FOCAL IS FUAIM: Biddy Jenkinson ag léamh as a cnuasach filíochta Oíche Bhealtaine (Coiscéim 2005)

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is í Biddy Jenkinson atá againn

Biddy Jenkinson ag léamh as a cnuasach filíochta Oíche Bhealtaine (Coiscéim 2005)

A Small Rude Gesture

Laethanta
nuair a bhíonn lán na beilte agam
de bhoighreán Béarlóirí:

rammed down my neck at school…
… such a lovely language…
… why don’t you write in English?…
… we haven’t got a form in Irish yet…
… dead language…

déanaim mar a dhein an Daghda
nuair a d’ith sé
– ar son oineach a mhuintire,
ar son na cúise –
leite na bhFomhórach.
Ghlan sé lán coire den leite
– agus sa choire sin bhí ochtó galún leamhnachta agus a
cothrom mine agus geire; caorigh, muca agus gabhair –
go raibh sé ar tí pléasctha.

Chrom sé a mhéar ar bhun an choire
chun a chinntiú nach raibh graiseamal ar bith fágtha ann.
Ansin thug sé an mhéar dosna Fomhóraigh.

Margadh leis an mBé

Roghnaíos greann
seachas grá.

Bocht an ní.

Bior ar mo pheann,
diabhal dúigh im chroí.

Éin Cois Canálach

Colúir ag priocaireacht ar arán,
a gcloigne ag pramsach
mar ghlúna lucht rince,
sciatháin le sliasta.

Le coineascar,
eala aonair ar seachrán
i Lána na Suiríoch Thoir.
Faoileáin ag suirí.
Mála bán plaisteach
– an ghaoth bheo istigh ann –
á thíolacadh ag an gcoileach dá chearc.

Dódó ag spágáil léi síos Charlemont Mall
ag filíocht as Gaeilge,
ag feadaíl.

Píb mar an Eala

Táim trom ar dhán ‘tá thar ionú
is thiocfainn slán ach é a scríobh.
Do scéimh, a fhir, chuir mé as riocht.
Seoladh mo dháin, do mhaise a mhaíomh.

Táim teanntaithe cheal réamhshamplaí.
Caithfidh nach mbíodh fir Fáil insúl
nó bheidis molta ag mná. Is tú
grian fear Éireann gus inniu.

Is mé ag péinteáil, luím le gean
ar do ghiall crua, do ghrua nach mín.
Leathaim do bheola, snoím do smig.
Cuirim iallach ort gáirí.

Ach téim san abar i ngach dán.
An focal cruinn, ní hé is cuí.
Maorga blaoscán ar chanbhás
ach den chrosántacht riamh ‘plaitín’.

Níl fear gan méadal bheag
– nó mór – neadaithe faoi bhun scéithín.
Deonaigh, a Bhé, gur mé an bhean
a dhéanfaidh bolg a imscríobh.

Craiceann a chrochtar ina sheol,
ar chrann, is fear ag maistreadh tonn.
Cén chaoi ‘mbeadh sé mín mín,
lil is rós ag coimheascar ann?

Cuirse chugamsa, a Bhríd, a Bhé,

Samhlaoidí den scéim fhearúil.
Tógaim orm mo dhán a scríobh
díreach mar a thograíonn tú.

Tabhair dom nathanna dom nath,
ciútaí cainte, aidiachtaí…
Is mura dtoillfidh Seán im dhán
Seol Séamas i gcompal m’eangaí.

‘Croidhe seo á ghoid uainne’

Freagra ar dán a scríobh Mánas Ó Dónaill,
taoiseach Thír Chonaill, i dtús an 16ú haois

Cuirim gairm scoile ort
i mbéal na Samhna is geimhreadh chugainn.
Bí ag filíocht im bhoth
seachas id chillín in aontumha.

Tabhair dom do chroí ar iasach seal,
ón uair nach bhfuil croí agam féin.
– Iasacht d’iasachta a gheobhair uaim
gan a cochall léin –

Gléasfad a fhéithe fada ceoil.
Goinfead iad le faobhar
go gcaoinfir i ndíle mire cordaí
dubhaigéan

a sheolfair ar thromthéada suain
go seinnfead goileag ghéar
is go n-éireoir chun rince ar
achainí mo mhéar.

Óir níl dubh nach nglacfaidh gile
le taitneamh gréine
cláirseach nach rachaidh sna cranna ceoil
má labhraíonn céis.

Tabhair dom iasach de do chroí
ón uair go bhfuil dhá chroí id chléibh
nó seol mo chroí féin chugam ar ais
go scoil an léin.

Scéal do bhainise

do M. agus V. 25 Márta ’02

Scéal do bhainise
plúirín sneachta im ghairdín geimhridh,
péacadh samhaircín idir dhá lá síne.
Tá fiacha dubha ag éirí ar an ngála
is ag titim
i rothalchleasa grá, ag éamh
as tinneas seirce.
Canaim leo, id onóir.
Is geal gach dubh inniu,
is nua gach sean.

Corraíonn an chré faoi mo lámha garraíodóra.
Is leat gach fríd faoi mheidhir
faoi m’ingne smeartha
gach míol, gach drúichtín earraigh.
Is leat mo cheapach bláth, an eascairt, an beangán tais,
an bhachlóg shéidte, an síol a chuireann cos
i gcré, cos i dtaca, fréamh go lár.

Éiríonn bumbóg dá leaba gheimhridh
agus ólann sí ó chuach aitinn.
Do shláinte, a stór!
Titeann fras fearthainne.
Duitse an bogha síne
crochta thar bhéal an ghleanna.

Tabhair leat isteach do ghrá
faoin stua
go ndeargód leaba dhaoibh
im ghrianán solais.
Trí chuilce an earraigh romhaibh:
an chraobh thúise,
luachair Bhríde,
cáitheadh pailine ón gcoll.

Gluaiseadh an solas chugaibh le fána
de dhroim raithní rua,
de dhroim cíbe, teilgthe ag an gcuileann.
Tá cór na n-éan faoi réir, is ar bhur dteacht,
brisfidh tonn ceoil an earraigh.

Dílis

Mise bean na dtrí mbó,
As mo bhólacht táim teann:
Fearb na mbeannacht,
an Ghlas Ghaibhleann,
an Droimeann Donn.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Biddy Jenkinson ag léamh as a cnuasach filíochta Oíche Bhealtaine (Coiscéim 2005)'