Foláireamh ó El Capitan faoin dochar atá á dhéanamh ag Trump

Tá agóidí á reáchtáil ar fud na Stát Aontaithe le himní a léiriú faoi na ciorruithe sa tseirbhís phoiblí atá faoi mhaoirseacht Elon Musk agus DOGE

Foláireamh ó El Capitan faoin dochar atá á dhéanamh ag Trump

Tá an charraig El Capitan i bpáirc Náisiúnta Yosemite, atá ar an teorainn idir California agus Las Vegas, os cionn 3,000 troigh ar airde. Tá sí maorga agus tugann na mílte aghaidh ar an láthair gach bliain go háirithe i mí Feabhra nuair a lonraíonn an ghrian ar bhealach draíochtúil ar an eas ag a barr.

Bhain foireann na páirce leas as na daoine sin a bheith ag triall ar an bpáirc an tseachtain seo le hagóid a dhéanamh in aghaidh chiorruithe an Uachtaráin Trump ar sheirbhísí poiblí agus aird a tharraingt ar a gcás.

Chroch an fhoireann brat na Stát Aontaithe ar El Capitan ach bhí an brat bunoscionn. Sin comhartha éigeandála nó géarchéime sna Stát Aontaithe, achainí ar chúnamh ó dhaoine atá i mbaol,de réir rialacha na brataí. Contúirt do dhaoine nó do mhaoin a bhíonn á fógairt nuair a tharlaíonn sé agus ní rómhinic é. Ní hin a bhí i gceist ag foireann Yosemite ach foláireamh faoin dochar atá á dhéanamh ag ciorruithe an Tí Bháin ar sheirbhísí poiblí.

Tá agóidí á reáchtáil ar fud na Stát Aontaithe le himní a léiriú faoi na ciorruithe sa tseirbhís phoiblí atá faoi mhaoirseacht Elon Musk agus DOGE [An Roinn Éifeachtúlachta Rialtais]. Tá sluaite ag cruinniú taobh amuigh de gharáistí Tesla ar fud na tíre lena míshástacht a chur in iúl. Tá cruinnithe poiblí á n-eagrú in áiteanna chomh fada óna chéile le Fort Lauderdale i Florida, Cleveland in Ohio agus San Bernadino i California.

Tá an pobal sna háiteanna seo ag impí ar a gcuid ionadaithe Comhdhála cur in aghaidh Trump, Musk agus a gcuid polasaithe. Ní i gceantair Dhaonlathacha amháin atá na cruinnithe sin ar siúl. ‘Do your job’, an rosc catha atá ag na daoine ag na cruinnithe ag iarraidh ar fheisirí Comhdhála seasamh in aghaidh na bhfógraí scoir atá faighte ag na mílte oibrí sa tseirbhís phoiblí agus orduithe faighte acu cur síos a dhéanamh ar a gcuid cúraimí oibre. Tá suas le 50,000 post ar fad i mbaol agus maoiniú do scoileanna agus Medicaid le laghdú.

Reáchtáladh an chéad chruinniú de chomhaireacht Trump an tseachtain seo agus tá súil le buiséad ón 14 Márta. Bhí Musk, nach bhfuil ról oifigiúil ar bith aige sa rialtas, i láthair. Idir an dá linn, tá an tUachtarán féin ag iarraidh airgead na Stát Aontaithe a fháil ar ais ón Úcráin agus de réir cosúlachta is beag aird atá aige ar an méid atá ar siúl ag DOGE agus Musk.

Tá an pobal ag iarraidh ar chomhaltaí i dTeach na nIonadaithe cur in aghaidh Trump agus go háirithe, ar na Daonlathaithe atá fós trína chéile ó aimsir an toghcháin. Beidh sé deacair acu – tá móramh ag na Poblachtaigh más beag féin é. Ní léir go bhfuil aon smaointe ag na Daonlathaithe seachas dul i muinín na gcúirteanna – tá 75 cás tugtha acu in aghaidh 35 ordú feidhmeach de chuid an Uachtaráin. Tá siad ag súil go seasfaidh na cúirteanna leo – ní haon dea-theistiméireacht ar a gcumas mar fhreasúra an méid sin.

Idir an dá linn, tá an pobal ag éirí feargach agus tá beart siombalach oibrithe Yosemite ina léargas ar an imní atá orthu. Bhuaigh Trump toghchán na Samhna ach ní raibh móramh chomh mór aige agus a thabharfadh an coláiste toghchánaíochta le fios. Níor chroch oibrithe poiblí i Meiriceá an bhratach bunoscionn cheana ón Spealadh Mór sna tríochaidí. Tús le feachtas eagraithe i measc na n-oibrithe ar fad a bhfuil Musk ag díriú orthu? Le beannacht Trump? Ní maith le Trump nuair a thugann daoine a dhúshlán – caithfidh sé dul i dtaithí air más comhartha na hagóidí atá ag méadú agus ag neartú agus gan céad lá caite aige in oifig go fóill.

Fág freagra ar 'Foláireamh ó El Capitan faoin dochar atá á dhéanamh ag Trump'

  • Criostóir

    Tá Yosemite na céadta míle ó Las Vegas. Ní hionann Las Vegas agus Nevada.