![]()
Tá iarratais á lorg ag Ollscoil na Gaillimhe ar Róil Tacaíochta Gairmiúla (Cúntóir Riaracháin, Grád 3). Is deis den scoth iad na róil seo do dhaoine atá fuinniúil agus eagraithe tacaíocht ghairmiúil a chur ar fáil ar fud na hOllscoile sna Scoileanna Acadúla, sna hAonaid Tacaíochta Gairmiúla agus sa Leabharlann, i measc áiteanna eile.
Cuirfear painéal iarrthóirí le chéile a n-earcófar daoine uaidh amach anseo ar bhonn buan agus sealadach, lánaimseartha agus páirtaimseartha.
Cuideoidh na ceapacháin seo linn Plean Straitéiseach na hOllscoile, a bhfuil tuilleadh eolais le fáil anseo faoi, a chur i bhfeidhm: Strategy | Straitéis 2025-30 – Ollscoil na Gaillimhe
In Ollscoil na Gaillimhe, déanaimid ceiliúradh ar an éagsúlacht agus creidimid go mbeidh peirspictíochtaí, buanna agus cuir chuige uathúla ag gach iarrthóir a chuirfidh le pobal na hOllscoile. Molaimid go láidir go dtiocfadh iarratais ó gach cúlra beag beann ar chine, reiligiún, bunadh eitneach, inscne, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ballraíocht de Phobal na dTaistealaithe, claonadh gnéis, míchumas nó aois.
Is mór againn an tsolúbthacht agus aithnímid go bhfuil cothromaíocht oibre is saoil riachtanach. Cuirimid socruithe solúbtha oibre ar fáil, lena n-áirítear roghanna hibrideacha, chun freastal ar riachtanais éagsúla na foirne.Tá níos mó i gceist lenár dtiomantas don chuimsitheacht ná díreach earcaíocht agus cothaímid timpeallacht oibre chairdiúil thacúil, timpeallacht ina bhfuil luach agus meas ar gach stíl oibre. Bí linn chun ionad oibre a mhúnlú ina mbeidh rath ar an éagsúlacht, ar an gcruthaitheacht agus ar an gcomhoibriú.
Déan iarratas ar líne anseo: Poist – Ollscoil na Gaillimhe.
Má tá ceisteanna neamhfhoirmiúla agat, seol ríomhphost chuig: hradminpanel@universityofgalway.ie
Tuarastal: €43,274 – €59,995 sa bhliain, pro rata i gcás róil pháirtaimseartha/ghearrthéarmacha agus de réir théarmaí agus choinníollacha QA321, Polasaí Luacha Saothair na hOllscoile.
Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) an 18 Márta 2026. Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a chur san áireamh.