‘Foc thú, a Greta’ –  an cath i gcoinne athrú na haeráide ina chogadh cultúrtha

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá cogadh cultúrtha ar bun faoin athrú aeráide ach sa chogadh seo tá todhchaí an phláinéid idir dhá cheann na meá agus ní ceadmhach fanacht ar an gclaí

‘Foc thú, a Greta’ –  an cath i gcoinne athrú na haeráide ina chogadh cultúrtha

‘FUCK YOU GRETA’ a bhí scríofa i litreacha móra bána ar chúl an Dodge Ram dubh.

Maidin Lá na Bliana Nua a bhí ann agus bhí an Saoithín Aeráide ag rothaíocht leis ó thuaidh, óna bhaile dúchais san Ísiltír go dtí an chéad bhaile eile, mar a bhfuil cónaí ar a mháthair in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.

Bhuel, athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise daoibh féin chomh maith, a leibidí, a smaoinigh an Saoithín Aeráide agus é ag rothaíocht thar an trucailín. Ba í 2023 an bhliain ba theo agus ba fhliche in Iarthar na hEorpa ó tosaíodh ag coinneáil taifead, agus a bhuíochas le daoine cosúil le húinéirí an trucailín sin, gach seans go mbeidh 2024 níos teo agus níos fliche fós.

Ní rachaidh trucailín Dodge Ram ach cúig chiliméadar ar lítear breosla. Chun é sin a chur i gcomhthéacs: tá busanna ann a úsáideann níos lú breosla ná sin.

Cinnte, níl an Saoithín Aeráide féin gan locht ó thaobh aschur CO2 de. Mar gheall ar chúrsaí teaghlaigh, bíonn sé ag tógáil an eitleáin i bhfad rómhinic – ach ní bhíonn T-léine agus ‘Foc thú, a Greta’ clóite uirthi á caitheamh aige agus é ag taisteal in eitleán.

Tá difear idir dochar a dhéanamh don aeráid toisc go bhfuilimid ar fad gafa i gcóras atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise nach féidir a athrú thar oíche, agus dochar a dhéanamh don aeráid agus a bheith ag déanamh gaisce faoi.

Beidh an Saoithín ionraic libh: lig sé scairt gháire as nuair a chonaic sé an mana sin ar chúl an Dodge Ram ar dtús. Ní fhéadfaí a shéanadh go raibh tuiscint úinéirí an trucailín sin ar an tarcaisne inchurtha leis an tuiscint atá ag Greta Thunberg féin ar an gcineál sin grinn (gan dabht chuirfeadh sí ‘small dick energy’ i leith úinéirí an Dodge Ram dá bhfeicfeadh sí ag dul thar bhráid iad, mar a chuir sí i leith an tionchaire Andrew Tate thiar in 2022)

Ach de réir mar a bhí an Saoithín ag druidim leis an trucailín (bhí na litreacha chomh mór sin go bhféadfaí an téacs a léamh ó i bhfad) tháinig fearg as cuimse air. Gan trácht ar an bhfuath ar na mná a bhí le sonrú ar an bhfrása (ach ansin arís, cá bhfios nár mhná iad úinéirí an trucailín?) ba é an rud ba mhó a chuir as don Saoithín ná an chaoi a bhfuil an cath i gcoinne athrú na haeráide iompaithe ina chogadh cultúrtha.

Gan dabht níl lucht cosanta na haeráide féin gan locht sa scéal sin, ach íosphointe nua a bhí sa mhana úd ar chúl an Dodge Ram; léiriú, ar mhí-ámhraraí an tsaoil, ar an gcaoi a bhfuil an dioscúrsa poiblí ag dul chun gairbhe, ní hamháin san Ísiltír ach ar fud an domhain.

Ach i gcogadh ina bhfuil todhchaí an phláinéid idir dhá cheann na meá, ní ceadmhach fanacht ar an gclaí. Tharla go raibh úll á ithe ag an Saoithín Aeráide agus é ag rothaíocht thar bráid, agus chaith sé croí an úill i gcúl an trucailín.

Urchar ar son na cúise, mar a déarfadh daoine áirithe.

Fág freagra ar '‘Foc thú, a Greta’ –  an cath i gcoinne athrú na haeráide ina chogadh cultúrtha'

  • Indrek Ois

    Maith thú, a Shaoithín Aeráide! :) Cá bhfios nach ar chúiseanna oibre a bhí an fheithicil sin á húsáid ag an úinéir, ach chuile sheans go raibh ‘duais an úill lofa’ tuillte go maith aige agus a leithéid de mhana ar a thrucailín …