Fógra faoi cheapachán Coimisinéara Teanga nua le déanamh ‘sna seachtainí romhainn’ – Aire na Gaeltachta

Agus í ag labhairt sa Dáil inné, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh deireadh curtha leis na hagallaimh don phost an tseachtain seo agus go bhféadfadh go mbeadh scéal le fógairt sula i bhfad

Fógra faoi cheapachán Coimisinéara Teanga nua le déanamh ‘sna seachtainí romhainn’ – Aire na Gaeltachta

Deir Aire na Gaeltachta go bhféadfadh go mbeadh fógra faoi cheapachán Coimisinéara Teanga nua “sna seachtainí romhainn”.

Tá folúntas ann do Choimisinéir Teanga ó mhí Feabhra tar éis don iarChoimisinéir éirí as an bpost.

Agus í ag labhairt sa Dáil inné, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh deireadh curtha leis na hagallaimh don phost an tseachtain seo agus go bhféadfadh go mbeadh scéal le fógairt sula i bhfad.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Catherine Connolly, dúirt an tAire nach bhféadfadh sí a rá cén lá go díreach a bhfógrófaí an ceapachán ach go raibh an próiseas earcaíochta ag teacht chun deiridh.

“Tá an próiseas beagnach críochnaithe anois. Tá súil agam go mbeidh muid in ann [ceapachán] a fhógairt sna seachtainí atá romhainn,” a dúirt an tAire.

“Tá sé tugtha le fios ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go raibh na hagallaimh dheiridh le tarlú ar an 12 Iúil agus go mbeadh na torthaí ar eolas an lá dár gcionn. Is dea-scéal é sin. Cuirfear moladh faoin té atá le ceapadh faoi bhráid an Rialtais ar dtús agus ansin faoi bhráid Uachtarán na hÉireann.”

Tá gach seans ann go mbeidh an fómhar ann sula mbeidh Coimisinéir Teanga nua ann, áfach, agus an ceapachán le faomhadh ag an Rialtas agus ag an Uachtarán agus d’fhéadfadh go mbeadh ar an iarrthóir a roghnófaí fógra idir 1-3 mhí a thabhairt sa phost ina bhfuil faoi láthair.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go raibh bearna rófhada ann idir fógra an iarChoimisinéara, Rónán Ó Domhnaill, i mí Eanáir go raibh sé ag éirí as agus tús an phróisis earcaíochta i mí Bealtaine.

“Tá ceithre mhí caillte agus fós níl aon dáta againn do Choimisinéir Teanga [nua],” a dúirt Ó Snodaigh.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, an chéad Choimisinéir Teanga a bhí ag an stát, le Tuairisc roimhe seo “gur náire shaolta” a bhí sa mhoill a bhain le ceapachán an chéad choimisinéara eile

Dúirt Ó Cuirreáin freisin go raibh sé in amhras faoin maíomh go bhféadfaí cumhachtaí an Choimisinéara “a tharmligean” le foireann na hoifige fad is atáthar ag fanacht le líonadh an fholúntais, mar atá ráite ag Roinn na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Fógra faoi cheapachán Coimisinéara Teanga nua le déanamh ‘sna seachtainí romhainn’ – Aire na Gaeltachta'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Is cuma ann nó as a leithéid!

  • Colm

    Mícheál, cén tír an bhfuil cónaí ort?