Foireann ghailf as an nGaeltacht ag imirt i mbabhta ceannais comórtais náisiúnta

Tabharfaidh Cumann Oileáin Chonamara aghaidh ar imreoirí as Cumann Gailf Aonach Urmhumhan agus iad san iomaíocht do Chorn Fred Perry

Foireann ghailf as an nGaeltacht ag imirt i mbabhta ceannais comórtais náisiúnta

Jimmy Duggan, Cathaoirleach Chonnacht ar Golf Ireland ag bronnadh bratainn an chúige sin ar chaptaen fhoireann Ghalfchumann Oileáin Chonamara, Micheál Ó Cartúir. Chun deiridh (ó chlé): Stiofán Ó Cualáin, Conor Ó Máille, Pádraic Ó Conghaile, Vince Larkin, Micheál Ó Cartúir, Jimmy Duggan, Seosamh Ó Cualáin, Nollaig Ó Tighearnaigh, Seán Ó Cualáin, Micheál Ó Braonáin. Chun tosaigh; Dónal Standún, Éamonn O’Brien, Joe Geoghegan agus Liam Ó Maolaodha

Beidh foireann as Galfchumann Oileáin Chonamara san iomaíocht i gceann de bhabhtaí ceannais chomórtas Golf Ireland (GUI mar a bhíodh) an tseachtain seo chugainn. Tabharfaidh Cumann Oileáin Chonamara aghaidh ar imreoirí as Cumann Gailf Aonach Urmhumhan agus iad san iomaíocht do Chorn Fred Perry ar chúrsa an Leathrois i gContae Shligigh.

Bronntar Trófaí Fred Perry, iar-uachtarán de chuid an GUI, ar sheaimpíní na hÉireann sa ngrád dóibh siúd a bhfuil 55 bliain sáraithe acu agus is iad Galfchumann Aonach Urmhumhan a bheas in aghaidh mhuintir Chonamara sa gcomórtas a thiocfaidh chun críche ar chúrsa an Leathrois Déardaoin na seachtaine seo chugainn.

Bíonn ocht gcinn de réigiúin san iomaíocht, Connachta, Cúige Laighean atá roinnte ina thrí réigiún agus péire an ceann i gCúige Mumhan agus i gCúige Uladh.

Faoi bhealach tá an bua faighte ag imreoirí Ghalfcumann na nOileán ar chumainn as an gCreig Mhór, Uachtar Ard, Gort Inse Guaire, An Dún Mór agus an Leathros. I mbabhta leathcheannais na hÉireann bhí fíorchoimhlint idir iad agus an Teampall Mór nuair ab éigean poill bhreise a imirt i bpéire de na cluichí.

Tá Uachtarán an Chumainn Liam Ó Maolaodha ar dhuine de na himreoirí  freisin.

“Casadh Fred Perry orm uair, nuair a bhíomar ag oscailt galfchúrsa nua i mBaile na Cradóige sa Nás i 1993 sular bhog mé go Conamara. Bhí Fred ann le hionadaí an GUI, Declan Howley agus ba chomhluadar breá é ar an gcúrsa agus arís eile sa gClubtheach ina dhiaidh. Is aige a bhí na scéalta,” a deir Liam.

“Ócáid mhór stairiúil” í seo don Chumann Gaeltachta, a deir Macdara Mac Fhlannacha, Captaen Ghalfchumann Oileáin Chonamara.

“Club beag muid ar imeall na tíre agus gan ach beagán faoi bhun 100 ball againn. Mar sin tógann sé iarracht ollmhór le bheith páirteach ag leibhéal náisiúnta, tá gaisce déanta ag na buachaillí seo.”

Tá baill an chumainn scaipthe thart ar fud Chonamara agus isteach go Cathair na Gaillimhe.

As an Spidéal é Leas-Chaptaen an chumainn, Pádraic Kelly, a deir go bhfuil “spiorad an chumainn ardaithe ag an bhfoireann seo” agus an cumann go léir “go mór faoi chomaoin acu”.

“Tá muid thar a bheith buíoch freisin do lucht a leanta; cá bhfios nach mbeadh ábhar cheiliúradh againn ag deireadh na míosa?” a deir an Ceallach.

Ba i 1995 a tógadh cúrsa Ghalfchumann Oileáin Chonamara in Eanach Mheáin.

Cúrsa naoi bpoll atá ann, a bhfuil aghaidh ghaoth an Atlantaigh air ó chuile thaobh.

Fág freagra ar 'Foireann ghailf as an nGaeltacht ag imirt i mbabhta ceannais comórtais náisiúnta'