Foláirimh aimsire fógartha agus an Stoirm Amy ag déanamh ar Éirinn

Tá foláireamh buí báistí agus gaoithe eisithe ag Met Éireann don lá amárach agus arú amárach

Foláirimh aimsire fógartha agus an Stoirm Amy ag déanamh ar Éirinn

Pic: Sasko Lazarov/ RollingNews.ie

Tá sé á thuar ag Met Éireann gur amárach a bhuailfidh an chéad stoirm an séasúr seo an tír seo agus Amy baiste uirthi. Tá foláireamh tugtha go dtabharfaidh Amy báisteach agus gaoth a bhfuil stádas buí leo buí chun na tíre amárach agus Dé hAoine.

Tiocfaidh an foláireamh buí báistí i bhfeidhm i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan chomh maith le trí chontae eile, Dún na nGall, Longfort agus Cabhán, óna 6am maidin amárach go dtí a 8.00pm tráthnóna. Níos troime a bheidh an fhearthainn i gCiarraí mar is rabhadh oráiste atá fógartha don Ríocht óna 6.00am amárach.

Beidh sé ina bháisteach throm i gcuid mhaith den tír amárach agus ag meán lae ar an Aoine a thiocfaidh an foláireamh buí gaoithe i bhfeidhm don tír ar fad agus seasfaidh an foláireamh sin go dtí meán oíche ar an Satharn.

Chugainn leis an stoirm Amy beidh gaoth láidir a mbeidh nach mór fórsa gála léi agus siotaí tréana aniar aneas.

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar an bpobal go mbeidh cúrsaí taistil contúirteach mar go mbeidh smionagar is craobhacha á séideadh ar bhóithre is cosáin agus b’fhéidir crainnte leagtha.

Beidh an Satharn é féin gaofar agus siotaí gaoithe aniar ann cé go scalfaidh an ghrian scaití. Tá chuile chosúlacht air faoi láthair nach mbeidh aon bhun an aimsir an tseachtain seo chugainn ach an oiread.

Tá an liosta ainmneacha do stoirmeacha an tséasúir seo romhainn eisithe ag Met Éireann, i gcomhar le seirbhísí aimsire na Ríochta Aontaithe agus na hÍsiltíre. Inniu a thosaíonn an séasúr sin agus mairfidh sé go dtí an 31 Lúnasa 2026.

Seacht n-ainm a phioc Met Éireann do na stoirmeacha sin Bram, Fionnuala, Gerard, Kasia, Marty, Patrick agus Tadhg.

Tá ceithre stoirm déag eile ainmnithe freisin – Amy, Chandra, Dave, Eddie, Hannah, Isla, Janna, Lilith, Nico, Oscar, Ruby, Stevie, Violet agus Wubbo.

Fág freagra ar 'Foláirimh aimsire fógartha agus an Stoirm Amy ag déanamh ar Éirinn'