ríomhphost – ó Dayna an uair seo – ag míniú go raibh ‘eisceacht’ déanta acu an uair seo agus go n-aisíocfaí mo chuid airgid liom. Bhí an t-airgead ar ais i mo chuntas roimh dheireadh na seachtaine.

D’fhéadfá a rá gurb é freagra an scéil earraí Éireannacha a cheannach i gcónaí ach, ar ndóigh, is laistigh d’Éirinn féin a chuaigh mo gheansaí ar strae.

Tá mo bhuíochas tuillte ag Alyssa, Junus, Kimberley, Shaunna agus Dayna ach tá muid anois ar ais san áit ar thosaigh muid, am agus fuinneamh curtha amú agus mé fós gan an geansaí deas sin a shantaigh mé.

Tá ceacht foghlamtha agam, ar aon nós – ní go héasca a ghéillfidh mé arís don chathú ceannach thar sáile.

Fág freagra ar 'Formhór an ama oibríonn an tsiopadóireacht ar líne go maith, ach seo mar a tharla domsa le déanaí…'

  • Pól Ó Braoin

    B’shin an chontúirt mhór atá ann, Sara. Má bhím ag ceannach ar líne is le paypal agus in Éirinn amháin a cheannaím agus mara mbíonn fáil anseo air déanfaidh mé gan é…
    Mara mbíonn rogha paypal acu, fágfaidh mé iad den chuid is mó. Cosaint mhaith atá sa paypal, cheapfainn.
    Tá an t-ádh leat do chuid airgid a fháil ar ais ar chor ar bith.
    Alt álainn spéisiúil agus foláireamh maith tugtha dúinn agat, bail ó Dhia ort.

  • Tash

    An ceart ar fad agat a Phól maidir le PayPal.
    Chomh maith le sin, bheinn drogalach aon rud a cheanach ar líne ón US. Bíonn sé i bhfád níos sábhaltaí níthe a cheannacht ón AE ar líne. Tá an dlí ar do thaobhsa san AE, ach níl an scéal mar an gcéanna sa US.