Folúntais d’aistritheoirí le Europus

Mar thoradh ar chonradh nua atá bainte amach ag an gcomhlacht le ceann d’Institiúidí na hEorpa is mian linn cur leis an bhfoireann bhuan chomh maith le líon na saoraistritheoirí a n-oibrímid leo


Tá Europus ag cur seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe den chéad scoth ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí, do na meáin náisiúnta agus do na hInstitiúidí Eorpacha le beagnach 30 bliain. Mar thoradh ar chonradh nua atá bainte amach ag an gcomhlacht le ceann d’Institiúidí na hEorpa is mian linn cur leis an bhfoireann bhuan chomh maith le líon na saoraistritheoirí a n-oibrímid leo.

AISTRITHEOIRÍ FAOI OILIÚINT (2)

Is mian le Europus beirt aistritheoirí faoi oiliúint a fhostú a bheidh lonnaithe in oifig an chomhlachta ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Cuirfear treoir agus oiliúint ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo i ngach réimse den aistriúchán, de theicneolaíocht an aistriúcháin agus de chruinneas na Gaeilge.

Riachtanach:

  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal
  • Sárscileanna Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha
  • Sárscileanna ríomhaireachta
  • Sárscileanna eagrúcháin, cumarsáide agus in ann oibriú as a stuaim féin

Inmhianaithe:

  • Iarchéim san Aistriúchán

Conradh bliana a bheidh i gceist ar dtús ach d’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse sin ina dhiaidh sin.

Chun iarratas a dhéanamh seol CV chuig sinead@europus.ie faoin 16 Feabhra 2024.

Tuilleadh eolais anseo.


Tá Europus ag cur seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe den chéad scoth ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí, do na meáin náisiúnta agus do na hInstitiúidí Eorpacha le beagnach 30 bliain. Mar thoradh ar chonradh nua atá bainte amach ag an gcomhlacht le ceann d’Institiúidí na hEorpa is mian linn cur leis an bhfoireann bhuan chomh maith le líon na saoraistritheoirí a n-oibrímid leo.

AISTRITHEOIRÍ OILTE (2)

Is mian le Europus beirt aistritheoirí oilte a fhostú a bheidh lonnaithe in oifig an chomhlachta ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe le dul ag obair ar ábhar aistriúcháin ó Institiúidí na hEorpa.

Riachtanach:

  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal
  • Taithí dhá bhliain ar a laghad san aistriúchán
  • Taithí ar uirlis CAT– MemoQ nó Trados
  • Cleachtadh ar thaighde a dhéanamh ar théarmaí agus eile mar a bhaineann leis an aistriúchán

Inmhianaithe:

  • Iarchéim san Aistriúchán
  • Séala Creidiúnaithe an Aistritheora
  • Taithí ar ábhar aistritheoirí eile a athbhreithniú
  • Taithí ar ábhar ó Institiúidí na hEorpa

Conradh 2 bhliain a bheidh i gceist ar dtús ach d’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse sin ina dhiaidh sin.

Íocfar pá tarraingteach de réir taithí agus cumais.

Chun iarratas a dhéanamh seol CV chuig sinead@europus.ie faoin 16 Feabhra 2024.

Tuilleadh eolais anseo.


Tá Europus ag cur seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe den chéad scoth ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí, do na meáin náisiúnta agus do na hInstitiúidí Eorpacha le beagnach 30 bliain. Mar thoradh ar chonradh nua atá bainte amach ag an gcomhlacht le ceann d’Institiúidí na hEorpa is mian linn cur leis an bhfoireann bhuan chomh maith le líon na saoraistritheoirí a n-oibrímid leo.

SAORAISTRITHEOIRÍ

Riachtanach:

  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal agus taithí dhá bhliain ar a laghad san aistriúchán
  • Taithí ar uirlis CAT– MemoQ, nó Trados – cuirfear ceadúnas saoraistritheora MemoQ ar fáil
  • Cleachtadh ar thaighde a dhéanamh ar théarmaí agus eile mar a bhaineann leis an aistriúchán
  • Cleachtadh ar na sruthanna oibre a bhaineann le hábhar a sholáthar go seachtrach

Seol CV chuig europuseutranslation@europus.ie más suim leat glacadh le hobair ar bhonn seachtrach.

Tuilleadh eolais anseo.